Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS MAIDIR LEIS AN MBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 6 Márta 2025

Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid seo.

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Go háirithe, tá an cinneadh go ndéanfaí an ráta úis ar an tsaoráid taisce a ísliú – an ráta trína stiúraimid seasamh an bheartais airgeadaíochta – bunaithe ar ár measúnú nuashonraithe ar an ionchas boilscithe, ar dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta.

Tá an próiseas díbhoilscithe ar an mbóthar ceart. Tríd is tríd, lean an boilsciú air ag forbairt de réir mar a bhí an fhoireann ag dréim leis, agus tá na réamh-mheastacháin is déanaí ag teacht go dlúth leis an ionchas boilscithe a bhí ann roimhe seo. Síleann an fhoireann anois go mbeidh boilsciú foriomlán 2.3 faoin gcéad ar an meán ann in 2025, 1.9 faoin gcéad ar an meán ann in 2026 agus 2.0 faoin gcéad ar an meán ann in 2027. Léiríonn an t-athbhreithniú aníos ar an mboilsciú foriomlán do 2025 go bhfuil cúinsí níos láidre ann ag imirt tionchar ar phraghsanna fuinnimh. Maidir leis an mboilsciú a bheidh ann gan fuinneamh agus bia a chur san áireamh, síleann an fhoireann gur 2.2 faoin gcéad ar an meán a bheidh ann in 2025, 2.0 faoin gcéad ar an meán in 2026 agus 1.9 faoin gcéad ar an meán in 2027.

Tugann an chuid is mó de bhearta an bhoilscithe bhunúsaigh le fios go socróidh an boilsciú síos ar bhonn leanúnach thart ar an sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad atá againn. Tá an boilsciú intíre fós ard, go príomha toisc go bhfuil pá agus praghsanna in earnálacha áirithe ag dul in oiriúint go han-mhall i gcónaí don bhorradh a bhí ar an mboilsciú roimhe seo. Ach tá an fás ar phá ag maolú mar a bhíothas ag súil leis, agus tá brabúis ag cur srian le cuid den tionchar ar an mboilsciú.

Tá sé le brath nach bhfuil an beartas airgeadaíochta chomh sriantach céanna, toisc go bhfuil na ciorruithe ar rátaí úis ag laghdú an chostais a bhaineann le hiasachtaí nua do ghnólachtaí agus do theaghlaigh agus go bhfuil dlús leis an bhfás ar iasachtaí. Ag an am céanna, tá srian leis an maolú ar dhálaí maoiniúcháin mar gheall ar arduithe ar rátaí úis a rinneadh san am atá thart atá fós ag imirt tionchar ar an stoc creidmheasa. Tá an t-iasachtú fós lag ar an iomlán. Tá dúshláin leanúnacha roimh an ngeilleagar agus laghdaigh foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh a gcuid réamh-mheastachán fáis arís – go 0.9 faoin gcéad do 2025, 1.2 faoin gcéad do 2026 agus 1.3 faoin gcéad do 2027. Léiríonn na hathbhreithnithe anuas do 2025 agus 2026 go bhfuil laghdú tagtha ar onnmhairí agus go bhfuil an infheistíocht lag i gcónaí, rud a eascraíonn go pointe ón éiginnteacht mhór atá ann maidir leis an mbeartas trádála mar aon leis an éiginnteacht níos leithne atá ann i dtaca le beartais. Is iad an t-ardú ar fhíorioncaim agus éifeachtaí na n-arduithe ar rátaí úis a rinneadh roimhe seo, ar éifeachtaí iad atá ag dul i léig de réir a chéile, na príomhchúinsí i gcónaí atá mar bhonn leis an méadú ar an éileamh a bhfuiltear ag dréim leis le himeacht ama.

Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad. Go háirithe agus an éiginnteacht ag dul i méid faoi láthair, leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaimid faoi rátaí úis bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na dinimice a bhaineann leis an mboilsciú bunúsach agus neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.

Tá na cinntí uile a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú. Ina dhiaidh sin, míneoidh mé an measúnú atá déanta againn ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Meastar gur tháinig fás measartha ar gheilleagar an limistéir euro sa ráithe dheireanach de 2024. Sa chéad dá mhí de 2025, chonacthas go leor de na patrúin chéanna a bhí ann an bhliain seo caite. Tá tionchar diúltach fós ag an déantúsaíocht ar an bhfás, fiú má tá feabhas ag teacht ar tháscairí suirbhé. Tá an éiginnteacht mhór, sa bhaile agus thar lear, ag cur srian le hinfheistíocht agus tá deacrachtaí iomaíochais ag cur isteach go mór ar onnmhairí. Ag an am céanna, tá teacht aniar sna seirbhísí. Thairis sin, fágann an méadú ar ioncam teaghlaigh agus an margadh saothair láidir go bhfuil méadú ag teacht ar thomhaltas de réir a chéile, cé gur beag muinín atá ag tomhaltóirí i gcónaí agus go bhfuil na rátaí coigiltis ard.

Bhí ráta dífhostaíochta 6.2 faoin gcéad ann i mí Eanáir i gcónaí, an ráta is ísle a bhí riamh ann, agus meastar gur tháinig fás 0.1 faoin gcéad ar fhostaíocht sa ráithe dheireanach de 2024. Mar sin féin, mhaolaigh an t-éileamh ar shaothar, agus léiríonn sonraí na suirbhéanna a rinneadh le déanaí gur tháinig meath ar fhás na fostaíochta sa chéad dá mhí de 2025.

Tá tuilleadh éiginnteachta ann agus is dócha go gcuirfidh sé sin isteach ar infheistíocht agus onnmhairí níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis cheana. Ach ba cheart go gcuirfeadh ioncaim níos airde agus costais iasachtaíochta níos ísle leis an bhfás. De réir na réamh-mheastachán foirne, ba cheart go gcuirfeadh an méadú ar an éileamh domhanda leis na honnmhairí freisin fad is nach dtagann méadú breise ar an teannas trádála.

Ba cheart go ndéanfadh beartais fhioscacha agus struchtúracha an geilleagar níos táirgiúla, níos iomaíche agus níos athléimní. Cuireann Compás Iomaíochais an Choimisiúin Eorpaigh treochlár nithiúil ar fáil le haghaidh gníomhaíochta agus ba cheart na moltaí atá ann a ghlacadh go pras. Ba cheart do na rialtais a chinntiú go bhfuil an t-airgeadas poiblí inbhuanaithe agus i gcomhréir le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais agus tús áite a thabhairt d’athchóirithe struchtúracha bunriachtanacha a chuireann leis an bhfás agus d’infheistíocht straitéiseach.

Boilsciú

Bhí an boilsciú bliantúil ag 2.4 faoin gcéad i mí Feabhra, tar éis ráta 2.5 faoin gcéad i mí Eanáir agus ráta 2.4 faoin gcéad i mí na Nollag, de réir an tobmheastacháin ó Eurostat. Mhoilligh an boilsciú i bpraghsanna fuinnimh go 0.2 faoin gcéad, tar éis méadú mór go 1.9 faoin gcéad i mí Eanáir, ó 0.1 faoin gcéad i mí na Nollag. Os a choinne sin, tháinig ardú ar bhoilsciú praghsanna bia go 2.7 faoin gcéad, suas ó 2.3 faoin gcéad i mí Eanáir agus 2.6 faoin gcéad i mí na Nollag. Tháinig méadú go 0.6 faoin gcéad ar bhoilsciú earraí, agus tháinig laghdú ar bhoilsciú seirbhísí go 3.7 faoin gcéad, síos ó 3.9 faoin gcéad i mí Eanáir agus 4.0 faoin gcéad i mí an Nollag.

Tá an chuid is mó de tháscairí an bhoilscithe bhunúsaigh ag tabhairt le fios go bhfillfidh an boilsciú ar bhonn leanúnach ar ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad. Tháinig laghdú ar an mboilsciú intíre, a leanann boilsciú seirbhísí go dlúth, i mí Eanáir. Ach tá sé fós ard toisc go bhfuil pá agus na praghsanna ar roinnt seirbhísí ag dul in oiriúint go han-mhall i gcónaí don bhorradh a bhí ar an mboilsciú roimhe seo. Ag an am céanna, léiríonn na caibidlíochtaí pá is déanaí go bhfuil maolú leanúnach ag teacht ar an mbrú ar an gcostas saothair.

Rinne an fhoireann athbhreithniú aníos ar réamh-mheastachán an bhoilscithe fhoriomláin le haghaidh 2025 mar gur measadh go dtiocfadh méadú ar an mboilsciú i bpraghsanna fuinnimh. Ag an am céanna, tá an fhoireann ag dréim leis go leanfaidh an croí-bhoilsciú air ag moilliú. Is é an chúis atá leis sin ná an brú atá ar an gcostas saothair a bheith ag maolú tuilleadh agus an géarú a rinneadh ar an mbeartas airgeadaíochta san am a chuaigh thart a bheith fós ag imirt tionchar ar phraghsanna. Tá formhór na slat tomhais i dtaobh an ionchais boilscithe ar bhonn fadtéarmach ag thart ar 2 faoin gcéad i gcónaí. Cabhróidh na tosca sin ar fad lena chinntiú go bhfillfidh an boilsciú ar ár sprioc ar bhonn leanúnach.

Measúnú riosca

Tá na rioscaí atá ann don fhás eacnamaíoch fós claonta i dtreo an taoibh thíos. D’fhéadfadh méadú ar theannas trádála cur isteach ar fhás an limistéir euro trí onnmhairí a mhaolú agus tríd an ngeilleagar domhanda a lagú. D’fhéadfadh an éiginnteacht atá ann faoi bheartais trádála domhanda an bonn a bhaint d’infheistíocht. Is údar mór éiginnteachta i gcónaí é an teannas geopholaitiúil, amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an choinbhleacht thragóideach sa Mheánoirthear. D’fhéadfadh an fás a bheith níos ísle má mhaireann éifeachtaí malla an ghéaraithe ar an mbeartas airgeadaíochta níos faide ná mar a bhíothas ag súil leis. Ag an am céanna, d’fhéadfadh an fás a bheith níos airde má fhágann dea-dhálaí maoiniúcháin agus boilsciú laghdaithe gur féidir leis an tomhaltas agus an infheistíocht intíre téarnamh ar bhealach níos tapúla. D’fhéadfadh méadú ar an gcaiteachas cosanta agus bonneagair cur leis an bhfás.

Tá an méadú ar theannas sa trádáil dhomhanda ag cur le héiginnteacht an ionchais do bhoilsciú an limistéir euro. D’fhéadfadh luach an euro titim agus méadú a theacht ar chostais na n-allmhairí dá rachadh an teannas trádála in olcas, rud a chuirfeadh brú aníos ar an mboilsciú. Ag an am céanna, d’fhéadfadh éileamh níos ísle ar onnmhairí an limistéir euro mar thoradh ar tharaifí níos airde agus atreorú na n-onnmhairí isteach sa limistéar euro ó thíortha ag a bhfuil ró-acmhainneacht brú anuas a chur ar an mboilsciú. Cruthaíonn teannas geopholaitiúil rioscaí boilscithe déthaobhacha maidir le margaí fuinnimh, muinín na dtomhaltóirí agus infheistíocht ghnó. D’fhéadfadh méadú níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis teacht ar phraghsanna bia de dheasca adhaimsire agus na géarchéime aeráide atá ag teacht chun cinn i gcoitinne. D'fhéadfadh an boilsciú a bheith níos airde má thagann méadú níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis ar phá nó ar bhrabúis. D’fhéadfadh borradh faoin gcaiteachas cosanta agus bonneagair cur leis an mboilsciú tríd an éifeacht a bheadh aige ar an éileamh comhiomlán. D’fhéadfadh an boilsciú a bheith níos ísle ná mar atáthar a thuar má dhéanann an beartas airgeadaíochta an t-éileamh a mhaolú níos mó ná mar atáthar ag dréim leis.

Coinníollacha airgeadais agus airgeadaíochta

Tháinig laghdú ar rátaí úis an mhargaidh sa limistéar euro tar éis ár gcrúinnithe i mí Eanáir, ach tháinig méadú orthu le laethanta beaga anuas mar fhreagairt ar an ionchas athbhreithnithe le haghaidh an bheartais fhioscaigh. Tá sé ag éirí níos saoire de réir a chéile do ghnólachtaí agus do theaghlaigh iasachtaí a fháil agus tá dlús leis an bhfás ar iasachtaí mar gheall ar na ciorruithe atá déanta againn ar rátaí úis. Ag an am céanna, tá srian leis an maolú ar dhálaí maoiniúcháin mar gheall ar arduithe ar rátaí úis a rinneadh san am atá thart atá fós ag imirt tionchar ar an stoc creidmheasa. Tá an t-iasachtú fós lag ar an iomlán.

Tháinig laghdú ar an meánráta úis ar iasachtaí nua do ghnólachtaí go 4.2 faoin gcéad i mí Eanáir, síos ó 4.4 faoin gcéad i mí na Nollag. Os a choinne sin, tháinig méadú ar an gcostas atá ar ghnólachtaí i dtaobh fiachas margadhbhunaithe a eisiúint go 3.7 faoin gcéad, 0.2 pointe céatadáin os cionn leibhéal mhí na Nollag. Le linn na tréimhse céanna, tháinig laghdú ar an meánráta úis ar mhórgáistí nua go 3.3 faoin gcéad, síos ó 3.4 faoin gcéad.

Tháinig ardú ar an bhfás ar iasachtú bainc do ghnólachtaí go 2.0 faoin gcéad i mí Eanáir, suas ó 1.7 faoin gcéad i mí an Nollag, mar gheall ar shreabhadh míosúil measartha i gcás iasachtaí nua. Tháinig ardú ar an bhfás ar urrúis fiachais a eisíonn gnólachtaí go 3.4 faoin gcéad ar bhonn bliantúil. Lean an t-iasachtú morgáiste de bheith ag ardú de réir a chéile, ach bhí srian leis ar an iomlán i gcónaí agus ráta fáis bliantúil de 1.3 faoin gcéad ann.

Conclúid

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Go háirithe, tá an cinneadh go ndéanfaí an ráta úis ar an tsaoráid taisce a ísliú – an ráta trína stiúraimid seasamh an bheartais airgeadaíochta – bunaithe ar ár measúnú nuashonraithe ar an ionchas boilscithe, ar dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad. Go háirithe agus an éiginnteacht ag dul i méid faoi láthair, leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaimid faoi rátaí úis bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na dinimice a bhaineann leis an mboilsciú bunúsach agus neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár gcuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh den sainordú atá againn chun a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag ár sprioc mheántéarmach agus chun dea-fheidhmiú tharchur an beartais airgeadaíochta a choinneáil.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa