Taighde agus Foilseacháin
Tacaímid le ceapadh beartas trí thaighde eacnamaíoch
Déanaimid taighde eacnamaíoch ar raon leathan ábhar. Cuidíonn sé sin leis an gceapadh beartas a fheabhsú agus dá bhrí sin cuireann sé le folláine gach duine san Eoraip.
Feasachán Eacnamaíoch
Cuireann an Feasachán Eacnamaíoch faisnéis atá mar bhunús ag na cinntí a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach maidir le beartas airgeadaíochta in iúl. Eisímid Feasachán Eacnamaíoch ocht n-uaire sa bhliain, coicís i ndiaidh gach cruinniú ar bheartas airgeadaíochta. Tugtar léargas ar an ngeilleagar agus ar cad atá i ndán dó ann.
Léigh an Feasachán Eacnamaíoch is déanaí uainnFeasachán Taighde
Tá rogha oibre a rinne eacnamaithe de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh le déanaí le fáil san Fheasachán Taighde. Foilsítear é go míosúil agus cumhdaítear raon leathan ábhar eacnamaíoch agus airgeadais ann.
Léigh an Feasachán TaighdeAthbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais
Déantar anailís ar rioscaí féideartha don chobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro san Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais. Tá cobhsaíocht airgeadais ríthábhachtach dúinn mar go bhfuil sé ar cheann de na nithe atá de dhíth chun boilsciú seasta a chinntiú.
Léigh ár nAthbhreithniú ar Chobhsaíocht AirgeadaisFeasachán Macrastuamachta
Ní mór do na bainc maoláin chaipitil a fhorbairt nuair a bhíonn an geilleagar láidir ionas gur féidir leo tacú leis nuair a bhíonn cúrsaí go dona. Míníonn ár bhFeasachán Macrastuamachta is déanaí an chúis a bhfuil ráta neodrach dearfach den mhaolán frith-thimthriallach caipitil agus cur chuige níos comhoiriúnaithe chun é a shocrú ríthábhachtach chun a chinntiú go bhfuil maoláin éifeachtach.
Páipéir thaighde
Amhail na bainc cheannais mhóra eile, bíonn an Banc Ceannais Eorpach i mbun taighde. Foilsítear na torthaí i bpáipéir thaighde.
Forbhreathnú ar ár bpáipéir thaighdeÁr dtaighdeoirí
Déanann ár dtaighdeoirí anailís ardleibhéil ar raon leathan ábhar a bhaineann leis an obair a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach. Cuireann a gcuid oibre bunchloch ar fáil do chinntí an Bhainc Ceannais Eorpaigh i ngach réimse beartais. Faigh tuilleadh eolais faoi na taighdeoirí sin, cé hiad féin agus cén obair atá idir lámha acu.
Ár dtaighdeoiríAN BHFUIL TUILLEADH EOLAIS UAIT?
CAITH SIÚL AR ÁR BHFOILSEACHÁIN
Deiseanna do thaighdeoirí
Oibrigh leis an mBanc Ceannais Eorpach
Má tá suim agat taighde a dhéanamh sa Bhanc Ceannais Eorpach, bíonn deiseanna fostaíochta spreagúla agus dúshlánacha á dtairiscint againn le haghaidh eacnamaithe taighde, mar aon le tréimhsí oiliúna do mhic léinn, agus comhaltachtaí do thaighdeoirí óga agus do scoláirí.
Fiosraigh na comhaltachtaí agus na deiseanna eile atáá dtairiscint againnLíonraigh linn
Stiúrann agus comhordaíonn an Banc Ceannais Eorpach taighde trí roinnt líonraí éagsúla d’fhonn léargas a fháil chun tacú lenár gcinnteoireacht.
Caith súil ar ár líonraí taighde