Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí beartais airgeadaíochta

15 Meitheamh 2023

Tá boilsciú ag ísliú ach meastar go bhfanfaidh sé ró-ard ar feadh rófhada. Tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí 2%, is é sin, an sprioc mheántéarmach, gan mhoill. Cinneadh inniu mar sin trí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ardú 25 bhonnphointe.

Léiríonn an méadú ráta inniu measúnú nuashonraithe na Comhairle Rialaithe ar ionchas an bhoilscithe, ar dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh, agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. De réir réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha mhí an Mheithimh, tá foireann an Eurochórais ag súil le boilsciú foriomlán go 5.4% ar an meán in 2023, 3.0% in 2024 agus 2.2% in 2025. Fanann táscairí ar bhrúnna praghais bunúsacha láidir, cé go léiríonn roinnt acu comharthaí trialacha de mhaolú. Tá coigeartú suas déanta ag an bhfoireann ar a réamh-mheastacháin maidir le boilsciú, gan fuinneamh agus bia san áireamh, go háirithe don bhliain seo agus don bhliain seo chugainn, mar gheall ar arduithe nach raibh súil acu leo roimhe seo agus ar na himpleachtaí a bheadh ag an margadh láidir saothair ar luas an fhrithbhoilscithe. Feictear dóibh anois go sroichfidh sé 5.1% in 2023, sula laghdaíonn sé go 3.0% in 2024 agus 2.3% in 2025. Tá laghdú beag déanta ag an bhfoireann ar a réamh-mheastacháin fáis eacnamaíoch don bhliain seo agus don bhliain seo chugainn. Tá siad ag súil anois go dtiocfaidh fás 0.9% ar an ngeilleagar in 2023, 1.5% in 2024 agus 1.6% in 2025.

Ag an am céanna, tá na méaduithe a rinne an Chomhairle Rialaithe ar rátaí san am atá thart á dtarchur go láidir chuig dálaí maoinithe agus tá tionchar acu de réir a chéile ar fud an gheilleagair. Tá méadú mór tagtha ar chostais iasachtaíochta agus tá moill ag teacht ar an bhfás ar iasachtaí. Tá dálaí maoinithe níos déine ar cheann de na cúiseanna a meastar go dtiocfaidh laghdú breise ar an mboilsciú i dtreo na sprice, toisc go bhfuiltear ag súil go gcuirfidh siad maolú níos mó ar an éileamh.

Cinnteoidh cinntí a dhéanfaidh an Chomhairle Rialaithe amach anseo go dtabharfar eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh go dtí leibhéil a bheidh sriantach a ndóthain chun filleadh tráthúil an bhoilscithe go dtí an sprioc meántéarmach 2% a bhaint amach agus é a choinneáil ag na leibhéil sin chomh fada agus a bheidh gá leis. Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, leanfaidh a chinntí maidir le rátaí úis de bheith bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

Deimhníonn an Chomhairle Rialaithe go gcuirfidh sí deireadh leis na hathinfheistíochtaí faoin gclár ceannaithe sócmhainní ó mhí Iúil 2023.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Chinn an Chomhairle Rialaithe trí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ardú 25 bhonnphointe. Dá réir sin, ardófar an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus na rátaí úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus ar an tsaoráid taisce go 4.00%, 4.25% agus 3.50% faoi seach, agus tiocfaidh sin i bhfeidhm ón 21 Meitheamh 2023.

Clár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP)

Tá punann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú. Laghdú €15 bhilliún a bheidh ann gach mí ar an meán go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2023. Cuirfidh an Chomhairle Rialaithe deireadh leis na hathinfheistíochtaí faoi CCS ó mhí Iúil 2023.

Maidir leis na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis CCÉP atá ag teacht in aibíocht, tá sé i gceist ag an gComhairle Rialaithe iad a athinfheistiú go dtí deireadh 2024 ar a laghad. I gcás ar bith, déanfar scor céimnitheach phunann CCÉP amach anseo a bhainistiú ionas nach gcuirfidh sé isteach ar an seasamh beartais airgeadaíochta iomchuí.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe uirthi ag cur solúbthachta i bhfeidhm maidir le hathinfheistiú fuascailtí dlite i bpunann CCÉP d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh mheicníocht tarchurtha an bheartais airgeadaíochta, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Ós rud é go bhfuil na méideanna a tógadh ar iasacht faoi na hoibríochtaí athmhaoinithe dírithe fadtéarmacha á n-íoc ar ais ag na bainc, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar an gcaoi a gcuireann oibríochtaí fadtéarmacha iasachtaithe agus a n-aisíocaíocht leanúnach lena seasamh maidir le beartas airgeadaíochta.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí a sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma agus chun tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír de chuid an limistéir euro, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le cumas na Comhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ar 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa