Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An próiseas athdheartha

I mí na Nollag 2021, d’fhógraíomar ár bpleananna chun nótaí bainc euro a athdhearadh, ar cuid den phróiseas é chun nótaí nua a fhorbairt. Is mian linn a chinntiú go mbeidh fáil ar nótaí bainc agus go mbeidh siad inrochtana agus go leanfaidh siad de bheith ina modh slán agus éifeachtúil íocaíochta. 

Is mian linn freisin go mbeadh na nótaí bainc chomh hinbhuanaithe agus chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir. Sin é an fáth a bhfuilimid ag féachaint ar a lorg comhshaoil chun deiseanna a aithint chun a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú trí tháirgí agus próisis nua. Is deis é an próiseas sin freisin chun nótaí bainc a dhéanamh níos cuimsithí do mhuintir uile na hEorpa.

Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh ar théama nua agus ar dhearaí nua. Glacfaidh sí na tuairimí a thug an pobal i suirbhéanna agus comhairle ó ghrúpaí saineolaithe san áireamh. Is é an aidhm atá againn a chinntiú go mbeidh an téama agus na dearaí a roghnaítear oiriúnach do gach Eorpach.

Tá dhá gharsprioc mhóra sa phróiseas:

  1. téamaí a roghnú a d’fhéadfaí a úsáid amach anseo;
  2. céim an deartha lena n-áirítear roghnú móitífeanna féideartha agus comórtas dearaí

Na príomhchéimeanna sa phróiseas athdheartha

Téamaí agus móitífeanna

An 29 Samhain 2023, chinn Comhairle Rialaithe BCE bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den phróiseas athdheartha do nótaí bainc euro le dhá théama: “Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin” – agus na móitífeanna a bhaineann leo.

Téama: Cultúr na hEorpa

Le hoidhreacht shaibhir chultúrtha agus earnálacha cruthaitheacha dinimiciúla na hEorpa, neartaítear féiniúlacht na hEorpa, rud a chruthaíonn muintearas comhroinnte. Cuireann an cultúr luachanna, cuimsiú agus idirphlé coiteann chun cinn san Eoraip agus ar fud an domhain. Tugann sé daoine le chéile.

An scéal taobh thiar de na móitífeanna: spásanna cultúrtha comhroinnte

Déanann “Cultúr na hEorpa” ceiliúradh ar na spásanna cultúrtha comhroinnte a mhúnlaigh an fhéiniúlacht Eorpaigh leis na céadta bliain anuas. Léiríonn móitífeanna an téama seo gníomhaíochtaí agus spásanna cultúrtha éagsúla, agus Eorpaigh íocónacha a chur le hoidhreacht chultúrtha na hEorpa a chruthú.

Taobh tosaigh

Taobh cúil

€5

Na taibh-ealaíona

Maria Callas Taibheoirí sráide (ceol/damhsa/amharclann) ag cur siamsaíocht ar fáil do dhaoine ag dul thart
€10

Ceol

Ludwig van Beethoven Féile amhránaíochta le cór páistí agus daoine óga ag canadh
€20

Ollscoileanna agus scoileanna

Marie Curie Scoil nó ollscoil le banmhúinteoir agus scoláirí óga. Tá leabhair nótaí agus leabhair ar na mboird
€50

Leabharlanna

Miguel de Cervantes Leabharlann le roinnt daoine fásta ag léamh leabhair páipéir agus leabhair dhigiteacha. Buachaill agus cailín beag os comhair leabhragáin ag iarraidh leabhar a fháil
€100

Músaeim agus taispeántais

Leonardo da Vinci Daoine fásta agus páistí ag baint sult as roinnt samplaí d'ealaín sráide, ealaín chomhaimseartha, etc.
€200

Cearnóga poiblí

Bertha von Suttner Cearnóg faoi bhrat crann, rud a ligeann do dhaoine teacht le chéile, le daoine fásta agus páistí ag caint, ag siúl, ag súgradh, etc.

Téama: Aibhneacha agus éin

Ní aithníonn aibhneacha ná éin teorainn ar bith, rud a shiombailíonn an tsaoirse agus an aontacht i measc mhuintir na hEorpa agus an nasc atá againn leis an dúlra. Tá éagsúlacht mhór aibhneacha agus éan san Eoraip a spreagann sinn agus a mheabhraíonn dúinn an fhreagracht atá orainn an comhshaol a chosaint.

An scéal taobh thiar de na móitífeanna: athléimneacht san éagsúlacht

Leagann “Aibhneacha agus éin” béim ar athléimneacht agus éagsúlacht éiceachórais nádúrtha na hEorpa trí chéimeanna difriúla na n-aibhneacha agus speicis éin éagsúil a thaispeáint, agus béim á chur ar thábhacht an dúlra agus cosaint an chomhshaoil. Cuireann na hinstitiúidí Eorpacha atá ar na nótaí bainc i gcuimhne dúinn luachanna bunúsacha an tionscadail Eorpaigh, a chuimsíonn cosaint an chomhshaoil freisin.


Taobh tosaigh

Taobh cúil

€5 Fuarán sléibhe

Dreapadóir deargeiteach in aice le tírdhreach sléibhte

Parlaimint na hEorpa

€10

Eas
Cruidín in eas nó lochán

An Coimisiún Eorpach

€20

Gleann abhann teoranta

Coilíneacht beachadóirí i mbruach gainimh ar thaobh ghleann abhann mór teoranta

An Banc Ceannais Eorpach

€50

Abhainn lúbach

Stórc bán ag eitilt os cionn abhann lúbaí i ngleann abhann neamhtheoranta

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

€100

Béal abhann
Abhóiséad sa tóir ar bhia ar dhromchla an réileáin láibe

An Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh

€200 Muirdhreach

Gainéad tuaisceartach ag eitilt thar tonnta móra na farraige

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

Dearaí

Anois agus na móitífeanna chun an dá théama do nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo a léiriú roghnaithe againn, seolfar comórtas dearaidh, a bheidh oscailte do dhearthóirí Eorpacha, in 2025. Foilseofar tuilleadh eolais faoi cheanglais rannphairtíochta ar ár gcainéil oifigiúla. Nuair atá cinneadh déanta ag an gComhairle Rialaithe maidir le gearrliosta dearaí, rachaimid i gcomhairle leis an bpobal maidir lena roghanna. Táthar ag súil go ndéanfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh maidir leis na dearaí nua in 2026.

Nuair a roghnófar na dearaí, cinnfidh an Chomhairle Rialaithe cathain nótaí bainc euro nua a tháirgeadh agus a eisiúint. Ina dhiaidh sin, tógfaidh sé roinnt blianta sula dtáirgfear na chéad nótaí bainc agus sula mbeidh siad inár bpócaí.

Ag éisteacht le muintir na hEorpa

Ó thús an phróisis athdheartha, táimid tar éis dul i gcomhairle le pobal na hEorpa faoi dhó. Sula ndéanfaidh an Chomhairle Rialaithe an rogha deiridh, rachaimid i gcomhairle leis an bpobal arís chun a roghanna ar ghearrliosta de dhearaí féideartha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a fháil.

Idir mí na Nollag 2021 agus mí an Mhárta 2022, d’iarramar ar dhaoine i dtíortha uile an limistéir euro a dtuairimí a thabhairt dúinn maidir le téamaí a d’fhéadfadh a bheith ann do nótaí bainc euro amach anseo.

Féach ar an tuarascáil nó an achoimre fheidhmeach ón staidéar cáilíochtúil ar théamaí nua le haghaidh nótaí bainc euro.

Idir mí Iúil agus mí Lúnasa 2023, rinneamar suirbhé ar líne inar iarradh ar dhaoine a rá linn cé acu de na seacht dtéama ar an ngearrliosta ab fhearr leo, agus thug breis agus 365,000 Eorpach freagra ar an suirbhé. Chun sampla ionadaíoch a chinntiú, d’iarramar freisin ar chuideachta taighde neamhspleách suirbhé ilnáisiúnta den chineál céanna a dhéanamh i gcomhthráth leis an suirbhé ar líne.

Léigh an tuarascáil agus achoimre fheidhmeach chun tuilleadh eolais faoi thorthaí an tsuirbhé a fháil.

Ag dul i gcomhairle leis na saineolaithe

Ó seoladh an próiseas athdheartha, d’iarramar ar dhá ghrúpa saineolaithe neamhspleách gearrliosta téamaí a mholadh, agus tar éis iad a roghnú, móitífeanna féideartha a chruthú a dhéanann an léiriú is fearr ar na téamaí seo.

Mhol Grúpa Comhairleach na dTéamaí gearrliosta de sé théama ag deireadh 2021. Ansin, rinne Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh breithniú cúramach cibé an mbeadh luí ag muintir na hEorpa leis na téamaí gearrliostaithe nó nach mbeadh agus cibé an dtugann siad léargas ar shaol agus ar luachanna na hEorpa nó nach dtugann, agus chinn siad an seachtú téama, “Cultúr na hEorpa”, a chur leis. Léigh tuilleadh faoi na seacht dtéama ar an ngearrliosta.

Faigh tuilleadh eolais ón tuarascáil agus achoimre fheidhmeach ar obair Ghrúpa Comhairleach na dTéamaí.

In 2024, tar éis “Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin” a roghnú mar théamaí féideartha do notaí bainc a bheidh ann amach anseo, cuireadh de chúram ar ghrúpa saineolaithe neamhspleách, an Grúpa Comhairleach Móitífeanna, móitífeanna féideartha a dhéanann léiriú ar an dá théama a mholadh.

Ag tús 2025, phléigh agus rinne an Chomhairle Rialaithe forbairt breise ar shraith móitífeanna féideartha do gach téama agus chinn an Chomhairle Rialaithe an comórtas dearaidh leis an dá théama agus na móitífeanna a bhaineann leo a sheoladh. 

Léigh tuilleadh faoi obair
Ghrúpa Comhairleach na Móitífeanna


Gach leathanach sa rannóg seo