Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Piero Cipollone
Member of the ECB's Executive Board
  • ÓRÁID

An Eoraip a chumasú: borradh a chur faoin neamhspleáchas straitéiseach tríd an euro digiteach

Ráiteas tosaigh ó Piero Cipollone, Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE), ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta i bParlaimint na hEorpa

An Bhruiséil, 8 Aibreán 2025

Is mór an onóir dom a bheith anseo inniu chun leanúint ar aghaidh leis an bplé ar an euro digiteach.

Tá argóintí an-láidir ann ar son euro digiteach a thabhairt isteach. I mo thuairimse, tá baint acu ar fad le bunphrionsabal amháin: neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa a neartú.

Ba mhaith liom plé a dhéanamh inniu ar a bhfuil i gceist i ndáiríre le neamhspleáchas straitéiseach in íocaíochtaí ó lá go lá, ag féachaint ar phríomhról an airgid thirim mar aon leis na buntáistí a bhainfeadh le euro digiteach.

I bhfianaise na héiginnteachta atá ann go hidirnáisiúnta, tá sé in am anois beart nithiúil a dhéanamh.

Tá íocaíochtaí miondíola ag éirí níos digití.[1] Tá tomhaltóirí ag baint úsáid níos mó agus níos mó as modhanna íocaíochta digiteacha i siopaí, agus tá siad ag ceannach níos mó ná riamh ar líne freisin. Mar sin féin, bíonn sciar mór de na hidirbhearta sin ag brath ar sholáthraithe nach as an Eoraip iad. Faoi láthair, is ar scéimeanna idirnáisiúnta cártaí nó modhanna íocaíochta móibíleacha amháin atá daoine in 13 thír sa limistéar euro ag brath le haghaidh íocaíochtaí i siopaí.[2] Agus fiú nuair is ann do scéimeanna náisiúnta cártaí, bíonn siad ag brath ar chomhlipéadú le scéimeanna idirnáisiúnta cártaí chun gur féidir íocaíochtaí trasteorann a dhéanamh sa limistéar euro. Is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith air sin roimh i bhfad ná go mbeadh daoine ag brath ar mhodhanna príobháideacha íocaíochta eile, mar shampla cripteamhonaí cobhsaí neamh-Eorpacha.

Trína bheith ag brath an iomarca ar sholáthraithe ó lasmuigh den Eoraip, baintear an bonn dár seasmhacht agus cuirtear ár gceannasacht airgeadaíochta i mbaol.[3] Léiríonn sé freisin an géarghá atá le euro digiteach. Mura ndéanfaí beart, ní hamháin go mbeadh rioscaí móra ann dúinn, ach chaillfimis deis iontach freisin.

Ról ríthábhachtach an airgid thirim i dtaobh seasmhacht agus cuimsiú airgeadais a chinntiú

In ainneoin a thapa is atá digitiú déanta ar íocaíochtaí miondíola, tá airgead tirim fós ina bhunchloch de chóras airgeadais na hEorpa. Is é an t-aon mhodh íocaíochta atá againn faoi láthair a bhfuil ceannas againn air.

Léiríonn an t-éileamh láidir leanúnach ar airgead tirim[4] a thábhachtaí atá sé a chinntiú gur modh íocaíochta agus stór luacha a bheidh san airgead tirim i gcónaí a bheidh áisiúil, slán agus a nglacfar go forleathan leis.

Cinntíonn airgead tirim go bhfuil cuimsiú airgeadais ann, ach tá ról ríthábhachtach aige freisin i dtaca le seasmhacht na gcóras íocaíochta agus na ngeilleagar san Eoraip a choinneáil. Nuair a bhíonn géarchéim ann, mar shampla le linn cibirionsaithe nó briseadh cumhachta, is rogha iontaofa é airgead tirim má theipeann ar gach rud eile. Chonaiceamar é sin freisin le linn na dtubaistí nádúrtha a bhuail codanna den limistéar euro le bliain anuas.

Sa chomhthéacs sin, tá an tEurochóras ar a dhícheall ag iarraidh a chinntiú go mbeidh airgead tirim ar fáil go forleathan i gcónaí do gach duine san Eoraip mar mhodh íocaíochta a nglacfar leis go forleathan. Tá straitéis chuimsitheach maidir le hairgead tirim curtha chun feidhme againn[5] agus táimid ag déanamh athdhearadh ar na nótaí bainc euro chun go mbeidh siad réidh don am atá le teacht.

Lena chois sin, is díol mór sásaimh don Bhanc Ceannais Eorpach an rialachán atá beartaithe maidir le stádas dlíthairisceana nótaí bainc agus bonn euro. Mar a mhíníomar sa tuairim a thugamar, ba cheart don rialachán cosc soiléir a chur ar chásanna ina meastar go bhféadfadh miondíoltóirí nó soláthraithe seirbhíse bac aontaobhach a chur ar airgead tirim a úsáid. Ba cheart dó a chinntiú freisin go gcuirfidh na Ballstáit iallach ar earnáil na baincéireachta seirbhísí riachtanacha airgid thirim a chur ar fáil do chustaiméirí príobháideacha agus corparáideacha araon agus a chinntiú go mbeifear in ann teacht go héasca ar áiseanna chun airgead tirim in euro a thógáil amach agus a thaisceadh ar fud an limistéir euro.[6]

Is gá feabhas a chur ar neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa i dtaobh íocaíochtaí digiteacha i dtimpeallacht gheopholaitiúil atá ag athrú

Ní mór dúinn a chinntiú, áfach, go mbeidh modh íocaíochta digiteach ag muintir na hEorpa a bheidh slán agus iontaofa, a chuirfidh le ról an airgid thirim agus a rachaidh chun tairbhe don réimse digiteach. Ciallaíonn an méadú ar íocaíochtaí digiteacha nach leor a thuilleadh fáil a bheith ar airgead tirim, agus go nglacfaí leis, chun dul i ngleic le líon cásanna úsáide atá ag dul i méid. Mar shampla, is ionann an tsiopadóireacht ar líne agus níos mó ná aon trian d’idirbhearta miondíola. Mar sin féin, ní féidir airgead tirim a úsáid ar líne agus is minic nach féidir íoc trí úsáid a bhaint as seirbhís íocaíochta Eorpach[7]. Fágann sé sin go gcaithfimid dul i muinín córais íocaíochta nach as an Eoraip iad. Is laige struchtúrach é sin nach mór dúinn aghaidh a thabhairt air.

Ní féidir leis an Eoraip a bheith ag brath an iomarca ar mhodhanna íocaíochta ó lasmuigh den Eoraip. Má dhéantar amhlaidh, beimid ag brath ar chineáltas strainséirí i gcomhthéacs an teannais gheopholaitiúil atá ag dul i méid. Is ríléir cheana féin gur géarghá ár neamhspleáchas i gcúrsaí cosanta agus fuinnimh a chaomhnú. Ar an gcaoi chéanna, is géarghá neamhspleáchas a chinntiú le haghaidh seirbhisí riachtanacha. Mura mbeadh sé sin againn, ní bheadh cosaint éifeachtach againn ar bhagairtí geopholaitiúla agus bheadh baol ann go gcaillfimis ár neamhspleáchas airgeadaíochta. Is léiriú ar an mbaol sin an méid atá tite amach go hidirnáisiúnta le déanaí.

Idir an dá linn, fágann a spleáiche atáimid ar sholáthraithe íocaíochta ó lasmuigh den Eoraip go bhfuil ár n-acmhainneacht eacnamaíoch agus ár gcumas iomaíochta níos laige. Mar gheall ar ilroinnt an mhargaidh íocaíochtaí, is minic nach mbíonn soláthraithe seirbhíse íocaíochta ón Eoraip in ann a gcuid seirbhísí a thairiscint ar fud an Aontais. Fágann sé sin buntáiste ag soláthraithe nach as an Eoraip iad atá in ann a gcuid seirbhísí a thairiscint ar an leibhéal Eorpach, agus go hidirnáisiúnta fiú.

Tá costas mór ag baint le struchtúr ilroinnte an mhargaidh freisin. Ach ní gá gurb amhlaidh a bheadh – tá an chumhacht againn a aontaithe is atá an margadh íocaíochtaí a chinneadh.

Léiríonn sonraí go bhfuil a sciar den mhargadh á chailleadh ag scéimeanna náisiúnta cártaí ar fud na hEorpa[8]. San am céanna, gearrann scéimeanna idirnáisiúnta táillí arda ar bhainc agus ceannaithe na hEorpa.[9]

Agus fágann an tóir leanúnach atá ar sparáin dhigiteacha ar nós PayPal nó Apple Pay go bhfuil bainc na hEorpa ag cailleadh amach ar tháillí agus sonraí eile.

Rinne rialtas nua na Stát Aontaithe bearta le déanaí chun criptea-shócmhainní agus cripteamhonaí cobhsaí atá bunaithe ar an dollar a chur chun cinn. Is údar imní iad na bearta sin do chobhsaíocht airgeadais agus neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa. D’fhéadfadh an Eoraip cailleadh amach ar níos mó táillí agus sonraí dá mbarr. Anuas air sin, d’fhéadfadh sé go n-aistreofaí taiscí euro chuig na Stáit Aontaithe, rud a neartódh ról an dollair a thuilleadh in íocaíochtaí trasteorann. San am céanna, tá gnólachtaí príobháideacha ag éirí níos solúbtha ó thaobh glacadh le cripteamhonaí cobhsaí le haghaidh íocaíochtaí custaiméara. D’fhéadfadh impleachtaí forleathana a bheith aige sin don cheannasacht airgeadaíochta.[10]

Má táimid ag iarraidh dul i ngleic leis na dúshláin sin, teastaíonn comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí uainn chun ár gceannasacht a choinneáil. Bheadh an euro digiteach – mar mhodh íocaíochta ceannasach Eorpach bunaithe ar reachtaíocht an Aontais – ina bhunchloch den chomhpháirtíocht sin.

Chinnteodh sé go gcoinneodh an limistéar euro smacht ar a chuid cúrsaí airgeadais féin amach anseo. Trí mhodh íocaíochta digiteach a bheadh slán, a nglacfaí go forleathan leis agus a bheadh oiriúnach do gach cineál úsáide – agus, thar aon rud eile, a bheadh faoi rialú na hEorpa – a chur ar fáil, ní bheimis ag brath an oiread céanna ar sholáthraithe ó lasmuigh den Aontas. Thairis sin, laghdódh sé an deis a bheadh ag cripteamhonaí cobhsaí atá bunaithe ar airgeadra eachtrach dul chun cinn mar mheán malartaithe coiteann sa limistéar euro.[11]

Tríd an euro digiteach, bheadh modh íocaíochta digiteach ar fáil do thomhaltóirí na hEorpa a bheadh simplí agus sábháilte agus d’fhreastalódh sé ar a gcuid riachtanas íocaíochta ar fad ar fud an limistéir euro. Bheadh sé saor in aisce le haghaidh úsáid bhunúsach agus ní chuirfeadh sé a gcuid príobháideachais i mbaol.[12] Ina theannta sin, thabharfadh sé cosaint do cheannaithe na hEorpa ar na táillí arda a ghearrann scéimeanna idirnáisiúnta cártaí agus chuirfeadh sé ar a gcumas idirbheartaíocht a dhéanamh leo faoi na táillí sin.[13]

Thairis sin, d’fhéadfaí an euro digiteach a úsáid as líne, rud a d’fhágfadh go mbeadh ár gcuid íocaíochtaí laethúla níos seasmhaí mar bheadh tomhaltóirí agus ceannaithe fós in ann úsáid a bhaint as an euro digiteach gan nasc líonra.

Agus níos tábhachtaí fós, chuirfeadh an euro digiteach ar chumas soláthraithe seirbhíse íocaíochta ón Eoraip a bheith ag oibriú as a stuaim féin arís.[14] Ní bheadh an euro digiteach in iomaíocht le tionscnaimh phríobháideacha. Ina ionad sin, bhainfeadh sé leas as an gcomhoibriú agus d’éascódh sé méadú na dtionscnamh príobháideach ar fud an Aontais. Ar an gcaoi sin, bheifí in ann na constaicí ba chúis leis an ilroinnt atá ann faoi láthair a shárú.

Sampla amháin den chomhoibriú sin is ea réiteach comhtháite a chur ar fáil ionas gur féidir le tionscnaimh phríobháideacha seirbhísí a sholáthar ar fud an limistéir euro. Chumhdódh sé sin gach cás úsáide go héifeachtach a bhuí le comhchaighdeáin an euro dhigitigh.

Chiallódh sé sin nach mbeadh ar dhaoine modhanna íocaíochta eile ó lasmuigh den Eoraip a lorg. Bheadh bainc na hEorpa in ann a gcuid custaiméirí a choinneáil agus gheobhaidís a ndóthain cúitimh as a gcuid seirbhísí.

Tá réimse na n-íocaíochtaí ag athrú go tapa agus tá sé ríthábhachtach dá réir dul chun cinn le reachtaíocht an euro dhigitigh anois.

Tá an toradh atá ar easpa gnímh ag éirí níos soiléire de réir a chéile. D’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar an easpa gnímh sin go gcaillfimis smacht ar ár mbonneagar airgeadais, go mbeimis ag brath níos mó ar chórais ó lasmuigh den Eoraip agus go gcuirfí isteach ar ár gcórais bhaincéireachta agus chreidmheasa. Dá gcuirfí an euro digiteach siar, chuirfí moill ar an bhfreagra coiteann príobháideach poiblí a thabharfaimis ar na rioscaí sin. Tá saoránaigh na hEorpa ag brath orainne a chinntiú go mbeidh an Eoraip in ann athrú a chur chun cinn seachas í a bheith fágtha ar an imeall.

Tá tionscadal an euro dhigitigh ar an mbóthar ceart

Díreoidh mé anois ar an dul chun cinn teicniúil atá déanta ag an tionscadal.

Tá an creat dlíthiúil ríthábhachtach i dtaobh feidhmiú an euro dhigitigh a mhúnlú, lena n-áirítear a stádas mar airgead dlíthairgthe agus an chosaint a thugtar don phríobháideachas. Ag an am céanna, tá tionscadal an euro dhigitigh ag dul chun cinn de réir an sceidil agus ní fada go mbeidh céim an ullmhúcháin thart.[15]

In éineacht le rannpháirtithe sa mhargadh, táimid ag obair ar leabhar rialacha an euro dhigitigh – sraith aonair rialacha, caighdeán agus nósanna imeachta le haghaidh íocaíochtaí a dhéantar le euro digiteach.[16] Cuireadh ceist cheana faoi na buntáistí a bhainfeadh an earnáil phríobháideach as euro digiteach. Fágfaidh an leabhar rialacha sin go mbeidh soláthraithe íocaíochta ón Eoraip in ann a gcuid seirbhísí a thairiscint ar fud an limistéir euro trí leas a bhaint as caighdeáin oscailte agus stádas dlíthairisceana an euro dhigitigh. A luaithe a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an reachtaíocht, is féidir na caighdeáin sin a thabhairt chun críche agus is féidir le rannpháirtithe sa mhargadh iad a úsáid, fiú sula n-eiseofaí euro digiteach.[17] Thabharfadh sé sin tús áite do na buntáistí a bheadh ann do cheannaithe agus do thomhaltóirí. Níos déanaí an tseachtain seo, foilseoimid an t-eolas is déanaí faoin dul chun cinn atá déanta againn i dtaobh an leabhar rialacha a fhorbairt.

Tá sé ríthábhachtach go gcinnteodh an euro digiteach cobhsaíocht an chórais airgeadais. Is eol dúinn an imní atá oraibh faoin ábhar seo agus tá sé ar cheann de na príomhthosaíochtaí atá againn. Mar a luaigh mé an uair dheireanach a thángamar le chéile, táimid ag forbairt na modheolaíochta faoi láthair faoina dtógfar bonn láidir anailíseach chun cinneadh a dhéanamh faoin uasmhéid euro dhigitigh is féidir le duine a bheith ina sheilbh aige.[18] Tá an mhodheolaíocht sin bunaithe ar na trí cholún a thugtar sa dréachtreachtaíocht – inúsáidteacht, beartas airgeadaíochta agus cobhsaíocht airgeadais. Táimid ag tógáil ar an aiseolas a fuaireamar ó gach páirtí leasmhar sa mhargadh, agus tá sé i gceist againn na torthaí a fhoilsiú i rith an tsamhraidh. Léiríonn na réamhthorthaí cheana féin nach ndéanfaidh úsáid an euro dhigitigh le haghaidh íocaíochtaí laethúla dochar don chobhsaíocht airgeadais, don mhaoirseacht baincéireachta ná don bheartas airgeadaíochta.

Is mó an seans go n-éireoidh leis an iarracht phríobháideach phoiblí seo ár neamhspleáchas a fháil ar ais i gcúrsaí íocaíochta miondíola má chothaítear an nuálaíocht freisin, mar a luaigh cuid agaibh roimhe seo. Dá bhrí sin, d’eisíomar glao ar léiriú spéise i gcomhpháirtíochtaí nuálaíochta don euro digiteach i mí Dheireadh Fómhair seo caite.[19] Is é an príomhchuspóir atá leis ná triail a bhaint as íocaíochtaí coinníollacha agus cásanna úsáide nuálacha eile. Mar shampla, táimid ag féachaint ar an bhféidearthacht nach ligfí do dhaoine íoc ach amháin má chuirtear seirbhís ar leith ar fáil. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí nósanna imeachta aisíocaíochta a bheadh fada agus éiginnte a sheachaint.

Tá an-spéis léirithe ag earnálacha éagsúla sa mhargadh agus tá thart ar 100 iarratasóir ag iarraidh triail bhreise a bhaint as cásanna úsáide agus réitigh theicneolaíocha nua.[20] I ndeireadh na dála, rachaidh na comhpháirtíochtaí nuálaíochta sin chun tairbhe do sholáthraithe agus úsáideoirí uile an euro dhigitigh. Beidh soláthraithe in ann cur le líon na gcustaiméirí atá acu agus leis an méid ioncaim a thuilleann siad agus bainfidh úsáideoirí tairbhe as modhanna íocaíochta nuálacha.

Thairis sin, tá dul chun cinn maith á dhéanamh san obair theicniúil ar phríobháideachas, ar an bhfeidhm as líne agus ar athléimneacht oibríochtúil. Táimid i lár an phróisis soláthair freisin chun creat-chomhaontuithe a bhunú le soláthraithe seirbhísí euro dhigitigh a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.[21]

Ar deireadh, tá taighde cuimsitheach á dhéanamh againn ar úsáideoirí chun léargas a fháil ar roghanna úsáideoirí, rud a fhágfaidh gur féidir linn gníomhú ina leith, agus chun a chinntiú go mbainfidh daoine buntáiste soiléir as an euro digiteach.[22] Is rud é sin a luaigh sibh freisin sa rún ó Pharlaimint na hEorpa le déanaí maidir le Tuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh.[23]

Focal scoir

Ba mhaith liom focal scoir a rá anois.

Tá sé in am beart a dhéanamh anois. Ní mór dul chun cinn a dhéanamh ar an rialachán maidir leis an euro digiteach agus ar an rialachán maidir le stádas dlíthairisceana airgid thirim araon ar bhonn práinne má theastaíonn uainn cur le seasmhacht na hEorpa i gcoinne aon chur isteach agus a chinntiú nach mbeimid ag brath an oiread céanna is a bhí go dtí seo ar chuideachtaí ó lasmuigh den Eoraip.

Ó cuireadh tús le tionscadal an euro dhigitigh, tá béim á leagan againn ar a thábhachtaí atá neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa.[24] Is é an dea-scéala ná go bhfuil na comhreachtóirí, is iad sin Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, agus an Banc Ceannais Eorpach ag obair go dian ar an gceist seo le blianta beaga anuas.

Is comhthionscadal Eorpach poiblí príobháideach é seo agus, mar chomhreachtóirí, tá dlúthbhaint agaibhse lena chur i gcrích. Anois an t-am chun neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa i réimse tábhachtach na n-íocaíochtaí a fhíorú.

Chun go n-éireoidh leis an euro digiteach, tá reachtaíocht láidir réamhbhreathnaitheach ag teastáil uainn. Tá an Banc Ceannais Eorpach réidh chun ionchur teicniúil a chur ar fáil daoibh de réir mar a rachaidh an plé eadraibh chun cinn. Agus, ar ndóigh, leanfaimid orainn ag cur an eolais is déanaí ar fáil daoibh faoin dul chun cinn atáimid a dhéanamh.

I ndomhan atá ag athrú go tapa, taispeánaimis do mhuintir uile na hEorpa go dtugaimid aghaidh go díreach ar dhúshláin, go gcosnaímid an euro agus go gcinntímid go bhfuil an tsaoirse ag daoine íoc de réir mar is mian leo féin.

Go raibh maith agaibh as cluas éisteachta a thabhairt dom.

  1. BCE (2024), Study on the payment attitudes of consumers in the euro area (SPACE) [Staidéar ar dhearcadh na dtomhaltóirí i leith íocaíochtaí sa limistéar euro (SPACE)], mí na Nollag.

  2. BCE (2025), Report on card schemes and processors [Tuarascáil ar scéimeanna agus próiseálaithe cártaí], mí Feabhra. Ina theannta sin, níl modh íocaíochta náisiúnta le haghaidh siopadóireacht ar líne ach ag líon teoranta tíortha san Eoraip.

  3. De réir na staitisticí íocaíochta is déanaí ó BCE, sa chéad leath de 2024, ba mar chuid de scéimeanna idirnáisiúnta cártaí a rinneadh 66 % de na hidirbhearta leictreonacha uile a rinneadh le cárta a eisíodh sa limistéar euro (méadú ó 61 % in 2022).

  4. Tá luach iomlán na nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht díreach faoi bhun €1.6 trilliún faoi láthair. Agus scaiptear nótaí bainc go tapa: bhí luach na nótaí bainc a chuir na bainc ar fáil dá gcustaiméirí in 2024 mórán mar a chéile, díreach os cionn €1.6 trilliún.

  5. Tá sé mar aidhm le straitéis airgid thirim an Eurochórais a chinntiú go mbeidh airgead tirim ar fáil go forleathan i gcónaí, agus go nglacfar go forleathan leis, mar mhodh íocaíochta agus stór luacha araon. Féach freisin BCE (2025), “Móitífeanna roghnaithe ag an mBanc Ceannais Eorpach do nótaí bainc a bheidh ann amach anseo”, preasráiteas, 31 Eanáir.

  6. Cinntíonn an cur chuige seo go mbeidh deimhneacht dhlíthiúil ann le haghaidh íocaíochtaí ina bhfuil an duine i láthair go pearsanta agus tá sé i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa dréachtrialachán maidir leis an euro digiteach. Féach Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dlíthairiscint nótaí bainc agus monaí euro, an Coimisiún Eorpach, COM(2023) 364 final, 28 Meitheamh 2023 agus Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Deireadh Fómhair 2023 maidir le togra le haghaidh rialachán maidir le dlíthairiscint nótaí bainc euro agus bonn euro (CON/2023/31).

  7. BCE (2024), op. cit.

  8. BCE (2025), Report on card schemes and processors [Tuarascáil ar scéimeanna agus próiseálaithe cártaí], mí Feabhra.

  9. EuroCommerce (2024), “EU businesses’ competitiveness impacted by current cards payments landscape – a call for urgent action” [Acmhainn iomaíochta ghnólachtaí AE thíos le tírdhreach na n-íocaíochtaí le cárta – beart ag teastáil go géar], páipéar seasaimh, 8 Iúil.

  10. Mar shampla, d’fhógair PayPal go bhfuil sé beartaithe aige cripteamhona cobhsaí dá chuid féin – PayPal USD (PYUSD) – a thairiscint mar mhodh íocaíochta do bhreis agus 20 milliún ceannaí beag agus meánmhéide faoi dheireadh 2025. Fágfaidh sé sin go mbeidh ceannaithe in ann a gcuid díoltóirí a íoc go héasca i gcripteamhonaí cobhsaí trí ghné nua a bheadh bunaithe ar PYUSD chun billí a íoc. Seachas íocaíochtaí a sheoladh go leictreonach trí ghréasáin bhaincéireachta thraidisiúnta, beidh gnólachtaí in ann PYUSD a sheoladh ar an toirt, gan aon idirghabhálaithe a bheith bainteach leis. Is féidir PYUSD a úsáid aon áit a nglactar le PayPal, na milliúin ceannaithe ar fud an domhain san áireamh. Dá bhrí sin, is féidir PYUSD a úsáid cheana féin mar mhodh íocaíochta ar ardáin ríomhthráchtála agus ag teirminéil díolphointe, rud a fhágann gur féidir le ceannaithe glacadh le híocaíochtaí ó chustaiméirí.

  11. Féach freisin Lane, P.R. (2025), “” [An euro digiteach: neamhspleáchas an chórais airgeadaíochta a choinneáil], óráid ag Comhdháil 2025 an Chumainn Eacnamaíochta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, 20 Márta.

  12. Tríd an bhfeidhm as líne, bheadh daoine in ann an euro digiteach a úsáid fiú má tá droch-chomhartha líonra acu nó murab ann dó ar chor ar bith. Sula n-íocfadh duine le euro digiteach, bheadh air airgead a chur ar a chuntas íocaíochta as líne ar dtús agus stórálfaí an t-airgead sin go logánta ar a ghaireas. Dhéanfaí an íocaíocht gan aon tríú páirtí a bheith bainteach léi. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi phríobháideachas, féach Daman, M.G.A. (2024), “” [An euro digiteach a dhéanamh fíorphríobháideach], The ECB Blog, BCE, 13 Meitheamh.

  13. Faoi mar atá faoi láthair i gcás córais íocaíochta eile, bheadh soláthraithe seirbhíse íocaíochta a dháileann an euro digiteach in ann táille a ghearradh ar cheannaithe as na seirbhísí sin. Bheadh uasteorainn leis na praghsanna a shocrófaí do cheannaithe agus do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta, mar a mhol an Coimisiún Eorpach ina thogra reachtach maidir leis an euro digiteach. Mar a tharlaíonn nuair a dhéantar nótaí bainc a tháirgeadh agus a eisiúint, d’íocfadh an tEurochóras na costais a bhaineann le scéim agus bonneagar an euro dhigitigh a bhunú.

  14. Tá roinnt samplaí ann de thionscnaimh mhargaidh a bhfuil sé mar aidhm leo modhanna íocaíochta uile-Eorpacha a chur ar fáil. Mar shampla, tá 14 bhanc ón bhFrainc, ón nGearmáin, ón mBeilg, ón Ísiltír agus ó Lucsamburg ag iarraidh branda nua, Wero, a bhunú mar chuid den Tionscnamh Eorpach Íocaíochtaí (EPI). Faoi láthair, cuireann Wero modhanna íocaíochta ar fáil lena n-úsáid duine le duine agus ar líne (nuair a ghlactar leo). Cé gur dul chun cinn é sin, tá raon teoranta ag Wero san Aontas go fóill agus níl sé i gceist aige dul i dtreo íocaíochtaí ag an díolphointe le modh íocaíochta gan tadhall (NFC). Ag an am céanna, cruthaíodh EuroPA, an Comhaontas Eorpach um Íocaíochtaí, faoina bhfuil Bancomat, Bizum agus MB WAY tar éis a seirbhís a leathnú amach chun gur féidir le húsáideoirí san Iodáil, sa Phortaingéil, sa Spáinn agus in Andóra airgead a sheoladh agus a fháil ar an toirt trí uimhir fóin póca. Cé go bhféadfaí córais íocaíochta ar leith a nascadh dá mbeadh na scéimeanna náisiúnta i gcomhréir le chéile, is gá dúshláin mhóra theicniúla agus rialála agus dúshláin ó thaobh eispéireas an úsáideora de a shárú chun córas íocaíochta réidh comhtháite a bhaint amach, go háirithe nuair a chuirtear cásanna úsáide éagsúla amhail an díolphointe agus an ríomhthráchtáil san áireamh. D’fhéadfadh na tionscnaimh phríobháideacha Eorpacha sin leas a bhaint as caighdeáin oscailte agus stádas dlíthairisceana an euro dhigitigh. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí leathnú amach go tíortha nua agus aghaidh a thabhairt ar chásanna úsáide nua ar bhealach níos éifeachtaí ó thaobh costas de.

  15. BCE (2024), Progress on the preparation phase of a digital euro – Second Progress Report [Dul chun cinn maidir le céim ullmhúcháin an euro dhigitigh — an Dara Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn], 2 Nollaig.

  16. Bhunaigh an tEurochóras Grúpa Forbartha an Leabhair Rialacha le haghaidh scéim an euro dhigitigh chun ionchur a fháil ó thionscal an airgeadais, ó thomhaltóirí agus ó cheannaithe. Tá 22 shaineolaí ón earnáil phoiblí agus phríobháideach sa Ghrúpa a bhfuil taithí acu i gcúrsaí airgeadais agus íocaíochtaí. Féach BCE (2023), “” [Baill Ghrúpa Forbartha an Leabhair Rialacha], 15 Feabhra. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an litir ó Piero Cipollone chuig Aurore Lalucq, Cathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta i bParlaimint na hEorpa, dar teideal “Update on work of digital euro Rulebook Development Group” [An t-eolas is déanaí faoi obair Ghrúpa Forbartha an Leabhair Rialacha le haghaidh an euro dhigitigh], 5 Meán Fómhair 2024.

  17. Dhéanfaí caighdeáin choiteanna ar fud an limistéir euro a leagan síos i leabhar rialacha an euro dhigitigh. Chuirfí caighdeáin inghlacthachta an euro dhigitigh ar fáil saor in aisce lena n-athúsáid ag páirtithe príobháideacha, a bheadh in ann a gcuid seirbhísí a fhorbairt ar an mbonn sin. Cuideoidh sé sin le soláthraithe príobháideacha a chinntiú go nglacfar lena gcuid seirbhísí ar leibhéal teicniúil ar bhonn uile-Eorpach. Fágfaidh sé sin go mbeidh éifeachtúlachtaí costais agus margadh íocaíochta Eorpach níos comhtháite ann. Trína raon geografach agus réimse táirgí araon a leathnú, beidh sé níos éasca orthu dul san iomaíocht go hidirnáisiúnta. Cé gur cinnte go nglacfaí lena gcuid seirbhísí ar bhonn teicniúil, bheadh comhaontuithe tráchtála ag teastáil i gcónaí.

  18. Tá BCE ag obair i gcomhar le saineolaithe ó na bainc cheannais náisiúnta agus na húdaráis inniúla náisiúnta chun modheolaíocht chuimsitheach a fhorbairt chun an uasmhéid euro dhigitigh is féidir le duine a bheith ina sheilbh aige a chinneadh. Ag an seisiún teicniúil maidir le euro digiteach a reáchtáladh ar an 16 Iúil 2024, roinn na comhlachais atá ar an mBord um Íocaíochtaí Miondíola Euro a dtuairimí faoi na nithe a bhfuil tionchar acu ar an gcinneadh sin agus cuireadh san áireamh sa phróiseas forbartha iad. Féach BCE (2024), “” [Réamh-mhodheolaíocht chun teorainneacha sealbhaíochta a chinneadh], 10 Nollaig.

  19. BCE (2024), “Call for expressions of interest in innovation partnerships for the digital euro” [Glao ar léiriú spéise i gcomhpháirtíochtaí nuálaíochta don euro digiteach], MIP News, 31 Deireadh Fómhair.

  20. I measc na n-iarratasóirí bhí 25 ghnólacht nuathionscanta, 18 gcuideachta TF, 10 soláthraí seirbhíse íocaíochta eile, 9 n-ollscoil agus 5 bhanc. I measc na samplaí de chásanna úsáide nua tá (i) córas iompair fo-uirbeach a bhaineann úsáid as fón cliste mar ghaireas seiceála isteach/amach agus a cheadaíonn aisíocaíocht choinníollach má chuirtear moill ar sheirbhís agus (ii) cearta tomhaltóirí á gcur i bhfeidhm chun tarraingt siar as síntiúis, próiseas nach mbíonn trédhearcach i gcónaí.

  21. In 2024, chuireamar tús leis an bpróiseas chun soláthraithe féideartha a roghnú. D’eisíomar glaonna ar iarratais chun creat-chomhaontuithe a bhunú le haghaidh cúig ghné den euro digiteach a mheastar a bheidh á n-oibriú ag soláthraithe lasmuigh den Eurochóras: (i) an ghné cuardaigh ailias; (ii) an ghné chun faisnéis íocaíochta a mhalartú go slán; (iii) an ghné bainistithe calaoise agus riosca; (iv) an fheidhm as líne; agus (v) aip euro dhigitigh agus trealamh forbartha bogearraí gaolmhar. Thiocfadh gnéithe eile, ar nós córas socraíochta íocaíochta, ó laistigh den Eurochóras. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an litir ó Piero Cipollone chuig Irene Tinagli, Cathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta i bParlaimint na hEorpa, dar teideal “Update on work of digital euro Rulebook Development Group and start of selection procedure for potential digital euro providers” [An t-eolas is déanaí faoi obair Ghrúpa Forbartha an Leabhair Rialacha le haghaidh an euro dhigitigh agus tús an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh soláthraithe féideartha euro dhigitigh], 3 Eanáir 2024.

  22. Tá soláthraí speisialaithe fostaithe ag an mBanc Ceannais Eorpach chun taighde cuimsitheach a dhéanamh ar úsáideoirí. Cuireadh tús leis i mí Mheán Fómhair 2024. Tá sé mar aidhm leis an taighde sin léargas a fháil ar roghanna na n-úsáideoirí, rud a fhágfaidh gur féidir linn gníomhú ina leith ar mhaithe le gné dhíolacháin an euro dhigitigh a fheabhsú. I measc na bpríomhréimsí fócais tá: (i) anailís ghinearálta deighilte ar an bpobal i gcoitinne chun cé a d’úsáidfeadh euro digiteach agus cad a bheadh ag teastáil uathu a fháil amach; (ii) roghanna na n-úsáideoirí maidir leis an uasmhéid euro dhigitigh is féidir le duine a bheith ina sheilbh aige, rud a bheidh mar bhonn eolais don obair theicniúil ar na modheolaíocht chun an teorainn sealbhaíochta sin a chinneadh; agus (iii) staidéir chuimsitheacha a dhéantar le grúpaí leochaileacha agus ceannaithe beaga. I measc na modheolaíochtaí atá in úsáid tá suirbhéanna, grúpaí fócais, agallaimh le daoine agus pobal ar líne chun dul i gcomhairle go tapa le húsáideoirí. Táthar ag súil go bhfoilseofar na torthaí taighde i lár na bliana 2025.

  23. Parlaimint na hEorpa (2025), TUARASCÁIL maidir leis an mBanc Ceannais Eorpach – tuarascáil bhliantúil 2024, 22 Eanáir.

  24. BCE (2020), Report on a digital euro [Tuarascáil ar euro digiteach], mí Dheireadh Fómhair.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa