- PREASRÁITEAS
Cinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta
30 Eanáir 2025
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Go háirithe, tá an cinneadh an ráta úis ar an tsaoráid taisce a ísliú – an ráta trína stiúrann an Chomhairle Rialaithe seasamh an bheartais airgeadaíochta – bunaithe ar a measúnú nuashonraithe ar an ionchas boilscithe, ar dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta.
Tá an próiseas díbhoilscithe ar an mbóthar ceart. Lean an boilsciú ag forbairt i gcomhréir leis na réamh-mheastacháin foirne agus tá sé le filleadh ar ais ar sprioc mheántéarmach 2% na Comhairle Rialaithe le linn na bliana. Tugann an chuid is mó de bhearta an bhoilscithe bhunúsaigh le fios go socróidh an boilsciú thart ar an sprioc ar bhonn leanúnach. Tá an boilsciú intíre fós ard, go príomha toisc go bhfuil pá agus praghsanna in earnálacha áirithe ag dul in oiriúint go han-mhall i gcónaí don bhorradh a bhí ar an mboilsciú roimhe seo. Ach tá fás pá ag maolú mar a bhíothas ag súil leis, agus tá brabúis ag cur srian le cuid den tionchar ar an mboilsciú.
Tá an ciorrú a rinne an Chomhairle Rialaithe le déanaí ar rátaí úis ag déanamh iasachtaí nua níos saoire de réir a chéile do ghnólachtaí agus do theaghlaigh. Ag an am céanna, tá na dálaí maoiniúcháin fós géar, toisc go bhfuil an beartas airgeadaíochta sriantach i gcónaí agus go bhfuil na harduithe ar rátaí úis a rinneadh san am atá thart fós ag dul i bhfeidhm ar an stoc creidmheasa. Ar an gcaoi sin, tá roinnt iasachtaí atá ag dul in aibíocht á gcur ar athlá ag rátaí níos airde. Tá dúshláin fós roimh an ngeilleagar ach ba cheart go dtacódh an t-ardú ar fhíorioncaim agus éifeachtaí an bheartais airgeadaíochta shriantaigh, ar éifeachtaí iad atá ag dul i léig de réir a chéile, le méadú ar an éileamh le himeacht ama.
Tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach go dtí 2%, is é sin, an sprioc mheántéarmach. Leanfaidh sé cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaidh an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis bunaithe ar mheasúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí a bhaineann leis an mboilsciú bunúsach agus neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt ag an gComhairle Rialaithe fós maidir le treo rátaí ar leith.
Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Dá réir sin, laghdófar na rátaí úis ar an tsaoráid taisce, ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus ar an tsaoráid iasachta imeallach go 2.75%, 2.90% agus 3.15% faoi seach, le héifeacht ón 5 Feabhra 2025.
An clár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus an clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP)
Tá punann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) agus chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.
Oibríochtaí athmhaoinithe
An 18 Nollaig 2024 d’aisíoc na bainc na méideanna atá fanta a fuarthas ar iasacht faoi na hoibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fadtéarmacha, rud a thugann an chuid seo de phróiseas normalaithe an chláir chomhardaithe chun críche.
***
Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach go dtí a sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma agus chun dea-fheidhmiú tharchur an beartais airgeadaíochta a choinneáil. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír de chuid an limistéir euro, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le cumas na Comhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla.
Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ar 14:45 CET inniu.
Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa