Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (de bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Feabhra 2025

21 Feabhra 2025

Oibríochtaí margaidh

Síneadh curtha le línte leachtachta go mí Eanáir 2027

An 23 Eanáir 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe síneadh a chur le línte athcheannaigh BCE le hocht mbanc ceannais nach bhfuil sa limistéar euro (Magyar Nemzeti Bank, Banca Națională a României, Banc na hAlbáine, Údarás Airgeadais Andóra, Banc Náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh, Banc Ceannais Phoblacht San Mairíne, Banc Ceannais Mhontainéagró agus Banc Ceannais Phoblacht na Cosaive) go dtí an 31 Eanáir 2027. Rinneadh an cinneadh de bhun an chreata nua le haghaidh línte leachtachta euro, a glacadh in 2023.

Tuarascáil ar thástáil struis aeráide an Eurochórais

An 13 Feabhra 2025, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire príomhthorthaí thástáil struis aeráide 2024 ar chlár comhardaithe an Eurochórais, ar torthaí iad a chuirfear san áireamh i nochtaí airgeadais an Eurochórais a bhaineann leis an aeráid.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Forálacha maidir le Timpeallacht Anailíseach TARGET a áireamh i gComhaontú Rannpháirtíochta Airgeadra T2

An 13 Feabhra 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe na leasuithe ar an gcomhaontú maidir le húsáid seirbhísí T2 (Comhaontú Rannpháirtíochta Airgeadra T2) chun Timpeallacht Anailíseach TARGET a áireamh mar ghné chaighdeánach a thairgtear do shínitheoirí reatha agus do shínitheoirí amach anseo de chuid Chomhaontú Rannpháirtíochta Airgeadra T2.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim ó BCE maidir le hárachas tuile

An 4 Feabhra 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/3 arna iarraidh sin do Chathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais (Parlaimint Náisiúnta na hÉireann) um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú agus ón Taoiseach (Príomh-Aire na hÉireann).

Tuairim ó BCE maidir le rannpháirtithe indíreacha i gcórais íocaíochta agus rochtain ar na córais sin, agus díolúine nua ón riail maidir le hairgead tirim

An 5 Feabhra 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/4 arna iarraidh sin d’Aireacht Airgeadais na Liotuáine.

Rialachas corparáideach

Cuntais Bhliantúla BCE do 2024

An 19 Feabhra 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe ráitis airgeadais iniúchta BCE don bhliain airgeadais 2024. Tá na cuntais bhliantúla, mar aon le preaseisiúint, le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Moladh ó BCE maidir le hiniúchóirí seachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh do na blianta airgeadais 2025 go 2029

An 12 Feabhra 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2025/6 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Staidreamh

Síneadh a chur leis an gCreat Tuairiscithe Comhtháite agus le céimeanna imscrúdúcháin an Bhainistithe Choitinn Sonraí

An 17 Feabhra 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe doiciméadacht athcheartaithe an Athbhreithnithe ar Cháilíocht, Geata 1 (lena n-áirítear na hImchlúdaigh Airgeadais agus na Cairteacha Tionscadail), lena gcuirtear síneadh go deireadh mhí Mheán Fómhair 2025 le céimeanna imscrúdúcháin thionscadal Bhainistiú Coiteann Sonraí CEBC agus SAM agus thionscadal Chreat Tuairiscithe Comhtháite CEBC.

Nótaí bainc agus boinn

Comhdhéanamh ghiúiré an chomórtais dearaidh le haghaidh na nótaí nua bainc euro

An 6 Feabhra 2025, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire comhdhéanamh ghiúiré an chomórtais dearaidh le haghaidh na nótaí nua bainc euro. Ullmhóidh an giúiré gearrliosta dearaí mar thacaíocht don Chomhairle Rialaithe agus dearadh deiridh na nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo a roghnú aici agus tá sé beartaithe tús a chur leis an obair go luath in 2025.

Maoirseacht Baincéireachta BCE

Nuashonrú ar Chlár Scrúdúcháin Maoirseachta (SEP) 2025 le haghaidh cigireachtaí ar an láthair agus imscrúduithe ar shamhlacha inmheánacha in institiúidí suntasacha

An 30 Eanáir 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta nuashonrú a dhéanamh ar SEP 2025 le haghaidh cigireachtaí ar an láthair agus imscrúduithe ar shamhlacha inmheánacha in institiúidí suntasacha agus i soláthraithe seirbhísí seachfhoinsithe. Bunaítear an SEP ar an láthair ar thosaíochtaí maoirseachta SAM i gcomhair 2025-2027, a foilsíodh ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa