Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ceisteanna coitianta i dtaobh athdhearadh na nótaí bainc euro

Nuashonraithe an 15 Iúil 2025

C1 Cén fáth a dteastaíonn nótaí bainc nua uainn?

Déanann gach banc ceannais a nótaí bainc a uasghrádú go rialta nó cinn nua a fhorbairt chun góchumadóirí a dhíspreagadh. Tugadh isteach an chéad sraith de nótaí bainc euro breis agus 20 bliain ó shin agus chuaigh an dara sraith i gcúrsaíocht in 2013. Táimid anois i mbun na nótaí bainc euro a a bheidh i gcúrsaíocht amach anseo a fhorbairt. Is deis é seo ár nótaí bainc a bheith níos tarraingtí agus níos ionchuimsithí, agus luí breise a bheith ag pobal na hEorpa trí chéile leo, daoine a bhfuil lagú amhairc orthu ina measc.

Is mian linn freisin go mbeadh na nótaí bainc euro chomh hinbhuanaithe agus chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir, mar sin táimid ag féachaint ar dheiseanna chun a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú.

C2 Cén fáth a dteastaíonn dearadh nua uainn do na nótaí bainc?

Is siombail infheicthe, inláimhsithe ar aontacht na hEorpa iad na nótaí bainc euro agus is fúinne atá sé iad a choimeád cothrom le dáta. Breis agus 20 bliain ó tugadh isteach na chéad nótaí bainc euro, tá athbhreithniú á dhéanamh againn anois ar a ndearadh faoi chuimsiú gnáthphróiseas forbartha. I gcomhréir le straitéis airgid thirim an Eurochórais, tá sé leagtha romhainn againn nótaí bainc mealltacha euro a fhorbairt a mbeidh dámh ag saoránaigh na hEorpa leo.

C3 Cén fáth anois? An é seo an t-am ceart chun sraith nótaí bainc nua a fhorbairt?

Tógann sé roinnt blianta nótaí bainc nua a fhorbairt, a tháirgeadh agus a chur i gcúrsaíocht ar fud an limistéir euro. De ghnáth, cuirtear nótaí bainc nua i gcúrsaíocht uair gach deich go cúig bliana déag chun slándáil agus athléimneacht a neartú agus chun fanacht chun tosaigh ar ghóchumadóirí. Ní mór tús a chur leis an bpróiseas luath go leor le bheith faoi réir nuair a dhéantar cinneadh sraith nua a sheoladh.

C4 Conas a oibríonn an próiseas athdheartha do na nótaí bainc nua?

Tá dhá chéim i gceist le hathdhearadh na nótaí bainc euro:

  1. Ag roghnú téamaí agus móitífeanna le haghaidh nótaí bainc euro a bheidh i gcúrsaíocht amach anseo.
    1. Choimisiúnaíomar staidéar chun dul i gcomhairle le saoránaigh na hEorpa i ngrúpaí fócais faoina dtuairimí ar théamaí a d’fhéadfaí a áireamh sna nótaí bainc amach anseo. Bhí na torthaí ina n-ionchur do na céimeanna ina dhiaidh sin.
    2. Ghearrliostaigh Comhairle Rialaithe BCE seacht dtéama, lena n-áirítear sé thogra ón Ghrúpa Comhairleach na dTéamaí (grúpa saineolaithe arna n-ainmniú ag bainc cheannais náisiúnta an Eurochórais agus arna gceapadh ag an mBanc Ceannais Eorpach).
    3. Tugadh an deis do shaoránaigh Eorpacha a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis na seacht dtéama ar an ngearrliosta i suirbhé a rinne cuideachta sheachtrach thaighde i dtíortha uile an limistéir euro agus i suirbhé ar líne a rinne an Banc Ceannais Eorpach.
    4. Ón ngearrliosta sin roghnaigh an Chomhairle Rialaithe dhá théama a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh nótaí bainc amach anseo, agus torthaí na suirbhéanna á gcur san áireamh.
    5. Roghnaigh Comhairle Rialaithe BCE móitífeanna ansin chun léiriú a thabhairt ar na téamaí féideartha ó thograí a d’fhorbair Grúpa Comhairleach na dTéamaí (grúpa saineolaithe arna bhunú ag BCE).
  2. Dearaí nua a fhorbairt le haghaidh nótaí bainc euro
    1. Tar éis do Chomhairle Rialaithe BCE na téamaí agus na móitífeanna nua féideartha a roghnú, seoladh comórtas deartha.
    2. Tabharfar an deis do shaoránaigh na hEorpa a dtuairimí a chur in iúl maidir le roinnt áirithe dearaí in 2026.
    3. Meastar go ndéanfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh maidir leis an dearadh nua i dtreo dheireadh 2026.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar leathanach gréasáin an phróisis athdheartha.

C5 Cén fáth ar roghnaigh sibh “Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin” mar théamaí féideartha do na nótaí bainc amach anseo?

Táimid ag éisteacht le tuairimí shaoránaigh na hEorpa ó thús deireadh an phróisis athdheartha. Roghnaíodh na téamaí de réir torthaí suirbhéanna pobail (féach Q11) agus le cabhair ó ghrúpa comhairleach neamhspleách.

Léirigh torthaí na suirbhéanna is déanaí uainn tacaíocht láidir do na téamaí ‘‘Cultúr na hEorpa”, “Aibhneacha: uiscí na beatha san Eoraip’’ agus “Éin: saor, cróga, spreagúil’’. D’fhonn roghanna an phobail a léiriú ar bhealach chomh leathan agus is féidir, chinn an Chomhairle Rialaithe téamaí a bhaineann leis an dúlra agus leis an gcomhshaol a chur le chéile in aon téama amháin ar a dtugtar “Aibhneacha agus éin”. Dá bhrí sin, táimid ag bogadh ar aghaidh le dhá théama: “Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin”.

C6 Conas a chinn sibh na móitífeanna do na nótaí bainc a bheidh ann amach anseo?

In 2024, chuir BCE de chúram ar ghrúpa saineolaithe neamhspleách, Grúpa Comhairleach na Móitífeanna, móitífeanna a mholadh chun léiriú grinn a thabhairt ar na téamaí a roghnaíodh roimhe seo. Is saineolaithe iad comhaltaí an Ghrúpa ar ábhair éagsúla a bhaineann leis an dá théama. Ag tús 2025, i gcomhréir le comhairle an Ghrúpa agus a cuid pléití féin, chinn an Chomhairle Rialaithe an dá théama roghnaithe agus sraith móitífeanna do gach ceann acu a áireamh sa chomórtas deartha.

C7 Cad é amlíne an chomórtais deartha?

Reáchtálfar an comórtas deartha, a seoladh an 15 Iúil 2025, ina dhá chéim.

  1. Sa chéad chéim, iarrtar ar dhearthóirí grafaicí atá ina gcónaí san Aontas Eorpach a n-iarratais a chur isteach faoi 12:00 CET an 18 Lúnasa. Cuirfear toradh na meastóireachta in iúl do gach iarratasóir. Tá sé beartaithe suas le 40 dearthóir (20 in aghaidh an téama) a roghnú.
  2. Sa dara céim, beidh thart ar chúig mhí ag na dearthóirí roghnaithe a dtograí dearaidh a chur isteach lena measúnú ag Giúiré an Chomórtais Deartha. Tiocfaidh deireadh leis an gcomórtas nuair a roghnóidh Giúiré an Chomórtais Deartha suas le deich ndearadh (cúig cinn in aghaidh an téama).

Meastar go ndéanfaidh an Chomhairle Rialaithe an cinneadh deiridh maidir leis na dearaí faoi dheireadh 2026, tar éis suirbhé poiblí.

C8 Cé atá in ann páirt a ghlacadh sa chomórtas deartha agus conas is féidir leo?

Tá an comórtas deartha oscailte do dhearthóirí grafaicí a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach agus a chomhlíonann na critéir incháilitheachta. Chun eolas mionsonraithe a fháil faoi na daoine a fhéadfaidh páirt a ghlacadh agus conas páirt a ghlacadh ann, féach doiciméadacht oifigiúil an chomórtais.

C9 Conas a roghnaíodh comhaltaí na ngrúpaí saineolaithe éagsúla?

