An boilsciú agus praghsanna do thomhaltóirí
AR AN LEATHANACH SEO
Is é an príomhchuspóir atá againn praghsanna a choinneáil cobhsaí. Chun é sin a bhaint amach, tá sé mar aidhm againn boilsciú 2% a bhaint amach sa mheántéarma. Is é an tInnéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (ICPT) an tagairt a úsáidimid chun boilsciú a thomhas. Is iad Eurostat, oifig staidrimh an Aontais Eorpaigh, agus institiúidí staidrimh náisiúnta Bhallstáit an Aontais a thiomsaíonn ICPT. Úsáidtear an mhodheolaíocht chéanna ar fud na dtíortha uile.
Is tomhas é an boilsciú ar an gcaoi a n-athraíonn praghsanna le himeacht ama. Chun é a ríomh, bailíonn institiúidí staidrimh náisiúnta praghsanna go rialta ar ‘‘chiseán’’ earraí agus seirbhísí, a léiríonn tomhaltas gach duine phríobháidigh sa tír. Tiomsaítear na luachanna náisiúnta sin ansin ina ráta boilscithe don limistéar euro. Bailítear praghsanna ó áiteanna éagsúla, amhail siopaí, bialanna agus siopaí ar líne, chun forbhreathnú leathan a fháil ar an gcaoi a bhforbraíonn praghsanna d'earraí agus do sheirbhísí éagsúla.
Tá miondealuithe breise maidir le boilsciú de réir catagóir táirge agus chuspóir an tomhaltais le fáil ó Thairseach Sonraí BCE agus ónár ndeais bhoilscithe. Féach thíos chun tuilleadh sonraí a fháil faoin gcaoi a ndéantar boilsciú a thomhas.
Eolas faoin mboilsciú
INSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Céard is boilsciú ann?
Is éard atá i mboilsciú méadú leathan ar phraghsanna earraí agus seirbhísí a cheannaítear chun críocha tomhaltais. D’fhéadfadh sé nach mbeadh boilsciú ríofa i gcomhréir i gcónaí leis na hathruithe a mheastar a bheith ann ar phraghsanna.
Léigh ár mínitheoirCén fáth a bhfuil sé mar aidhm againn boilsciú 2% a bhaint amach?
Le ráta boilscithe 2% áirithítear cobhsaíocht praghsanna agus tacaítear le spriocanna an Bhainc Ceannais Eorpaigh trí rioscaí díbhoilscithe a chosc agus trí bheartas airgeadaíochta éifeachtach a choinneáil ar bun. Fágann sé gur féidir coigeartuithe eacnamaíocha níos rianúla a dhéanamh, cuireann sé cosc ar dhífhostaíocht iomarcach, agus tugann sé aghaidh ar chlaontachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i dtomhas praghsanna.
An cuspóir atá againn maidir le cobhsaíocht praghsannaCaighdeán coiteann don limistéar euro
Le tabhairt isteach an euro, bhí gá le modh coiteann chun boilsciú a thomhas don limistéar euro ina iomláine. Bainimid úsáid as ICPT, a leanann an mhodheolaíocht chéanna do gach tír.
Eolas cuimsitheach faoi ICPTAn deais bhoilscithe agus na sraitheanna sonraí atá ar fáil
Foilsímid sonraí boilscithe Eurostat do phríomhinnéacs ICPT agus 12 chatagóir tomhaltais don limistéar euro, don Aontas agus do na Ballstáit uile ar dheais idirghníomhach. Tá tuilleadh grúpaí táirgí chomh maith le sonraí a bhfuil coigeartú de réir séasúir déanta orthu agus a tháirgeann an Banc Ceannais Eorpach le fáil ónár dTairseach Sonraí.
Aimsigh ár ndeais agus gach sraith sonraíDéan do ráta boilscithe féin a ríomh
Cé go dtomhaiseann institiúidí staidrimh an meánráta boilscithe i dtíortha aonair agus ar fud an limistéir euro ina iomláine, is féidir le rátaí boilscithe pearsanta a bheith éagsúil de réir nósanna tomhaltais. Féadfaidh tú do ráta pearsanta a oibriú amach trí úsáid a bhaint as ár n-áireamhán boilscithe.