Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Márta - Aibreán 2024

12 Aibreán 2024

Cumarsáid sheachtrach

Ráiteas ón gComhairle Rialaithe maidir le haontas na margaí caipitil

An 7 Márta 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe ráiteas maidir le haontas na margaí caipitil a chur chun cinn, ráiteas a foilsíodh ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh an lá céanna. Leagtar béim sa ráiteas ar na cúiseanna láidre a mheasann an Chomhairle Rialaithe le tacú leis an tionscadal seo agus le feabhas a chur air agus déantar cur síos ann ar roinnt príomhthionscnamh i bplean gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil a mheasann an tEurochóras a bheith ina dtosaíochtaí.

Maoirseoireacht Baincéireachta BCE le bogadh go foirgneamh Gallileo in Frankfurt faoi dheireadh 2025

An 12 Márta 2024 d’fhógair BCE go raibh léas sínithe aige, léas a d’fhormhuinigh an Chomhairle Rialaithe roimhe seo, ar fhoirgneamh Gallileo in Frankfurt a n-athlonnóidh foireann Mhaoirseachta Baincéireachta BCE chuige faoi dheireadh 2025. Fógraíodh freisin gur cuireadh síneadh le léas Ionad na Seapáine go dtí deireadh 2028. Is féidir an phreaseisiúint lena mbaineann a fháil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Tuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh 2023

An 5 Aibreán 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh 2023, a chuirfear i láthair do Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa agus a chuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh in 23 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh an 18 Aibreán 2024.

Beartas airgeadaíochta

Comhlíontacht na mbanc ceannais le toirmisc ar mhaoiniú airgeadaíochta agus ar rochtain faoi phribhléid

An 7 Márta 2024, i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ina sanntar an cúram don Bhanc Ceannais Eorpach faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht bhainc ceannais an Aontais Eorpaigh leis na toirmisc dá dtagraítear in Airteagail 123 agus 124 de CFAE agus sna rialacháin lena mbaineann, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an tuarascáil chomhlíontachta le haghaidh na bliana 2023. Cuirfear tuilleadh faisnéise faoin ábhar seo ar fáil i gcuid ar leith de Thuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh 2023 a fhoilseofar ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 18 Aibreán 2024.

Oibríochtaí margaidh

Athbhreithniú ar an gcreat oibríochtúil do chur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta

An 13 Márta 2024, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire toradh an athbhreithnithe, a seoladh i mí na Nollag 2022, ar an gcreat oibríochtúil do chur chun cinn an bheartais airgeadaíochta agus d’fhormheas sí athruithe ar an gcreat lena áirithiú go bhfanfaidh cur chun feidhme a beartais airgeadaíochta éifeachtach, láidir, solúbtha agus éifeachtúlach de réir mar a thagann normalú ar chlár comhardaithe an Eurochórais. Mínítear na hathruithe seo i ráiteas tiomnaithe a foilsíodh ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh in éineacht le preaseisiúint ghaolmhar.

Athbhreithniú bliantúil ar an liosta margaí neamhrialaithe is inghlactha agus ar an liosta gníomhaireachtaí aitheanta i gcreat comhthaobhachta an Eurochórais

An 14 Márta 2024, tar éis an athbhreithnithe bhliantúil ar na liostaí sin, chinn an Chomhairle Rialaithe gan athrú a dhéanamh ar liosta na margaí neamhrialáilte a nglacann an Banc Ceannais Eorpach leo agus ar liosta na n-eisitheoirí a aithníonn an Banc Ceannais Eorpach mar ghníomhaireachtaí atá incháilithe le haghaidh rannpháirtíocht i gcreat comhthaobhachta an Eurochórais. Chinn an Chomhairle Rialaithe freisin Investitionsbank Berlin a shannadh do chatagóir chaolchorrlaigh níos fabhraí tar éis dó na critéir chainníochtúla ábhartha a chomhlíonadh. Tá na liostaí reatha le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais

Freagairt BCE ar Mholadh BERS/2022/9 maidir le leochaileachtaí in earnáil an eastáit réadaigh tráchtála sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

An 15 Márta 2024 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe freagairt BCE ar an obair leantach ar Mholadh BERS/2022/9 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) maidir le leochaileachtaí san earnáil réadmhaoine tráchtála sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Deimhnítear leis an bhfreagairt go bhfuil an Banc Ceannais Eorpach i gcomhréir go hiomlán le Moladh A maidir le “Feabhas a chur ar an bhfaireachán ar rioscaí sistéamacha a eascraíonn as margadh an eastáit réadaigh tráchtala”.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Teicneolaíochtaí nua le haghaidh seirbhísí mórdhíola socraíochta airgid bainc ceannais

An 1 Márta 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe seoladh na hoibre taiscéalaíoch ar theicneolaíochtaí nua le haghaidh socraíocht airgid banc ceannais mórdhíola, a bheidh ar siúl ó mhí na Bealtaine go mí na Samhna 2024, na creataí gaolmhara oibríochtúla agus dlíthiúla, agus liosta na rannpháirtithe sa mhargadh agus na n-oibreoirí teicneolaíochta mórleabhar dáilte sa mhargadh (DLT) a bheidh rannpháirteach sa chéad bhabhta trialacha agus turgnamh a thosóidh i mí na Bealtaine 2024. Tá preaseisiúint ghaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Leanann na cinntí sin an fógra in 2023 go mbeadh an tEurochóras ag féachaint ar an gcaoi a bhféadfaí idirbhearta airgeadais mórdhíola arna dtaifeadadh ar ardáin DLT a shocrú in airgead bainc ceannais, mar chuid dá iarrachtaí níos leithne chun a áirithiú go gcoinneoidh forbairtí in airgead bainc ceannais bord ar bhord leis an nuálaíocht dhigiteach in íocaíochtaí mórdhíola agus miondíola agus go gcuirfidh siad leis an nuálaíocht sin, agus go leanfaidh airgead bainc ceannais de bheith ina ancaire airgeadaíochta a thacaíonn le cobhsaíocht, comhtháthú agus éifeachtúlacht an chórais airgeadais Eorpaigh agus an chórais íocaíochta Eorpaigh.

Comhaontuithe Rannpháirtíochta Airgeadra le Danmarks Nationalbank agus Sveriges Riksbank

An 5 Márta 2024 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe dhá chomhaontú maidir le húsáid chóras T2 agus sheirbhís Socraíochta Íocaíochta Meandaracha TARGET (TIPS) ag Danmarks Nationalbank, chomh maith le comhaontú athbhreithnithe maidir le húsáid TIPS ag Sveriges Riksbank. Leis an gcéad dá chomhaontú déantar ionduchtú Danmarks Nationalbank go T2 agus TIPS a chur ar bhonn foirmiúil le haistriú krone na Danmhairge chuig an dá Sheirbhís TARGET sin a bheartaítear a dhéanamh le linn 2025. Tá preaseisiúint ghaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Leis na hathbhreithnithe ar an gcomhaontú idir bainc cheannais an Eurochórais agus Sveriges Riksbank, áirithítear ailíniú agus comhsheasmhacht le téacs an chomhaontaithe is déanaí le Danmarks Nationalbank.

Straitéis formhaoirseachta nuashonraithe maidir le cibear-athléimneacht le haghaidh bhonneagair an mhargaidh airgeadais

An 28 Márta 2024 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe nuashonrú ar straitéis chibear-athléimneachta an Eurochórais, a d’ullmhaigh an Coiste um Bonneagar Margaidh agus Íocaíochtaí. Léirítear sna hathbhreithnithe timpeallacht athraitheach na gcibearbhagairtí, na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur i bhfeidhm na straitéise bunaidh ó glacadh in 2017 í, agus forbairtí i réimse na treorach idirnáisiúnta. Is é is aidhm don straitéis cur chuige comhsheasmhach iomlánaíoch a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na cibear-rioscaí a bhíonn roimh bhonneagair an mhargaidh airgeadais. Beidh an leagan nuashonraithe le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh go gairid.

Seoladh rathúil sheirbhís eisiúna an Aontais Eorpaigh

An 5 Aibreán 2024 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire nuashonrú ar stádas sheirbhís eisiúna an Aontais Eorpaigh (EIS), lenar deimhníodh a seoladh rathúil i mí Eanáir 2024 agus comhlíonadh na bprionsabal a leagtar amach sa Mheabhrán Tuisceana a shínigh Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique, an Banc Ceannais Eorpach (thar ceann an Eurochórais) agus an Coimisiún Eorpach i mí Iúil 2022. Is socrú í seirbhís eisiúna an Aontais Eorpaigh a bhunaigh na hinstitiúidí sin chun eisiúint agus socrú urrús fiachais ag an gCoimisiún Eorpach, a ngníomhaíonn an Banc Ceannais Eorpach mar ghníomhaire fioscach agus íocaíochta dó, a éascú. Tá tuilleadh eolais faoi sheirbhís eisiúna an Aontais le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim BCE ar an gcuntas státchiste aonair arna bhainistiú ag Banc Magyar Nemzeti agus inniúlachtaí Bhord Maoirseachta Bhanc Magyar Nemzeti

An 26 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/5 ar iarratas ó Aire Airgeadais na hUngáire.

Tuairim BCE maidir le hinniúlachtaí Hrvatska narodna banka a bhaineann le ballraíocht na Cróite sa Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta

An 26 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/6 ar iarratas ó Aire Airgeadais na Cróite.

Tuairim BCE maidir le slánú íocaíochtaí in airgead tirim

An 4 Márta 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe le Tuairim CON/2024/7 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais na hEastóine.

Tuairim BCE maidir lena cheangal ar institiúidí creidmheasa bonneagar airgid íosta a sholáthar

An 7 Márta 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/8 ar iarratas ó Aire Airgeadais na hÍsiltíre.

Tuairim BCE maidir leis an méadú ar chuóta na hOstaire sa Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta

An 19 Márta 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/9 ar iarratas ó Aire Airgeadais na hOstaire.

Tuairim BCE maidir le tacaíocht iasachtaí agus laethanta saoire morgáiste

An 8 Aibreán 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/10 ar iarratas ó Mharascal Pharlaimint na Polainne.

Rialachas corparáideach

Foilsiú na ngníomhartha dlí neamhphoiblí aisghairthe maidir le leithdháileadh rioscaí i ndáil le caillteanais

An 27 Feabhra 2024 chinn an Chomhairle Rialaithe, mar obair leantach ar iarraidh ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid an Bhainc Ceannais Eorpaigh, go bhféadfaí roinnt cinntí neamhphoiblí aisghairthe de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh a bhain le leithdháileadh rioscaí i ndáil le caillteanais a eascraíonn as oibríochtaí beartais airgeadaíochta (BCE/1998/NP29, ECB/2003/NP13, ECB/2008/NP23 agus BCE/2010/NP01) a scaoileadh ó rúnaicmiú toisc nach raibh formhór na bhforálacha iontu mar chuid de bheartas airgeadaíochta agus de chreat oibríochtúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh a thuilleadh agus nach gcuirfeadh a nochtadh feidhmiú rianúil agus éifeachtacht bheartas airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh i mbaol. Cuirfear na gníomhartha dlí lena mbaineann ar fáil go poiblí trí Chlár Poiblí Doiciméad an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Athbhreithniú tríbhliantúil ar shainordú an Choiste Iniúchóireachta

An 20 Márta 2024 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe sainordú athbhreithnithe an Choiste Iniúchóireachta, tar éis an ceathrú hathbhreithniú a rinne an Coiste Iniúchóireachta ó bunaíodh é in 2007. Tá tagairt shainráite do rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide san áireamh sa sainordú athbhreithnithe, a fhoilseofar in am trátha i dteangacha uile an Aontais Eorpaigh ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Staidreamh

Meabhráin Tuisceana maidir leis an gComhchoiste um Thuairisciú Banc agus maidir leis an gComhchreat Rialachais Samhail Pointe Sonraí

An 14 Márta 2024 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe Meabhrán Tuisceana maidir le bunú an Chomhchoiste um Thuairisciú Bainc idir an Banc Ceannais Eorpach agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus Meabhrán Tuisceana maidir le Comhchreat Rialachais Samhail Pointe Sonraí a bhunú idir ÚBE, BCE agus an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC). Rinneadh tagairt in Airteagal 430c den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil do bhunú comhchoiste den sórt sin, lena n-áirítear an tÚdarás Baincéireachta Eorpach agus an Córas Eorpach Banc Ceannais ar a laghad, chun córas tuairiscithe comhtháite a fhorbairt agus a chur chun feidhme le haghaidh sonraí staidrimh, stuamachta agus réitigh arb é is aidhm dó na costais tuairiscithe a laghdú agus éifeachtúlachtaí sa phróiseas tuairiscithe a mhéadú. Tá an dá mheabhrán tuisceana le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh in éineacht le preaseisiúint ghaolmhar.

Tuilleadh torthaí ar mheasúnú comhlántach costais is tairbhe an Chreata Chomhtháite Tuairiscithe (CCT)

An 28 Márta 2024 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire dhá thuarascáil bhreise inar cuireadh i láthair torthaí breise an mheasúnaithe costais is tairbhe chomhlántach ar thionscadal an Chreata Chomhtháite Tuairiscithe maidir le ‘‘luach anailíseach breise agus gnéithe oibríochtúla’’ agus maidir le ‘‘ailíniú níos dlúithe le tuairisciú airgeadais aonair’’, faoi seach. Tá an dá thuarascáil, mar aon le leagan nuashonraithe dá réir sin den nóta forléargais ginearálta ar Chreat Comhtháite Tuairiscithe an Eurochórais, le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Tuarascáil an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le gníomhaíochta maoirseachta 2023

An 5 Márta 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta 2023, a ullmhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (‘‘Rialachán SMA’’), agus d’údaraigh sí a foilsiú agus í a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig an nGrúpa Euro agus chuig parlaimintí náisiúnta na mBallstát rannpháirteach. Foilsíodh an tuarascáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 21 Márta 2024 agus chuir Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa an lá céanna í.

Cinneadh BCE maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla atá le tobhach ag BCE le haghaidh 2023

An 8 Márta 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2024/8 maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla do 2023.

Meabhrán Tuisceana idir an Banc Ceannais Eorpach agus Comisión Nacional del Mercado de Valores

An 19 Márta 2024 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun Meabhrán Tuisceana idir an Banc Ceannais Eorpach agus Comisión Nacional del Mercado de Valores, Coimisiún Náisiúnta um Margaí Urrús na Spáinne, a fhormheas. I gcomhréir leis an gcleachtas caighdeánach, foilsíodh an Meabhrán Tuisceana, a luaithe a shínigh na páirtithe uile é, ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Roghnúchán Ionadaithe BCE ar an mBord Maoirseachta

An 26 Márta 2024 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an fógra folúntais maidir le hionadaithe BCE a roghnú chuig an mBord Maoirseachta i bhfianaise dheireadh théarma triúr dá chomhaltaí reatha roimh dheireadh 2024. Tá an fógra folúntais le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Treoir BCE ar chomhiomlánú sonraí riosca agus tuairisciú riosca

An 2 Aibreán 2024, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun na leaganacha críochnaitheacha de Threoir BCE ar chomhiomlánú sonraí riosca agus tuairisciú riosca agus an ráiteas aiseolais a fhoilsiú tar éis an chomhairliúcháin phoiblí ghaolmhair. Foilseofar an dá cháipéis in am trátha ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa