Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An Tuarascáil maidir le Cóineasú

Déantar measúnú sa Tuarascáil maidir le Cóineasú ar an dul chun cinn atá déanta ag Ballstáit an Aontais nach bhfuil sa limistéar euro cé is moite den Danmhairg, a bhfuil rogha an diúltaithe aici, i dtreo chomhlíonadh na gcritéar is gá chun an euro a ghlacadh. Foilsítear í ar a laghad gach dhá bhliain, nó ar iarratas ó Bhallstát de chuid an Aontais ar mian leis dul isteach sa limistéar euro.

Meitheamh 2024

Sracfhéachaint ar an tuarascáil is déanaí uainn

Cóineasú eacnamaíoch

Tá dul chun cinn teoranta déanta ag na sé thír lena mbaineann i dtreo na gcritéar maidir le cóineasú a chomhlíonadh ón tuarascáil roimhe seo in 2022, rud a léiríonn dálaí eacnamaíocha dúshlánacha.

Léigh faoi staid an chóineasaithe eacnamaíoch
Cóineasú dlíthiúil

Rinne an Banc Ceannais Eorpach scrúdú ar chomhoiriúnacht reachtaíochta náisiúnta na sé thír le ceanglais an Chonartha.

Foghlaim faoi chomhoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta
Achoimrí de réir tíre

Cuirtear i láthair sna hachoimrí príomhthorthaí na scrúduithe ar chóineasú eacnamaíoch agus dlíthiúil do gach tír.

Léigh na hachoimrí de réir tíre

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

An Tuarascáil maidir le Cóineasú, Meitheamh 2024

Féach go mion ar an measúnú is déanaí ar chóineasú eacnamaíoch agus dlíthiúil na mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro tríd an tuarascáil iomlán a léamh.

Féach an tuarascáil iomlán

Do na meáin

Tá dul chun cinn teoranta déanta ag tíortha an Aontais nach bhfuil sa limistéar euro i dtreo cóineasú eacnamaíoch leis an limistéar euro ó 2022 i leith.

Léigh an phreaseisiúint

Tuarascálacha ón gCoimisiún Eorpach

Cosúil leis an mBanc Ceannais Eorpach, foilsíonn an Coimisiún Eorpach tuarascálacha maidir le cóineasú ina ndéantar measúnú ar ullmhacht Bhallstáit de chuid an Aontais an euro a ghlacadh.

Féach na tuarascálacha ón gCoimisiún

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Ballraíocht sa limistéar euro

Tá sé de cheangal ar Bhallstáit uile an Aontais, cé is moite den Danmhairg, an euro a ghlacadh. Chun é sin a dhéanamh, ní mór dóibh ar dtús na critéir um chóineasú a chomhlíonadh lena ndéantar measúnú ar a n-ullmhacht don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Caith súil ar ár léarscáil idirghníomhach le fáil amach cathain a ghlac tíortha éagsúla an euro.

Caith súil ar an léarscáil

Dóibh siúd a bhíonn ag éisteacht le podchraoladh BCE

Cén chaoi a dtéann tír isteach sa limistéar euro? Phléamar an cheist sin in eipeasóid dár bpodchraoladh, ag féachaint go sonrach ar an gCróit.

Éist leis an bpodchraoladh

An euro glactha ag an gCróit

An 1 Eanáir 2023, ghlac an Chróit an euro, an fichiú Ballstát den limistéar euro.

Léigh an t-alt san Fheasachán Eacnamaíoch chun tuilleadh a fhoghlaim

An bhfuil sé fíor go bhfuil boilsciú breise ann sa Chróit mar gheall ar an athrú go dtí an euro?

Tá imní léirithe ag tomhaltóirí as an gCróit maidir le méadú ar phraghsanna a bhaineann leis an athrú go dtí an euro. Léiríonn réamhfhianaise a chuirtear i láthair i mblagphostáil de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh gur beag tionchar a bhí ag an athrú ó kruna go dtí an euro ar phraghsanna tomhaltóirí na Cróite agus ar bhraistintí praghsanna go dtí seo.

Léigh an bhlagphostáil

Gach leathanach sa rannóg seo