Chun cabhrú leis na céimeanna éagsúla den phróiseas athdheartha, bunaíodh trí ghrúpa saineolaithe neamhspleácha: Grúpa Comhairleach na dTéamaí, Grúpa Comhairleach na Móitífeanna agus Giúiré an Chomórtais Deartha. Tá speisialtóirí ó gach cearn den Eoraip ar na grúpaí sin, agus iad ag déanamh ionadaíocht ar réimsí éagsúla amhail dearadh, stair, litríocht, eolaíocht, na healaíona agus an saol acadúil, agus deimhin á dhéanamh de go bhfuil raon leathan saineolais agus peirspictíochtaí ar fáil don phróiseas. Ba iad bainc cheannais náisiúnta an Eurochórais a d’ainmnigh na saineolaithe agus ba é an Banc Ceannais Eorpach a cheap iad.

C10 Cathain a bheidh nótaí bainc nuadheartha againn inár bpócaí?

Tar éis dearadh na nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo a roghnú, cinnfidh Comhairle Rialaithe BCE an tráth a dtáirgfear agus a n-eiseofar na nótaí bainc nua. Beidh roinnt blianta fós ann sula mbeidh na nótaí bainc nua i gcúrsaíocht agus, ar deireadh thiar, inár bpócaí.

Tugadh isteach ainmníochtaí éagsúla na sraithe reatha nótaí bainc euro de réir a chéile in imeacht roinnt blianta. Níor cinneadh go fóill cathain ná conas a chuirfear na nótaí bainc nua i gcúrsaíocht.

C11 Cad é ról an phobail sa phróiseas athdheartha?

Tig le saoránaigh uile an limistéir euro páirt a ghlacadh inár suirbhéanna pobail. Tá sé an-tábhachtach dúinn go gcuirfear tuairimí ó réimse leathan de phobal na hEorpa san áireamh sna cinntí a dhéanfar ó thús deireadh an phróisis.

Chuireamar tús leis an bpróiseas le suirbhé cáilíochtúil a rinneadh sa limistéar euro chun tuiscint a fháil ar thuairimí an phobail maidir le téama na nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo. Ansin, i samhradh 2023, d’iarramar ar an bpobal páirt a ghlacadh i suirbhé ar líne maidir le téamaí féideartha. Ag an am céanna, choimisiúnaíomar cuideachta thaighde sheachtrach chun suirbhé den chineál céanna a dhéanamh arbh é ab aidhm dó an ionadaíocht ab fhearr ab fhéidir a dhéanamh ar phobal an limistéir euro.

Tar éis móitífeanna a roghnú agus tar éis an chomórtais deartha, déanfaimid roghanna an phobail a thomhas ar ghearrliosta de dhearaí féideartha. Meastar go dtarlóidh sé sin in 2026.

C12 An athrófar na hábhair nó an mhéid atá sna nótaí bainc nua sa phróiseas athdheartha, agus an mbeidh ainmníochtaí nua ann?

Tá na nótaí bainc euro atá ann faoi láthair priontáilte ar pháipéar snáithíní cadáis, rud a fhágann go bhfuil siad úrmhín agus buanseasmhach in aghaidh smolchaitheamh. Bímid ag féachaint i gcónaí ar bhealaí chun feabhas a chur ar shaolré ár nótaí bainc euro agus chun lorg na nótaí bainc ar an gcomhshaol a laghdú.

Tá rún againn leanúint de na hainmníochtaí atá sa tsraith reatha (€5, €10, €20, €50, €100 agus €200). Chun an t-athrú a éascú agus chun teorainn a chur leis na costais a bhaineann le meaisíní láimhseála nótaí bainc a oiriúnú, is mór an seans nach n-athrófar na méideanna ná na príomhdhathanna.

C13 Cé a chinnfidh an téama agus na dearaí deiridh?

Is í Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh a dhéanfaidh an cinneadh deiridh; tabharfar san áireamh sa chinneadh sin tuairimí phobal na hEorpa agus comhairle ó ghrúpaí saineolaithe. Fógrófar cinntí na Comhairle Rialaithe ar shuíomh gréasáin BCE.

C14 An rachfar i gcomhairle le grúpaí leochaileacha sa phróiseas athdheartha (e.g. daoine a bhfuil lagú amhairc orthu)?

Bíonn teagmháil rialta ag BCE agus ag bainc cheannais náisiúnta an Eurochórais leis na páirtithe leasmhara éagsúla. Mar shampla, le linn fhorbairt na sraithe nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht faoi láthair, chuamar i gcomhairle go rialta le hAontas na nDall san Eoraip. Leanadh leis na comhairliúcháin sin ó shin agus leanfar leo go deireadh an phróisis athdheartha.