Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Paschal Donohoe
President of the Eurogroup
Roberta Metsola
President of the European Parliament
Charles Michel
President of the European Council
Ursula von der Leyen
President of the European Commission
  • BLAG AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH

Euro ag 25: luach na haontachta i ndomhan atá ag athrú

30 Nollaig 2023

Le Paschal Donohoe (Uachtarán an Ghrúpa Euro), Christine Lagarde (Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh), Roberta Metsola (Uachtarán Pharlaimint na hEorpa) Charles Michel (Uachtarán na Comhairle Eorpaí) agus Ursula von der Leyen (Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh)

25 bliain ó shin, an 01 Eanáir 1999, tháinig an euro i bhfeidhm mar airgeadra aonair do 11 Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh. Freastalaíonn sé ar an ngeilleagar anois agus déanann sé an saol níos éasca do 350 milliún duine i 20 tír.

Ba é cás na hEorpa i gcónaí réiteach a fháil ar fhadhbanna nach raibh tíortha in ann aghaidh a thabhairt orthu ina n-aonar. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, thuig ceannairí fadbhreathnaitheacha gurb é an t-aon bhealach chun síocháin a bhaint amach ar an mór-roinn seo againne ná ár ngeilleagair a aontú. Agus bheadh airgeadra aonair de dhíth ar Eoraip aontaithe, in am trátha, chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na tairbhí eacnamaíocha a eascraíonn as an díbhinn síochána seo.

Ag deireadh na 1980idí, de réir mar a ghlac an Eoraip céimeanna breise chun a margadh aonair a neartú, rinneadh tionscadal d’aisling an airgeadra aonair. Agus 25 bliain ó shin — an 01 Eanáir 1999 — tugadh an tionscadal sin chun fíre. Sa lá atá inniu ann, is cuid riachtanach dár saol laethúil é an euro, rud a thugann simplíocht, cobhsaíocht agus ceannasacht dúinn.

Tá an saol níos simplí ag saoránaigh na hEorpa dá bharr, agus is furasta dóibh praghsanna a chur i gcomparáid le chéile mar aon le trádáil agus taisteal a dhéanamh. Thug sé cobhsaíocht dúinn, a chosain fás agus poist le linn sraith géarchéimeanna. Agus ós rud é gur eisíodh an dara hairgeadra is tábhachtaí ar domhan, tá ceannasacht níos mó againn i ndomhan suaiteach. Mar sin, ní haon ionadh é go bhfuil an limistéar euro méadaithe ó 11 thír go 20 tír ó bunaíodh é.

Bhí dúshláin ollmhóra ann thar na blianta, lena n-áirítear ceisteanna faoi thodhchaí an euro féin. Ach gach uair fuaireamar na freagraí cearta. Mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais dhomhanda agus ar an ngéarchéim fiachais cheannasaigh, mar shampla, bhunaíomar coimircí amhail an córas comhchuibhithe maoirseachta agus réitigh baincéireachta nó an Sásra Cobhsaíochta Eorpach. Inniu, tá tacaíocht don airgeadra aonair i measc shaoránaigh an limistéir euro gar do na leibhéil is airde ná riamh.

Ach níl ár gcuid oibre déanta. Ós rud é go bhfuil dúshláin nua le sárú againn sa lá atá inniu ann nach féidir le tíortha aghaidh a thabhairt orthu ina n-aonar – tá daoine ag lorg freagraí ar an Eoraip.

Tá teannas geopholaitiúil ag dul i méid, go háirithe cogadh neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ina n-éilítear cinntí comhchoiteanna misniúla. Táimid ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim aeráide atá ag dul i méid, géarchéim nach féidir linn a réiteach go fírinneach ach amháin le chéile: ní stopann astaíochtaí carbóin ag teorainneacha. Agus tá dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo roimh ár n-iomaíochas ó bheartais fuinnimh agus thionsclaíocha in áiteanna eile ar domhan.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil saincheisteanna amhail cosaint, chomh maith leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, ina n-ábhair phráinneacha leasa choitinn anois. Is amhlaidh atá freisin maidir leis an gcaoi a ndéanaimid cur chuige chun an infheistíocht ollmhór is gá a mhaoiniú chun ár ngeilleagair a dhícharbónú, chun ár slabhraí soláthair a dhéanamh níos sláine agus chun ár dteicneolaíochtaí a uasghrádú. San Aontas Eorpach, beidh gá le hinfheistíochtaí €620 billiún in aghaidh na bliana go dtí 2030 le haghaidh an aistrithe ghlais amháin.

Ní mór do réitigh glacadh leis an scála a d’fhéadfaí a bhaint amach trí bheith ag obair le chéile san Eoraip. Fíoraontas margaí caipitil a thógáil a chuimsíonn an mhór-roinn chun maoiniú príobháideach a shlógadh. Uirlisí agus beartais Eorpacha a úsáid chun ár n-iomaíochas agus ár slándáil a neartú, mar shampla trí na struchtúir atá ann cheana a threisiú trí rialacha fioscacha athchóirithe agus trí aontas baincéireachta níos láidre. Agus an t-airgeadra aonair féin a thabhairt isteach sa ré dhigiteach, trí bhunchlocha a ullmhú le haghaidh euro digiteach a d’fhéadfadh a bheith ina chomhlánú ar airgead tirim.

Ag an am céanna, agus roinnt tíortha ag teacht isteach san Aontas faoi láthair, ní mór dúinn leanúint de bheith in ann gníomhú go cinntitheach. Níl an méadú agus an doimhniú comheisiach. Ach d’fhéadfadh sé gur ghá athruithe a dhéanamh ar an gcaoi a n-eagraítear an tAontas Eorpach.

Tá a fhios ag muintir na hEorpa go bhfuil an domhan ag athrú. Agus tuigeann siad go bhfuil neart san aontacht. Tá tuairim is dhá thrian de mhuintir na hEorpa cinnte de go bhfuil an tAontas Eorpach ina dhlúthchuid den chobhsaíocht. Mar sin, ná bíodh drogall orainn a thaispeáint dóibh gur féidir leis an Eoraip an t-athrú sin a mhúnlú agus an méid a bhfuil siad ag súil leis a chomhlíonadh.

Chuige sin, beidh gá le huaillmhian agus buanseasmhacht — na cáilíochtaí céanna a chuimsigh bunaitheoirí lánpháirtiú na hEorpa. Agus beidh gá le hadmháil nach féidir na spriocanna go léir a bhaint amach láithreach. Is é ceacht lánpháirtiú na hEorpa nach mór dúinn na céimeanna atá os ár gcomhair a ghlacadh nuair a bhíonn gá leis. Leanfaidh na céimeanna eile in am trátha.

Mar a dúirt Anatole France, scríbhneoir ón Fhrainc, tráth: ‘‘Le rudaí iontacha a chur i gcrích, ní hamháin go gcaithfimid gníomhú, caithfimid aisling a bheith againn freisin; ní hamháin go gcaithfimid plean a bheith againn, caithfimid creidiúint sa phlean sin freisin.’’ Léirigh an chéad 25 bliain chomh rathúil is atá aisling in ann a bheith. Ach de réir mar a athraíonn an domhan timpeall orainn, cruthaíonn ár ngníomhartha go soláthraíonn Eoraip aontaithe na freagraí a theastaíonn ó Eorpaigh agus ón domhan mór.

Foilsíodh an bhlagphostáil seo mar alt tuairimíochta sna meáin i ngach ceann de 20 tír an limistéir euro.

Féach Blag an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus cláraigh chun postálacha a fháil a fhoilseofar amach anseo.