Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar an mbliain

A person wearing a pink jacket and scarf

Description automatically generated

In 2023, neartaigh an Banc Ceannais Eorpach an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne an bhoilscithe sa limistéar euro. Bhí boilsciú príomha fós gar don ráta is airde riamh ag tús na bliana. Cé go raibh na héifeachtaí diúltacha a bhí ag turraingí soláthair agus éilimh san am atá caite ag maolú, bhí siad fós ag cur le praghsanna. Ach a bhuí le dhá phríomhfhorbairt, réitíodh an bealach chun go dtiocfadh laghdú mór ar an mboilsciú i rith na bliana.

Ar an gcéad dul síos, thosaigh éifeachtaí na dturraingí a bhí ann roimhe seo ag dul i léig. Tháinig laghdú suntasach ar phraghsanna fuinnimh, ar tháinig méadú mór orthu mar thoradh ar chogadh gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus tháinig maolú níos mó ar scrogaill soláthair dhomhanda. B’ionann an laghdú ar phraghsanna fuinnimh, go háirithe, agus leath den laghdú ar an mboilsciú in 2023. Ar an dara dul síos, lean an Banc Ceannais Eorpach den bheartas airgeadaíochta a dhéanamh níos doichte, rud a chuidigh leis an mboilsciú a laghdú tuilleadh trí éileamh a mhaolú. Ar an iomlán, ó mhí Eanáir go mí Mheán Fómhair, d’ardaíomar rátaí úis 200 bonnphointe breise.

Agus an méid sin á dhéanamh againn, leanamar de chur chuige a bhraitheann ar shonraí a leanúint maidir le cinntí faoi rátaí i bhfianaise na timpeallachta atá thar a bheith neamhchinnte. Chun calabrú cruinn a dhéanamh ar a mhéid is gá rátaí a ardú, thugamar isteach trí chritéar: an t-ionchas boilscithe, dinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Faoi mhí Mheán Fómhair, chonaiceamar go raibh feabhas ag teacht ar an ionchas boilscithe agus go raibh an beartas airgeadaíochta á tharchur go láidir. Ach d’fhan an boilsciú bunúsach ardaithe agus bhí an brú ar phraghsanna intíre láidir.

Chinneamar ar an mbonn sin go raibh leibhéil sroichte ag eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh, dá gcothófaí ar feadh tréimhse sách fada iad, a rannchuideodh go mór le boilsciú a thabhairt ar ais go tráthúil go dtí ár sprioc. Ag an am céanna, gheallamar rátaí a choinneáil ar na leibhéil sin chomh fada agus ba ghá, agus leanúint de chur chuige a bhraitheann ar shonraí a leanúint, bunaithe ar na critéir chéanna, chun leibhéal agus fad iomchuí an tsriain a chinneadh.

I gcomhthráth, chuireamar normalú chlár comhardaithe an Eurochórais chun cinn lena chinntiú go raibh sé comhsheasmhach lenár seasamh foriomlán i gcónaí. Tháinig laghdú os cionn €1 trilliún air in 2023, agus aibiú agus aisíocaíochtaí luatha faoinár n-oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fadtéarmacha ba chúis le cuid mhór den laghdú sin. Thugamar chun críche freisin athinfheistíochtaí faoinár gclár ceannaithe sócmhainní de réir mar a chuaigh an bhliain ar aghaidh. Agus, i mí na Nollag, d’fhógraíomar go gcuirfí deireadh de réir a chéile le hathinfheistíochtaí faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime.

Agus an dul chun cinn sa chomhrac i gcoinne an bhoilscithe á neartú againn, chuireamar chun cinn ár gcuid oibre maidir le rioscaí a bhaineann leis an aeráid a chur san áireamh laistigh dár gcúraimí. I mí an Mhárta, d’fhoilsíomar na chéad nochtuithe airgeadais a bhaineann leis an aeráid ar shealúchais na hearnála corparáidí ag an Eurochóras. Tháinig laghdú thart ar dhá thrian ar dhéine carbóin ár n-athinfheistíochtaí sócmhainní corparáideacha sa 12 mhí ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 nuair a bhí tús curtha againn lena n-athdhíriú i dtreo eisitheoirí a bhfuil feidhmíocht aeráide níos fearr acu.

In 2023, rinneamar dul chun cinn suntasach i réimse eile atá ríthábhachtach dár gcuid oibre: íocaíochtaí. Sheolamar ár gcóras nua íocaíochta mórdhíola T2 i mí an Mhárta. Cuireann T2 le comhchuibhiú agus le héifeachtúlacht mhargaí airgeadais na hEorpa, trí chóras nua ollsocraíochta fíor-ama a thabhairt isteach – a thagann in ionad chóras TARGET2 a bhí i bhfeidhm ó 2007 – agus trí chuíchóiriú a dhéanamh ar bhainistíocht leachtachta airgead bainc ceannais.

Sheolamar céim ullmhúcháin thionscadal an euro dhigitigh freisin. Cuireadh tús leis an gcéim sin i mí na Samhna tar éis céim imscrúdaithe thairbheach dhá bhliain, agus leagfar síos léi an bhunchloch le haghaidh eisiúint fhéideartha an euro dhigitigh. Chuirfeadh euro digiteach le hairgead tirim, ní thiocfadh sé ina ionad. Is é an t-airgead tirim an modh íocaíochta is minice a úsáidtear i measc shaoránaigh an limistéir euro, agus measann tromlach soiléir go bhfuil sé tábhachtach a bheith in ann íocaíochtaí a dhéanamh in airgead tirim.

Sin an fáth a bhfuil sraith nua nótaí bainc euro á hullmhú ag an mBanc Ceannais Eorpach – an tsiombail is follasaí agus is feiceálaí d’aontacht na hEorpa. Roghnaigh an Chomhairle Rialaithe ‘‘Cultúr na hEorpa’’ agus ‘‘Aibhneacha agus éin’’ mar dhá théama a d’fhéadfadh a bheith ann don tsraith nua seo, bunaithe ar thoradh dhá shuirbhé phoiblí a rinneadh i samhradh na bliana 2023. Ag féachaint chun cinn, beidh deis ag saoránaigh na hEorpa a roghanna a chur in iúl maidir le gearrliosta de dhearaí féideartha, agus táthar ag súil go ndéanfaidh an Banc Ceannais Eorpach cinneadh maidir leis na dearaí deiridh in 2026.

I mbliain inar ndearnadh comóradh ar 25 bliana ó bunaíodh an Banc Ceannais Eorpach, rinneamar ceiliúradh ar theacht isteach na Cróite sa limistéar euro. 20 tír atá sa limistéar euro ó ghlac an Chróit an euro i mí Eanáir - beagnach dhá oiread líon na dtíortha a bhí ann nuair a seoladh an t-airgeadra aonair den chéad uair. Léiríonn leathnú an limistéir euro tarraingteacht leanúnach ár n-aontais airgeadaíochta i ndomhan atá ag éirí níos dothuartha de réir a chéile. In 2023, d’fhan tacaíocht na ndaoine don euro gar do na leibhéil is airde riamh.

Níorbh fhéidir an méid sin go léir a dhéanamh gan obair chrua agus tiomantas fhoireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh dár misean: cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun do mhuintir an limistéir euro. Is mór an onóir dom a bheith i gceannas orthu agus ar an institiúid seo.

Frankfurt am Main, Aibreán 2024

Christine Lagarde

Uachtarán

Figiúirí na bliana

Bhí margadh saothair an limistéir euro athléimneach

Tháinig laghdú géar ar bhoilsciú sa limistéar euro

B’ionann an ráta dífhostaíochta sa limistéar euro agus 6.5% ar an meán in 2023, ag titim ó 6.6% in Eanáir go 6.5% i Márta agus bhí sé cobhsaí tríd is tríd don chuid eile den bhliain.

B’ionann boilsciú príomha sa limistéar euro agus 2.9% i Nollaig 2023, anuas ó 9.2% i Nollaig 2022. D’éirigh an laghdú ní ba leithne de réir a chéile ar fud na gcomhpháirteanna éagsúla.



D’ardaigh BCE a eochair-rátaí úis tuilleadh

Neartaíodh tuilleadh athléimneacht na mbanc sa limistéar euro

D’ardaigh BCE a eochair-rátaí úis faoi 200 bonnphointe le linn 2023, sa chaoi gurbh ionann agus 4% ráta na saoráide taisce. Rinneadh an géarú ar bheartas airgeadaíochta a tharchur go láidir chuig an ngeilleagar.

Sa tríú ráithe, b’ionann agus 15.6% cóimheas Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (CET1) na mbanc sa limistéar euro. Bhí sé seo gar dá leibhéal is airde ó cuireadh tús le maoirseacht Eorpach ar bhaincéireacht agus léirigh sé brabúsacht ní b’airde agus dí-rioscú phunanna na mbanc.



Roghanna íocaíochta

Táscairí nua staidrimh BCE maidir leis an athrú aeráide

Síleann 60% de shaoránaigh an limistéir euro go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh an rogha acu íocaíochtaí a dhéanamh in airgead tirim. Ag an am céanna, is fearr le hos cionn leath de thomhaltóirí an limistéir euro íocaíochtaí a dhéanamh le cárta nó le modhanna ríomhíocaíochta eile.

D’fhoilsigh BCE trí thacar nua de tháscairí staidrimh ar airgeadas inbhuanaithe, astaíochtaí carbóin agus rioscaí fisiciúla mar chuid dá phlean gníomhaíochta níos leithne ar son na haeráide.



Cothrom 25 bliana ó bunaíodh an Banc Ceannais Eorpach

Dícharbhónú phunann na hearnála corparáidí

In 2023, chomóir BCE cothrom 25 bliana a bhunaithe leis an mana “Luach na hAontachta”, rud a thug deis dó aird a tharraingt ar rath an airgeadra aonair agus na buntáistí a bhaineann leis do mhuintir na hEorpa.

Tháinig laghdú breis agus 65% ar dhéine carbóin athinfheistíochtaí sa 12 mhí tar éis tús a chur le hathinfheistíochtaí claonta i mí Dheireadh Fómhair 2022.

1 Tá laghdú géar ar bhoilsciú de réir mar a leantar den ghéarú ar bheartas airgeadaíochta BCE a tharchur go láidir

D’éirigh ní b’fhearr leis an ngeilleagar domhanda in 2023 ná mar a bhíothas ag súil leis, agus lean sé de bheith ag leathnú ar luas measartha. Bhí an leathnú á spreagadh ag fás eacnamaíoch i ngeilleagair atá i mbéal forbartha agus sna Stáit Aontaithe, fad a bhí formhór na ngeilleagar sárfhorbartha buailte ag dálaí géaraithe maoiniúcháin agus móréiginnteacht gheopholaitiúil. Tháinig leathnú suntasach ar bhoilsciú domhanda de réir mar a laghdaigh praghsanna tráchtearraí fuinnimh, fad a bhí bunbhrúnna praghsanna ard i gcónaí. Neartaigh an euro i dtéarmaí ainmniúla agus in aghaidh dhollar SA.

Lagaigh an fás eacnamaíoch sa limistéar euro in 2023. Rinneadh difear go háirithe don earnáil tionsclaíochta le dálaí maoiniúcháin níos géire, costais ionchuir níos airde agus éileamh lag domhanda, fad a bhí éifeachtaí leanúnacha ó athoscailt an gheilleagair i ndiaidh na paindéime ag tacú i gcónaí leis an earnáil seirbhísí. Fad a bhí géarú rátaí úis BCE á tharchur go láidir chuig gníomhaíocht eacnamaíoch, d’fhan an margadh saothair sách athléimneach. Lean rialtais an limistéir euro de chlabhsúr a chur de réir a chéile ar na bearta tacaíochta arna nglacadh mar fhreagairt don phaindéim, do thurraingí praghsanna fuinnimh agus do thurraingí boilscithe, sa chaoi gur aisiompaíodh go páirteach an scaoileadh fioscach a rinneadh roimhe sin. Tháinig laghdú géar ar bhoilsciú príomha sa limistéar euro, a bhuí go háirithe leis an laghdú ar bhoilsciú fuinnimh go staid dhiúltach de réir mar a tháinig deireadh leis an mborradh láidir a bhí ar phraghsanna fuinnimh in 2022. Thosaigh boilsciú bunúsach ag maolú freisin, rud a thacaíonn le próiseas frithbhoilscithe ginearálta agus a léiríonn iarmhairt mhaolaitheach na dturraingí roimhe seo agus éifeachtaí méadaitheacha beartais airgeadaíochta níos géire. Ar a shon sin, tháinig brúnna praghsanna intíre in áit brúnna seachtracha mar phríomhspreagthaí an bhoilscithe, de réir mar a thacaigh an margadh saothair le fobairtí láidre pá ainmniúil, sa mhéid go raibh cúiteamh á lorg ag oibrithe as caillteanais roimhe seo ar chumhacht ceannaigh de bharr an bhoilscithe.

2 Beartas airgeadaíochta i staid shriantach

In 2023, choinnigh BCE air ag ardú eochair-rátaí úis beartais go leibhéil a bhí sách sriantach chun a chinntiú go bhfillfeadh boilsciú ar sprioc mheántéarmach 2%, agus choinnigh sé iad ag na leibhéil sin. Sna chéad naoi mí den bhliain, d’ardaigh sé rátaí faoi 200 bonnphointe, sa chaoi gurbh ionann ráta na saoráide taisce agus 4% de réir mar a bhí brú boilscitheach fíor-ard, arna eascairt as ardchostais fuinnimh, ag leathnú ar fud an gheilleagair. Bhí praghsanna arda bia ar cheann de na príomhchúiseanna a bhí leis sin freisin. De bhreis air sin, bhí brú aníos i gcónaí ar phraghsanna de bharr éifeachtaí na scrogall soláthair agus an éilimh folaigh a bhain leis na srianta paindéime, in ainneoin go raibh na héifeachtaí sin ag maolú, agus bhí méadú ar fhás pá. Le cinntí BCE, léiríodh cur chuige a bhí ag brath ar shonraí agus bhíodar bunaithe ar an measúnú ar an ionchas boilscithe meántéarmach i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na dinimice maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. I gcaitheamh na bliana, léirigh an fhaisnéis a bhí ar fáil go raibh an géarú ar bheartas airgeadaíochta á tharchur go láidir chuig an ngeilleagar. Ina theannta sin, léirigh sonraí nua maidir le boilsciú go raibh dul chun cinn á dhéanamh i gcónaí maidir le próiseas an fhrithbhoilscithe, mar a léiríodh go háirithe leis an laghdú ar na tomhais ar bhoilsciú. Ar deireadh thiar, chinn an Chomhairle Rialaithe ag a cruinnithe i mí Dheireadh Fómhair agus mí na Nollag, gan aon athrú a dhéanamh ar eochair-rátaí úis BCE.

Lean clár comhardaithe an Eurochórais de bheith ag crapadh mar chuid de normalú an bheartais airgeadaíochta a thosaigh in 2022, d’ainneoin €45 billiún breise ó chlár comhardaithe Hrvatska narodna banka tar éis don Chróit an euro a ghlacadh ar an 1 Eanáir 2023. B’ionann clár comhardaithe an Eurochórais agus €6.9 trilliún faoi dheireadh na bliana, laghdú breis agus €1 trilliún in aon bhliain amháin agus laghdú €2 trilliún nach mór nuair a chuirtear é i gcomparáid lena bhuaicleibhéal i lár na bliana 2022. Bhí an laghdú inchurtha d’aisíocaíochtaí a bhí ag teacht in aibíocht agus d’aisíocaíochtaí luatha ar chistí fadtéarmacha arna bhfáil ar iasacht ag bainc faoin tríú sraith d’oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fadtéarmacha (OASF III) agus, mar thaca leis, bhí deireadh chéim na hathinfheistíochta iomláine agus páirtí sa chlár ceannaithe sócmhainní (APP), sna tréimhsí a thosaigh i mí an Mhárta agus i mí Iúil faoi seach. I mí na Nollag 2023, chinn an Chomhairle Rialaithe go ndéanfaí dul chun cinn maidir le normalú chlár comhardaithe an Eurochórais nuair a d’fhógair sí go raibh sé ar intinn aici deireadh a chur de réir a chéile le hathinfheistíochtaí faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) ó mhí Iúil 2024. Tar éis an fógra a thabhairt i mí na Nollag 2022, bhí an tEurochóras ag obair in 2023 ar an athbhreithniú ar a chreat oibríochtúil chun rátaí gearrthéarmacha úis a stiúradh, agus tugadh an t-athbhreithniú sin chun críche i Márta 2024.

Thairis sin, lean BCE ar aghaidh in 2023 ag cur deireadh de réir a chéile lena bhearta maolaitheacha comhthaobhachta a bhain leis an bpaindéim, rud a bhí tosaithe aige in 2022, agus rinneadh rátáil chreidmheasa na Poblachta Heilléanaí a úasghrádú go leibhéal gráid infheistíochta. Le linn 2023, leag an tEurochóras béim ar bhainistíocht riosca d’fhonn cur chun feidhme éifeachtúil beartais a áirithiú, lena n-áirítear trí éagsúlú a dhéanamh ar na foinsí measúnaithe creidmheasa a nglacann sé leo. I bhfianaise gur ardaíodh na heochair-rátaí úis chun boilsciú a thabhairt anuas, thabhaigh BCE caillteanais ó ioncam úis diúltach, ar caillteanais iad a fritháiríodh go páirteach ag maoláin airgeadais a bunaíodh roimhe sin. Meastar go dtiocfaidh méadú arís ar ioncam airgeadaíochta BCE amach anseo, rud a thacóidh lena éifeachtacht oibríochtúil.

3 An earnáil airgeadais Eorpach: athléimneach ach ag oibriú i dtimpeallacht leochaileach cobhsaíochta airgeadais

Bhí bainc sa limistéar euro athléimneach in 2023, go háirithe i bhfianaise cliseadh banc sna Stáit Aontaithe agus san Eilvéis. Thairbhigh siad den dul chun cinn a bhí déanta i réimsí éagsúla, mar aon le rannpháirtíocht leanúnach maoirseachta. Dá ainneoin sin, bhí timpeallacht na cobhsaíochta airgeadais leochaileach i gcónaí de réir mar a thug dálaí maoiniúcháin níos géire dúshlán don fhíorgheilleagar agus don earnáil airgeadais. Lean údaráis náisiúnta de mhaoláin mhacrastuamachta a chur chun feidhme nó a ghéarú d’fhonn neart na hearnála baincéireachta a fheabhsú. Thairis sin, feabhsaíodh tuilleadh na creataí rialála do na bainc, agus do bhonneagar agus nuálaíochtaí airgeadais, d’fhonn athléimneacht fhadtéarmach an chórais airgeadais a mhéadú.

4 Feidhmiú rianúil bhonneagar an mhargaidh agus íocaíochtaí

Tá ról lárnach ag an Eurochóras i bhforbairt, in oibriú agus i bhformhaoirsiú bhonneagair an mhargaidh agus íocaíochtaí. In 2023, rinne an tEurochóras athnuachan rathúil ar a chóras íocaíochta mórdhíola agus lean sé d’fhorbairt a dhéanamh ar Sheirbhísí TARGET. D’fhonn comhtháthú agus nuálaíocht in íocaíochtaí agus i margaí urrús a fheabhsú tuilleadh, rinne an tEurochóras nuashonrú ar a straitéis íocaíochtaí miondíola agus thosaigh sé ar anailís a dhéanamh ar an iarmhairt a d’fhéadfadh a bheith ag teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn ar shocrú idirbheart airgeadais mordhíola. Ina chuid oibre maidir leis an euro digiteach, bhog an tEurochóras ar aghaidh ó chéim an imscrúdaithe go céim an ullmhúcháin.

5 Gníomhaíochtaí oibríochtaí margaidh agus seirbhísí airgeadais eile a chuirtear ar fáil d’institiúidí eile

I mí Lúnasa 2023, d’fhormheas an tEurochóras creat nua maidir le línte leachtachta euro a sholáthar do bhainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro agus choimeád sé roinnt línte leachtachta ar bun le bainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro agus, ar an gcaoi sin, chuir sé cúlstop ar fáil don mhaoiniú margadhbhunaithe. Lean BCE d’oibríochtaí dhollar na Stát Aontaithe a thairiscint do chontrapháirtithe an limistéir euro ar bhonn rialta. Ní dhearnadh idirghabhálacha BCE sa mhargadh malairte eachtraí. Lean BCE de bheith freagrach as oibríochtaí éagsúla airgeadais a riaradh thar ceann an Aontais Eorpaigh agus ghlac sé ról comhordúcháin maidir le creat an Eurochórais um sheirbhísí bainistíochta cúlchistí.

6 Is é airgead tirim an modh íocaíochta is minice a bhíonn in úsáid ag saoránaigh Eorpacha, agus bíonn leibhéal íseal góchumtha i gceist

Rinne na méaduithe ar eochair-rátaí úis BCE difear do chúrsaíocht nótaí bainc euro de réir mar a tháinig laghdú ar shealúcháis airgid thirim mar stór luacha. Síleann tromlach mór de shaoránaigh na hEorpa go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh an rogha acu íocaíochtaí a dhéanamh in airgead tirim. Dá réir sin, tá sé mar aidhm ag BCE a chinntiú go mbeidh rochtain éifeachtach ar airgead tirim agus go mbeidh glacadh leis sa limistéar euro.

Ina theannta sin, tá an tEurorchóras meáite ar a chinntiú go mbeidh airgead tirim chomh hinbhuanaithe agus chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir agus tá measúnú déanta aige ar lorg comhshaoil na nótaí bainc mar mhodh íocaíochta. Leis na hullmhúcháin chun sraith nua nótaí bainc euro a fhorbairt, tá deis againn nasc a chruthú idir nótaí bainc euro agus muintir uile na hEorpa. Dá bhrí sin, téitear i gcomhairle leis an bpobal le linn an phróisis deartha.

7 Staidreamh

Déanann BCE - le cúnamh ó na bainc cheannais náisiúnta (BCNanna) - raon leathan staidrimh agus sonraí riachtanacha a fhorbairt, a bhailiú, a chomhthiomsú agus a scaipeadh chun tacú le beartas airgeadaíochta BCE, mar aon le cúraimí cobhsaíochta airgeadais agus cúraimí eile de chuid an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) agus an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach. Bíonn an staidreamh seo á úsáid freisin ag údaráis phoiblí, eagraíochtaí idirnáisiúnta, rannpháirtithe margaidh airgeadais, na meáin agus ag an bpobal i gcoitinne, agus cuidíonn sé le BCE trédhearcacht a chuid oibre a fheabhsú.

In 2023, dhírigh BCE ar staidreamh nua don limistéar euro, eadhon tuairisciú mionsonraithe ar staidreamh seachtrach agus miondealuithe ar iasachtaí, airgeadra agus taiscí an fhiachais rialtais. Ina theannta sin, chinn BCE go leathnófaí an daonra tuairiscithe don Tuairisciú Staidrimh ar an Margadh Airgid agus d’fhoilsigh sé staidreamh nua ar chuntais airgeadais ina raibh miondealú ar árachas saoil agus ar theidlíochtaí pinsin de réir riosca infheistíochta. Mar chuid dá phlean gníomhaíochta ar son na haeráide, d’fhoilsigh BCE táscairí a bhaineann leis an aeráid ar a shuíomh gréasáin. Thairis sin, sheol an tEurochóras suirbhé chun measúnú a dhéanamh ar na hábhair a chuirfí san áireamh i raon an Chreata um Thuairisciú Comhtháite.

8 Gníomhaíochtaí taighde BCE

In 2023, dhírigh taighde BCE, i measc nithe eile, ar mheasúnú ar fhorbairtí boilscithe, ar tharchur airgeadaíochta, ar an athrú aeráide, agus ar athrú struchtúrach. Go sonrach, sheol Ceannasaithe Taighde an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) Líonra Taighde maidir le Dúshláin do Tharchur Beartais Airgeadaíochta i nDomhan atá ag Athrú (ChaMP) lena bhféachtar le tacair sonraí ghráinneacha a úsáid chun anailís a dhéanamh ar neart, luas agus ilchineálacht na gcainéal tarchuir airgeadaíochta sa limistéar euro i bhfianaise turraingí nach bhfacthas riamh roimhe, athruithe struchtúracha agus dinimic athraitheach an bhoilscithe. Leis an Líonra um Airgeadas agus Tomhaltas Teaghlach (HFCN), leanadh de léargas nua a thabhairt ar iarmhairt an bhoilscithe ar theaghlaigh ilchineálacha ar fud an limistéir euro. Tá Suirbhé BCE ar Ionchais Tomhaltóirí sean-bhunaithe anois mar fhoinse luachmhar léargais beartas agus taighde ar ionchais teaghlach a fhoirmiú. B’ábhar tábhachtach i gcónaí é an t-athrú aeráide i ngníomhaíochtaí taighde BCE. Bhí BCE ag obair i ndlúthchomhar freisin le bainc cheannais náisiúnta laistigh de bhraislí taighde CEBC, agus eagraíodh ceardlanna bliantúla chun na saincheisteanna is práinní ina gcuid réimsí speisialtóireachta a phlé.

9 Gníomhaíochtaí dlíthiúla agus dualgais dhlíthiúla BCE

Sa chaibidil seo, déileáltar le dlínse na Cúirte Breithiúnais maidir le BCE, cuirtear faisnéis ar fáil maidir le tuairimí BCE agus maidir le cásanna de neamhchomhlíonadh na hoibleagáide chun dul i gcomhairle le BCE maidir le dréacht-reachtaíocht a thagann laistigh dá réimsí inniúlachta. Tuairiscítear freisin sa chaibidil seo ar an bhfaireachán a dhéanann BCE ar chomhlíonadh an toirmisc ar mhaoiniú airgeadaíochta agus ar rochtain phribhléideach.

10 BCE i gcomhthéacs AE agus idirnáisiúnta

Lean BCE den dlúthchomhar lena mhacasamhlacha Eorpacha agus idirnáisiúnta in 2023. Is gné riachtanach de chreat cuntasachta BCE é an nasc idir BCE agus Parlaimint na hEorpa. Ghlac BCE páirt in éisteachtaí rialta agus bhí comhfhreagras rialta aige leis an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta de chuid Pharlaimint na hEorpa (ECON). De bhreis air sin, bhí teagmháil ag BCE le ECON mar chuid dá obair leanúnach ar euro digiteach. Ar leibhéal idirnáisiúnta, bhí plé tairbheach ag BCE lena chomhpháirtithe G20. Thacaigh sé, i measc rudaí eile, le tionscnaimh Uachtaránacht na hIndia maidir le rialáil na hearnála airgeadais, le híocaíochtaí trasteorann agus le cripteashócmhainní. Ina theannta sin, lean BCE de pháirt a ghlacadh i bplé a bhí ábhartha do bhainc cheannais ar shaincheisteanna éagsúla a bhain le feidhmiú an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), lena n-áirítear an t-athbhreithniú ar chuótaí CAI, coigeartuithe ar bheartais iasachtaithe agus ar shraith straitéisí CAI, agus nithe a bhaineann le Cearta Speisialta Tarraingthe (CSTanna) agus treorú CSTanna.

11 Dea-rialachas, inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil a chur chun cinn

Déanann BCE obair ríthábhachtach ar shaincheisteanna comhshaoil, sóisialta agus rialachais. I gcás institiúid phoiblí amhail BCE, folaíonn sé sin a chuntasacht i leith shaoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE) agus a n-ionadaithe tofa, cumarsáid agus rannpháirtíocht le lucht spéise éagsúil, cloí leis na caighdeáin eitice agus trédhearcachta is airde, fostaithe a chumasú agus a bhfolláine a chur chun cinn, agus aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí agus rioscaí aeráide agus comhshaoil.

12 Ár bhfoireann

An 1 Meitheamh 1998, thosaigh an Banc Ceannais Eorpach ag feidhmiú mar bhanc ceannais an limistéir euro le sainordú soiléir chun cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun. Le cothrom 25 bliana ó bunaíodh BCE in 2023, tapaíodh an deis chun an méid mór a bhí bainte amach ag an institiúid le linn na tréimhse sin a cheiliúradh. Anseo thíos, tá a dtaithí phearsanta roinnte ag comhghleacaithe BCE a bhíodh ag obair san Institiúid Eorpach Airgeadaíochta, réamhtheachtaí BCE, agus atá fós ag obair don institiúid sa lá atá inniu ann. Tugann siad cur síos go háirithe ar an taithí a bhí acu ag obair in institiúid nua a bhí cosúil le gnólacht nuathionscanta agus ar an gcaoi inar rannchuidigh siad le spriocanna tábhachtacha a ghnóthú de réir mar a bhain BCE áit amach dó féin i measc a phiaraí agus de réir mar a d’fhorbair sé le himeacht ama.

Cuntais Bhliantúla

https://www.ecb.europa.eu/press/annual-reports-financial-statements/annual/annual-accounts/html/ecb.annualaccounts2023~f5a98cb02b.ga.html

Clár comhardaithe comhdhlúite an Eurochóras amhail ar an 31 Nollaig 2023

https://www.ecb.europa.eu/press/annual-reports-financial-statements/annual/balance/html/ecb.eurosystembalancesheet2023~ca350ad75e.ga.html

© An Banc Ceannais Eorpach, 2024

Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
Teileafón +49 69 1344 0
Suíomh Gréasáin www.ecb.europa.eu

Gach ceart ar cosaint. Ceadaítear atáirgeadh chun críocha oideachais agus neamhthráchtála fad is a aithnítear an fhoinse.

Chun téarmaíocht shonrach a fháil, féach ar ghluais BCE (ar fáil i mBéarla amháin).

HTML ISBN 978-92-899-6695-5, ISSN 2600-5107, doi:10.2866/530207, QB-AA-24-001-GA-Q