Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 14 Nollaig 2023

Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Cé go bhfuil boilsciú laghdaithe le míonna anuas, is é is dóichí go méadóidh sé arís go sealadach sa ghearrtéarma. De réir na réamh-mheastacháin is déanaí fhoireann Eurochórais i gcomhair an limistéir euro, táthar ag súil go laghdóidh boilsciú de réir a chéile le linn na bliana seo chugainn, sula mbainfidh sé ár sprioc 2% amach in 2025. Tríd is tríd, tá ár bhfoireann ag súil anois go mbeidh boilsciú foriomlán 5.4 faoin gcéad ar an meán in 2023, 2.7 faoin gcéad ar an meán in 2024, 2.1 faoin gcéad ar an meán in 2025 agus 1.9 faoin gcéad ar an meán in 2026. I gcomparáid le réamh-mheastacháin foirne mhí Mheán Fómhair, is ionann é seo agus athbhreithniú anuas le haghaidh 2023 agus go háirithe le haghaidh 2024.

Tá boilsciú bunúsach maolaithe tuilleadh. Ach tá an brú ar phraghsanna intíre fanta ag leibhéal ard, go príomha mar gheall ar fhás láidir ar chostais aonaid saothair. Tá foireann an Eurochórais ag súil go mbeidh boilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh 5.0 faoin gcéad ar an meán in 2023, 2.7 faoin gcéad ar an meán in 2024, 2.3 faoin gcéad ar an meán in 2025 agus 2.1 faoin gcéad ar an meán in 2026.

Tá na harduithe a chuireamar ar rátaí úis san am atá caite á dtarchur go láidir i gcónaí chuig an ngeilleagar. Tá éileamh á mhaolú ag coinníollacha maoiniúcháin níos doichte, agus tá sé seo ag cuidiú le boilsciú a ísliú. Tá foireann an Eurochórais ag súil go bhfanfaidh fás eacnamaíoch mall sa ghearrthéarma. Thairis sin, táthar ag súil go dtiocfaidh an geilleagar slán de bharr fíorioncaim atá ag méadú – de réir mar a bhaineann daoine tairbhe as boilsciú atá ag titim agus as pá atá ag méadú – agus as éileamh eachtrach atá ag feabhsú. Dá bhrí sin, feictear d’fhoireann an Eurochórais, go dtiocfaidh borradh faoi fhás ó 0.6 faoin gcéad ar an meán i gcomhair 2023 go 0.8 faoin gcéad i gcomhair 2024, agus go 1.5 faoin gcéad i gcomhair 2025 agus 2026 araon.

Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfillfidh an boilsciú ar ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad gan mhoill. Bunaithe ar ár measúnú reatha, measaimid go bhfuil eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag leibhéil anois, má chothaítear ar feadh tréimhse fada go leor iad, a chuideoidh go mór le boilsciú a thabhairt ar ais go tráthúil go dtí an sprioc. Áiritheoidh ár gcinntí amach anseo go socrófar ár rátaí beartais ag leibhéil atá srianta go leor chomh fada agus is gá.

Leanfaimid de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, beidh ár gcinntí faoi rátaí úis bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

Is iad príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ár bpríomhuirlis leis an seasamh maidir le beartas airgeadaíochta a leagan síos. Chinneamar freisin inniu normalú chlár comhardaithe an Eurochórais a chur chun cinn. Tá sé ar intinn ag an gComhairle Rialaithe leanúint de bheith ag athinfheistiú, ina n-iomláine, na n-íocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht, arna gceannach faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP) le linn an chéad leath de 2024. Le linn an dara leath den bhliain, tá sé ar intinn aici an phunann CCÉP a laghdú €7.5 billiún in aghaidh na míosa ar an meán. Tá sé ar intinn ag an gComhairle Rialaithe deireadh a chur le hathinfheistíochtaí faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime ag deireadh 2024.

Tá na cinntí uile a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Chrap geilleagar an limistéir euro de bheagán sa tríú ráithe, de dheasca laghdú ar fhardail den chuid is mó. Is dócha go leanfaidh coinníollacha maoiniúcháin níos doichte agus éileamh eachtrach támáilte de bheith ag cur isteach ar ghníomhaíocht eacnamaíoch sa ghearrthéarma. Tá na hionchais lag i gcomhair earnáil na foirgníochta agus earnáil na déantúsaíochta go háirithe, an dá earnáil is mó a ndearna rátaí úis níos airde difear dóibh. Tá gníomhaíocht seirbhísí le héirí níos boige sna míonna amach romhainn. Is amhlaidh atá mar gheall ar iarmhairtí ó ghníomhaíocht thionsclaíoch níos laige, éifeachtaí atá ag teip ó athoscailt an gheilleagair agus tionchar leathan choinníollacha maoiniúcháin níos doichte.

Leanann an margaidh saothair de bheith ag tacú leis an ngeilleagar. Sheas an ráta dífhostaíochta ag 6.5 faoin gcéad i mí Dheireadh Fómhair agus tháinig méadú de 0.2 faoin gcéad ar fhostaíocht sa tríú ráithe. Ag an am céanna, tá an t-éileamh ar oibrithe á mhaolú ag an ngeilleagar níos laige, agus líon níos lú gnólachtaí ag fógairt folúntas le míonna anuas. Lena chois sin, cé go bhfuil níos mó daoine ag obair, tháinig uimhir iomlán na n-uaireanta a d’oibrigh daoine síos de 0.1% sa tríú ráithe.

De réir mar a théann an ghéarchéim fuinnimh i léig, ba cheart do rialtais leanúint de na bearta tacaíochta gaolmhara a laghdú. Tá sé sin ríthábhachtach chun ardú ar bhrúnna meántéarmacha boilscithe a sheachaint, rud a d’éileodh beartas airgeadaíochta níos déine fós murach sin. Ba cheart beartais fhioscacha a bheith deartha chun ár ngeilleagar a dhéanamh níos bisiúla agus chun fiachas ard poiblí a thabhairt anuas de réir a chéile. Is féidir le hathchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí chun feabhas a chur ar acmhainneacht soláthair an limistéir euro — a thacódh le cur chun feidhme iomlán chlár Next Generation EU — cabhrú chun brúnna praghsanna a laghdú sa mheántéarma, agus tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach ag an am céanna. Chuige sin, tá sé tábhachtach go dtiocfar ar aontú go sciobtha maidir le hathchóiroiú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. Lena chois sin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear borradh faoin dul chun cinn atá á dhéanamh i dtreo Aontas na Margaí Caipitil agus cur i gcrích an Aontais Bhaincéireachta.

Boilsciú

Tháinig laghdú ar an mboilsciú le dhá mhí anuas, ag titim chuig ráta bliantúil de 2.4 faoin gcéad i mí na Samhna dar le splanceisiúint Eurostat. Laghdú leathan a bhí anseo. Tháinig laghdú níos mó ar bhoilsciú praghsanna fuinnimh agus d’ísligh boilsciú praghsanna bia freisin, cé gur fhan sé sách ard ar an iomlán. An mhí seo, is dócha go dtiocfaidh borradh faoin mboilsciú mar thoradh ar bhunéifeacht aníos ar an gcostas fuinnimh. In 2024, táimid ag súil go dtiocfaidh laghdú níos moille ar bhoilsciú mar gheall ar bhunéifeachtaí eile aníos agus an deireadh atáthar a chur le beartais fhioscacha ón am atá caite arbh é ab aidhm leo teorainn a chur le hiarmhairtí shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh.

Tháinig laghdú de bheagnach 1% ar an mboilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh le dhá mhí anuas, ag titim go 3.6 faoin gcéad i mí na Samhna. Léirítear leis seo coinníollacha soláthair atá ag feabhsú, éifeachtaí an tsuaitheadh praghsanna fuinnimh san am atá caite atá ag teip agus tionchar beartais airgeadaíochta níos doichte ar éileamh agus ar chumhacht praghsála ghn ólachtaí. Thit an ráta boilscithe le haghaidh earraí agus seirbhísí go 2.9 faoin gcéad agus 4.0 faoin gcéad faoi seach.

Tháinig laghdú ar gach tomhas boilscithe i mí Dheireadh Fómhair, ach d’fhan an brú ar phraghsanna intíre ard, go príomha mar gheall ar fhás láidir pá chomh maith le táirgiúlacht atá ag titim. Is thart ar 2 faoin gcéad den chuid is mó atá na tomhais ar ionchais maidir le boilsciú níos fadtéarmaí, le roinnt de na táscairí margadhbhunaithe maidir le cúiteamh boilscithe ag titim ó leibhéil níos airde.

Measúnú riosca

Tá baoil don fhás eacnamaíoch fós tiontaithe i dtreo an taoibh thíos. D’fhéadfadh an fás a bheith níos ísle má bhíonn éifeachtaí an bheartais airgeadaíochta níos láidre ná mar a bhíothas ag súil leis. Chuirfeadh geilleagar domhanda níos laige nó moilliú breise ar thrádáil dhomhanda béim ar fhás an limistéir euro freisin. Is príomhfhoinsí riosca geopholaitiúla iad cogadh gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an choimhlint thragóideach sa Mheánoirthear. D’fhéadfadh sé nach mbeidh an oiread muiníne ag gnólachtaí ná ag teaghlaigh as an todhchaí dá bharr. D’fhéadfadh fás a bheith níos airde má ardaíonn fíor-ioncaim caiteachas níos mó ná mar a ceapadh, nó má fhásann geilleagar an domhain níos láidre ná mar a ceapadh.

I measc na rioscaí ar an taobh thuas do bhoilsciú tá an teannas geopholaitíochta méadaithe, a d’fhéadfadh praghsanna fuinnimh a ardú sa ghearrthéarma, agus imeachtaí adhaimsire, a d’fhéadfadh praghsanna bia a ardú. D’fhéadfadh boilsciú éirí níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis dá n-imeodh ionchais boilscithe os cionn ár sprice, nó dá n-ardódh pá nó corrlaigh bhrabúis níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis. I gcodarsnacht leis sin, d’fhéadfadh boilsciú iontas a chruthú agus é íslithe má dhéanann beartas airgeadaíochta an t-éileamh a mhaolú níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis nó má éiríonn an timpeallacht eacnamaíoch sa chuid eile den domhan in olcas gan choinne, b’fhéidir go páirteach mar gheall ar an ardú atá tagtha ar rioscaí geopholaitíochta le déanaí.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Tá laghdú suntasach tagtha ar rátaí úis an mhargaidh ónár gcruinniú deireanach agus tá siad faoi bhun na rátaí atá leabaithe i réamh-mheastacháin na foirne. Leanann ár mbeartas airgeadaíochta sriantach de bheith ag tarchur go láidir isteach i ndálaí airgeadais níos leithne. D'ardaigh rátaí iasachtaithe arís i mí Dheireadh Fómhair, go 5.3 faoin gcéad le haghaidh iasachtaí gnó agus 3.9 faoin gcéad do mhorgáistí.

Tá na dinimicí creidmheasa níos laige de bharr rátaí iasachtaíochta níos airde, éileamh níos lú ar iasachtaí agus soláthar níos déine iasachtaí. Laghdaigh iasachtaí do ghnólachtaí ag ráta bliantúil de 0.3 faoin gcéad i mí Dheireadh Fómhair agus bhí iasachtaí do theaghlaigh fós lag freisin, ag fás ag ráta bliantúil de 0.6 faoin gcéad. Le hiasachtú níos laige agus an laghdú ar chlár comhardaithe an Eurochórais, tá airgead leathan – arna thomhas ag M3 – ag dul i laige i gcónaí. I mí Dheireadh Fómhair thit sé ag ráta bliantúil de 1.0 faoin gcéad.

De réir ár straitéise beartais airgeadaíochta, rinne an Chomhairle Rialaithe measúnú cuimsitheach ar an idirghaol idir beartas airgeadaíochta agus cobhsaíocht airgeadais. Tá a n-athléimneacht léirithe ag bainc an limistéir euro. Tá cóimheasa caipitil arda acu agus tá siad i bhfad níos brabúsaí le bliain anuas. Ach tá an t-ionchas cobhsaíochta airgeadais fós leochaileach sa timpeallacht reatha de choinníollacha maoinithe níos doichte, fás lag agus teannas geopholaitíochta. Go háirithe, d’fhéadfadh an scéal dul in olcas dá dtiocfadh méadú níos mó ar chostais mhaoinithe na mbanc ná mar a ceapadh agus dá mbeadh níos mó iasachtaithe ag streachailt a gcuid iasachtaí a aisíoc. Ag an am céanna, ba cheart tionchar foriomlán cás den sórt sin ar an ngeilleagar a shrianadh má fhreagraíonn na margaí airgeadais ar bhealach ordúil. Is é an beartas macrastuamachta an chéad líne chosanta fós atá againn in aghaidh leochaileachtaí airgeadais a bheith ag méadú, agus cuidíonn na bearta atá i bhfeidhm le hathléimneacht an chórais airgeadais a chaomhnú.

Conclúid

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfillfidh an boilsciú ar ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad gan mhoill. Bunaithe ar ár measúnú i láthair na huaire, measaimid go bhfuil na rátaí ag leibhéil, má chothaítear ar feadh tréimhse fada go leor iad, a chuideoidh go mór le boilsciú a thabhairt ar ais go tráthúil go dtí ár sprioc. Cinnteoidh ár gcinntí amach anseo go socrófar eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag leibhéil atá sriantach go leor chomh fada agus is gá chun filleadh tráthúil den sórt sin a áirithiú. Leanfaimid de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh.

Tá sé beartaithe ag an gComhairle Rialaithe an phunann CCÉP a laghdú le linn an dara leath de 2024 agus scor dá hathinfheistíochtaí faoi CCÉP ag deireadh 2024.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár n-ionstraimí uile a choigeartú laistigh dár sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí ár sprioc mheántéarmach agus an tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa