Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASEISIÚINT

Fógraíonn BCE athruithe ar an gcreat oibríochtúil chun beartas airgeadaíochta a chur chun feidhme

13 Márta 2024

  • Tá deireadh curtha ag an mBanc Ceannais Eorpach leis an athbhreithniú ar cuireadh tús leis i mí na Nollag 2022
  • Leagtar amach sa chreat conas a stiúrfaidh an Chomhairle Rialaithe rátaí gearrthéarmacha margaidh airgid i gcomhréir lena cinntí beartais airgeadaíochta de réir mar a dhéantar normalú ar chlár comhardaithe an Eurochórais

Chinn Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) inniu ar athruithe ar an gcreat oibríochtúil chun beartas airgeadaíochta a chur chun feidhme lena áirithiú go leanfaidh an creat de bheith iomchuí, de réir mar a dhéantar normalú ar chlár comhardaithe an Eurochórais.

I mí na Nollag 2022, d’fhógair an Chomhairle Rialaithe athbhreithniú ar an gcreat oibríochtúil chun rátaí gearrthéarmacha úis sa limistéar euro a stiúradh. Le cinntí an lae inniu, bunaítear príomhphrionsabail agus príomhpharaiméadair chun beartas airgeadaíochta a chur chun feidhme agus leachtacht banc ceannais a chur ar fáil de réir mar a thagann laghdú ar leachtacht iomarcach sa chóras baincéireachta de réir a chéile, cé go mbeidh sí fós suntasach sna blianta amach romhainn.

“Is cúis áthais dom a fhógairt gur cheadaigh an Chomhairle Rialaithe na hathruithe seo ar a creat oibríochtúil, lena n-aithnítear na hathruithe suntasacha sa chóras airgeadais agus sa bheartas airgeadaíochta le blianta beaga anuas,” a dúirt an tUachtarán Christine Lagarde. “Áiritheoidh an creat go leanfaidh ár gcur chun feidhme beartais de bheith éifeachtach, láidir, solúbtha agus éifeachtúil amach anseo de réir mar a bheidh ár gclár comhardaithe á normalú.”

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an ráiteas ón gComhairle Rialaithe.

Le haghaidh ceisteanna ó na meáin, téigh i dteagmháil le Lena-Sophie Demuth, Teil.: +49 162 2952316.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa