Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Achoimre Fheidhmeach

Is é airgead tirim an cineál íocaíochta is minice a úsáideann Eorpaigh ag an díolphointe (POS).[1] Ar an gcúis sin, ní mór bonneagar leordhóthanach timthrialla airgid a bheith i bhfeidhm, le córas dáileacháin leordhóthanach a ligeann do dhaoine agus do ghnólachtaí rochtain a fháil ar airgead tirim tríd an líonra uathmheaisíní bainc (ATM), brainsí bainc agus pointí rochtana eile airgid. Teastaíonn ó Eorpaigh go nglacfaidh miondíoltóirí lena gcuid airgid thirim, agus teastaíonn ó mhiondíoltóirí bonneagar cuí a bheith i bhfeidhm chun an t-airgead tirim a fhaigheann siad a chur i dtaisce.

Ní mór go leor gnéithe eile a chur san áireamh sa bhreis ar bhonneagar dea-fheidhmiúil chun muinín agus timthriall airgid nótaí bainc euro inmharthana a chinntiú, amhail cáilíocht agus slándáil na nótaí bainc. Ba cheart gnéithe comhshaoil, sláinte agus sábháilteachta a chur san áireamh freisin chun a chinntiú go bhfuil na nótaí bainc sábháilte le húsáid agus nach bhfuil tionchar diúltach acu ar an gcomhshaol. Ní hamháin go raibh gnéithe comhshaoil nótaí bainc euro agus timthriall an airgid thirim ina dtosaíocht ag an Eurochóras ó seoladh an euro in 2002 ach tá siad ina bpríomhghné dá straitéis airgid thirim freisin.[2] Leanadh leis na hiarrachtaí chun an tionchar a bhíonn ag nótaí bainc euro ar an gcomhshaol a laghdú, agus leanfar ar aghaidh leo.

Tar éis sheoladh an dara sraith nótaí bainc euro – sraith Europa – thosaigh an Banc Ceannais Eorpach ag déanamh measúnú ar thionchar comhshaoil nótaí bainc euro mar mhodh íocaíochta le staidéar nua.[3] Tá an staidéar seo bunaithe ar mhodheolaíocht an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Lorg Comhshaoil Táirge (PEF).[4]

Is iad seo a leanas aidhmeanna an staidéir PEF seo: (i) eolas cuimsitheach a bhaint amach ar an tionchar ar an gcomhshaol a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí uile timthrialla iomláin airgid nótaí bainc, ó amhábhar a fháil agus a mhonarú go dtí diúscairt nótaí bainc euro, agus (ii) an tionchar ar an gcomhshaol a d’fhéadfadh a bheith ag nótaí bainc mar ionstraim íocaíochta a thomhas, chun cuidiú le gnéithe i saolré nótaí bainc ar féidir díriú orthu a shainaithint tuilleadh chun lorg comhshaoil nótaí bainc euro a laghdú.

Fuarthas amach sa staidéar PEF seo gurb ionann an scór foriomlán aonair le haghaidh mheánluach bliantúil na n-íocaíochtaí in airgead tirim in aghaidh an tsaoránaigh sa limistéar euro (SLE) in 2019 agus 101 mhicreaphointe (µPt). Is ionann an scór an-íseal sin agus SLE ag tiomáint carr caighdeánach ar feadh 8 km, nó 0.01 % den tionchar iomlán ar an gcomhshaol a bhíonn ag tomhaltas bliantúil ghníomhaíochtaí na hEorpa.[5] Chun an pointe seo a léiriú tuilleadh, is fiú torthaí luach bliantúil na n-íocaíochtaí nótaí bainc euro a chur i gcomparáid le torthaí táirgí laethúla eile, amhail T-léine chadáis a tháirgeadh[6] a nitear uair sa tseachtain ar feadh bliana (atá inchomparáide le 55 km a thiomáint) nó na buidéil mhonaraithe uisce a[7] ólann SLE in aon bhliain amháin (atá comhionann le 272 km a thiomáint), mar a léirítear san fhigiúr thíos.

Fíor 1

Comparáid idir loirg chomhshaoil nótaí bainc euro agus táirgí coiteanna eile

Nóta: Tá coibhéis turais cairr san áireamh do gach ceann acu.

Is iad na príomhghníomhaíochtaí a chuireann le lorg comhshaoil nótaí bainc euro cumhacht a sholáthar do UMBanna (37%), cúrsaí iompair (35%), gníomhaíochtaí próiseála sa chéim dáileacháin (10%), monarú páipéir (9%) agus fíordheimhniú nótaí bainc ag an díolphointe (POS) ag an gcéim úsáide (5%).

Ó 2004 i leith, rinneadh iarrachtaí lorg comhshaoil nótaí bainc euro a laghdú. Mar shampla, tá toirmeasc curtha ag an Eurochóras ar dhramhaíl nótaí bainc a chuir chuig láithreáin líonta talún mar aon le tionscnaimh amhail an Clár um Chadás Inbhuanaithe curtha chun feidhme aige.[8] Ina theannta sin, tá iarrachtaí suntasacha déanta ag monaróirí UMBanna agus ag institiúidí creidmheasa chun a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú. Léiríonn ár staidéar gur chuir feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh UMBanna le laghdú 35% ar scór foriomlán aonair an timthrialla airgid idir 2004 agus 2019.[9] Thairis sin, sa bhreis ar optamú iompair, tá bealaí eile á mbreithniú chun tionchar an iompair ar an gcomhshaol a laghdú agus chun breoslaí níos inbhuanaithe a úsáid.

Cé go bhfuil an tionchar a bhíonn ag a bheith ag íoc le nótaí bainc euro ar an gcomhshaol an-íseal ar an iomlán, tá an tEurochóras tiomanta don tionchar sin a laghdú tuilleadh. Táimid ag déanamh taighde agus forbairt fhairsing chun é sin a bhaint amach, agus ag an am céanna ag cinntiú go bhfuil airgead tirim ar fáil go forleathan don phobal. Cuirfidh an obair sin le forbairt na nótaí bainc euro a bheidh againn amach anseo d’fhonn iad a dhéanamh chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir. Déanfaidh an tEurochóras staidéir chosúla nó páirtstaidéir freisin, go háirithe nuair a bheidh athrú suntasach tagtha ar thimthriall an airgid thirim.

© An Banc Ceannais Eorpach, 2023

Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
Guthán +49 69 1344 0
Suíomh Gréasáin www.ecb.europa.eu

Gach ceart ar chosaint. Ceadaítear atáirgeadh ar mhaithe le hoideachas agus le cúiseanna nach mbaineann le tráchtáil fad is go dtugtar aitheantas don fhoinse.

Tá téarmaíocht ar leith le fáil ó ghluais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (ar fáil i mBéarla amháin).

HTML ISBN 978-92-899-6308-4, doi:10.2866/304751, QB-09-23-503-GA-Q


  1. Féach “Staidéar ar dhearcthaí íocaíochta tomhaltóirí sa limistéar euro (SPACE)”, BCE, Frankfurt am Main, 2022.

  2. Is é is aidhm do straitéis airgid thirim an Eurochórais a chinntiú go bhfuil airgead tirim ar fáil go forleathan agus go nglactar leis mar mhodh íocaíochta agus stór luacha araon.

  3. Baineann an staidéar leis an timthriall airgid thirim roimh an gcoróinvíreas (COVID-19) (i.e. 2019), rud a ligeann dúinn sonraí a úsáid nach raibh tionchar ag srianta COVID-19 orthu.

  4. Tá an staidéar PEF seo bunaithe ar mhodheolaíocht measúnaithe saolré, sa mhéid is go gclúdaíonn sé 16 chatagóir áirithe tionchair comhshaoil, lena n-áirítear an t-athrú aeráide mar gheall ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, ídiú ózóin, úsáid talún agus uisce agus ídiú acmhainní. Tá liosta iomlán de na catagóirí tionchair a chumhdaítear le fáil in Iarscríbhinn A.

  5. Déanann an tArdán Lorg Tomhaltais breithniú ar an tionchar a bhíonn ag tomhaltas daoine san Aontas ar réimsí an bhia, na soghluaisteachta, na tithíochta, na n-earraí tí agus na bhfearas.

  6. Féach an staidéar tagartha T-léine a áirítear i ‘‘Rialacha maidir le Lorg Comhshaoil Táirge’’, an Coimisiún Eorpach, an Bhruiséil, 2022.

  7. Féach an staidéar tagartha Uisce Pacáilte a áirítear i ‘‘Rialacha na Catagóire maidir le Lorg Comhshaoil Táirge’’, an Coimisiún Eorpach, an Bhruiséil, 2022.

  8. Is beartas Eurochórais é an Clár um Chadás Inbhuanaithe a seoladh in 2014 arb é atá ann snáithíní cadáis 100% inbhuanaithe a chur in ionad snáithíní cadáis traidisiúnta de réir a chéile i dtáirgeadh nótaí bainc euro.

  9. Tógadh ídiú fuinnimh ATManna ó staidéar LCA 2004.