Tuarascáil an Ghrúpa Chomhairligh um Móitífeanna
Eanáir 2025
An Grúpa Comhairleach um Móitífeanna
Achoimre fheidhmeach
Grúpa ildisciplíneach neamhspleách is ea an Grúpa Comhairleach um Móitífeanna (MAG). Bhunaigh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) an Grúpa i mí Eanáir 2024. Tá sé de chuspóir acu scéalta agus móitífeanna a mholadh ar mhaithe leis an dá théama a roghnaigh an Chomhairle Rialaithe i mí na Samhna 2023 le haghaidh nóta bainc euro amach anseo, mar atá “Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin”, a léiriú.
Maidir leis an dá théama, chuir an grúpa rompu móitífeanna a mholadh a mbeadh glacadh leo ar fud an limistéir euro agus a mbeadh tuiscint mhaith ag daoine orthu. Lena chois sin, d’fhéach an grúpa le cothromaíocht a aimsiú idir móitífeanna a bhfuil an pobal mór an-eolach orthu agus móitífeanna nach bhfuil an pobal mór chomh heolach céanna orthu, ar móitífeanna tábhachtacha iad ó thaobh na staire, go háirithe iad siúd a bhaineann le daoine, ealaín, foirgnimh agus áiteanna. I rith an phróisis, bhí na baill den Ghrúpa Comhairleach um Móitífeanna in ann ag an dúshlán a bhí rompu – léiriú a dhéanamh ar gach tír sa limistéar euro agus móitífeanna a aithint a nglacfadh saoránaigh Eorpacha ó chúlraí éagsúla leo agus a mbeadh tuiscint acu orthu.
Tá an obair curtha i gcrích ag an nGrúpa Comhairleach um Móitífeanna anois agus tá ceithre scéal á moladh acu (dhá cheann faoi choinne “Cultúr na hEorpa” agus dhá cheann faoi choinne “Aibhneacha agus éin”) mar roghanna oiriúnacha don chomórtas deartha.[1] Maidir leis an téama, “Cultúr na hEorpa”, phioc an Grúpa Comhairleach um Móitífeanna na scéalta “Spásanna cultúrtha comhroinnte” agus “Mná mar príomhphearsana i gcultúr na hEorpa” mar roghanna oiriúnacha, agus phioc siad na scéalta “An dúlra mar chultúr” agus “Teacht aniar san éagsúlacht” mar roghanna oiriúnacha sa téama “Aibhneacha agus éin”.
Moltar trí rogha léirithe i gcás ceann amháin de na scéalta do “Cultúr na hEorpa”, mar atá, “Spásanna cultúrtha comhroinnte”. Tá achoimre thíos ar phríomhghnéithe na moltaí uile: i gcás gach molta, is ann do chur síos ar an scéal agus ar na móitífeanna lena mbaineann, mar aon leis an gcaoi a dtéann an scéal chun cinn ar fud na sraithe agus ar éadan agus ar chúl na nótaí bainc. Tá níos mó sonraí faoi na moltaí sin le fáil in Iarscríbhinn 1. San áireamh in Iarscríbhinn 2 tá scéalta agus móitífeanna eile a ndearna an grúpa plé orthu ach nár roghnaíodh lena moladh.
Tugadh faoi sheiceálacha tosaigh d’fhonn a fháil amach an raibh aon chonspóid nó riosca do chlú ag baint leis na moltaí. Dá bhrí sin, bhí an grúpa ábalta gearrliosta reatha na scéalta agus na móitífeanna a thabhairt chun críche. Níl na seiceálacha sin uileghabhálach ná dochloíte fós, áfach. Sula ndéanfar an comórtas deartha a sheoladh, is gá tuilleadh measúnaithe a dhéanamh ar na rioscaí agus na cearta a bhaineann le húsáid aon scéil aonair amháin agus na móitífeanna lena mbaineann.
Cultúr na hEorpa
Spásanna cultúrtha comhroinnte
Scéal
Tá a gcruthaitheacht, a n-eolas agus a scileanna á roinnt ag pobal na hEorpa ar feadh na gcéadta blianta agus tá ár gcultúr Eorpach comhchoiteann ag dul i méad dá thairbhe. Is spásanna iad scoileanna, ollscoileanna, leabharlanna, amharclanna, staideanna, cearnóga poiblí agus iarsmalanna ina scaipeann daoine cultúr agus ina dtarlaíonn cuid de na heachtraí is suntasaí ina saol. Is sna háiteanna sin a chothaímid an leanúnachas agus an muintearas agus, mar gheall air sin, nasctar sinn leis an am atá thart agus spreagtar ár bhfís don am atá le teacht.
Moltar trí rogha chun an scéal “Spásanna cultúrtha comhroinnte” a léiriú. I gcás gach rogha, tugtar sonraí in Iarscríbhinn 1 faoin gcaoi a dtéann an scéal chun cinn ar fud na sraithe agus ar éadan agus ar chúl na nótaí bainc.
Móitífeanna
Rogha 1 – Foirgnimh agus spásanna atá ann faoi láthair
Léireofar ar éadan na nótaí bainc spásanna nó foirgnimh chomhaimseartha ina dtiteann gníomhaíochtaí cultúrtha comhroinnte amach, mar aon le daoine a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí sin. Taispeánfar ar chúl na nótaí bainc spásanna nó foirgnimh stairiúla den saghas céanna leo siúd ar an éadan.
Rogha 2 – Gníomhaíochtaí agus spásanna
Léireofar ar éadan na nótaí bainc gnáth-ghníomhaíochtaí cultúrtha comhroinnte, mar aon le daoine a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí sin. Is comhaimseartha iad na radhairc, ach is samhailteach iad na spásanna agus na daoine. Taispeánfar ar chúl na nótaí bainc foirgnimh stairiúla agus spásanna cultúrtha ina dtiteann na gníomhaíochtaí sin amach.
Rogha 3 – Gníomhaíochtaí agus pictiúir
Maidir le rogha 2, léireofar ar éadan na nótaí bainc gnáth-ghníomhaíochtaí cultúrtha comhroinnte, mar aon le daoine a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí sin. Is comhaimseartha iad na radhairc, ach is samhailteach iad na spásanna agus na daoine. Taispeánfar ar chúl na nótaí bainc pictiúir, nó sonraí ó phictiúir, a léiríonn an saghas céanna gníomhaíochta agus spáis agus na cinn sin atá ar an éadan. Roghnaíodh na pictiúir, ó ré na hAthbheochana go dtí deireadh an 19ú céad, de thairbhe a n-ábhair. Ní úsáidtear in ord croineolaíoch iad.
Tairbhí agus rioscaí
Léirítear sna móitífeanna a roghnaíodh roinnt de na spásanna is coitianta ina gcuirtear cultúr na hEorpa in iúl agus ina roinntear é. Nascann na móitífeanna an t-am i láthair leis an am atá thart agus nascann siad traidisiúin le cultúr comhaimseartha. Ba é an dúshlán a bhí ann teacht ar mhóitífeanna ina léirítear éagsúlacht gheografach agus inscne go cuí, teacht ar mhóitífeanna a bhfuil an pobal mór an-eolach orthu agus teacht ar mhóitífeanna a bhfuil fáil ag an bpobal mór orthu.
Mná mar príomhphearsana i gcultúr na hEorpa
Scéal
D’fhéadfadh ról a bheith ag mná, agus ba cheart go mbeadh ról ag mná, in eolaíocht agus i gcultúr na hEorpa, ach chuir srianta sóisialta agus laofacht inscne cosc air sin ón gcéad lá riamh. In ainneoin na srianta sin, d’éirigh le hanrud ban na constaicí a shárú agus teacht chun tosaigh go láidir i réimsí na cruthaitheachta agus na nuálaíochta. Agus seisear iontach agus a gcuid éachtaí á gceiliúradh againn, leagaimid béim ar oidhreacht chultúrtha chomhroinnte na hEorpa agus léirímid a luachanna comhionannais agus ionchuimsitheachta.
Móitífeanna
Léireofar ar éadan na nótaí bainc portráidí de roinnt de na mná is ábhartha a chuir le cultúr agus le heolaíocht na hEorpa. Taispeánfar ar chúl na nótaí bainc samplaí dá gcuid éachtaí agus dá gcuid saothar.
Tairbhí agus rioscaí
Scéal simplí atá ann agus is furasta é a thuiscint. Tacaíonn na daoine a mholtar, maille lena gcuid gníomhartha agus éachtaí, leis an mórchuid de chearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh (AE). Tá na céadta blianta i gceist leis an scéal agus leagann sé béim ar ról na mban Eorpach san eolaíocht agus sa chultúr, a théann níos faide ar shiúl ná an Eoraip. Cuireann sé teachtaireacht in iúl fosta maidir le seasamh na hEorpa i leith stádas na mban. Os a choinne sin, d’fhéadfadh daoine áirithe a rá go bhfuil smut den idirdhealú inscne i gceist siocair nach bhfuil fir ar bith ann.
Aibhneacha agus éin
An dúlra mar chultúr
Scéal
Tá samhlaíocht ealaíonta agus seiftiúlacht eolaíoch na hEorpa fite fuaite le saibhreas agus le héagsúlacht a héiceolaíochta. Léiríonn na nótaí bainc aibhneacha agus éin – fórsaí nádúrtha a bhíonn ag gluaiseacht de shíor – mar a samhlaíodh iad i rith chultúir shíorathraitheacha na hEorpa. Imríonn modhanna ealaíne agus cultúir na n-aoiseanna leanúnacha dár stair chomhroinnte tionchar ar stíl amhairc gach nóta. Tá an dúlra agus an cultúr de chuid na hEorpa mar an dá aghaidh d’fhuinneamh beoga síor-athnuachana amháin, atá ag preabadh ón gcéad lá riamh i dtreo todhchaí inbhuanaithe.
Móitífeanna
Taispeánann na móitífeanna ar éadan na nótaí bainc léirithe d’éin ina ngnáthóga abhann. Fuarthas spreagadh ina leith ó mhodhanna ealaíne na n-aoiseanna faoi seach. Tá céimeanna éagsúla den abhainn, ón bhfoinse go dtí an fharraige, i gceist leis na gnáthóga abhann. Taispeántar ar chúl na nótaí bainc réada agus déantáin ó thréimhsí éagsúla, arna léiriú i stíleanna a bhfuil ealaín chomhaimseartha na linne sin mar spreagadh acu. Níl na híomhánna litriúil; ina áit sin, is foinse inspioráide iad teangacha amhairc na dtréimhsí dá bhfuil i gceist.
Tairbhí agus rioscaí
Tugann na móitífeanna an dúlra agus an cultúr le chéile, an dá ghné is tarraingtí do phobal na hEorpa de réir na suirbhéanna poiblí. Ba é an dúshlán a bhí ann plé le stíleanna éagsúla amhairc agus, ag an am céanna, a thaispeáint go bhfuil sraith chomhleanúnach i gceist. Ba ghá díriú ar shnáithe scéil soiléir i rith an ama leis.
Teacht aniar san éagsúlacht
Scéal
Níl teorainneacha ar bith ag aibhneacha agus éin. Téann siad ar fud na hEorpa gan bhac.
Éiceachóras polaitiúil agus cultúrtha is ea an Eoraip, áit a n-eascraíonn neart an iomláin as saibhreas, saoráid agus éagsúlacht a codanna éagsúla. Táimid seasmhach de bhrí go bhfuil an dúrud cultúr, smaointe agus startha á roinnt againn. Bítear ag brath ar a chéile ar son an chothaithe. Is amhlaidh an scéal maidir lenár gcuid éiceachóras nádúrtha. Bíonn aibhneacha agus éin ag bogadh agus ag oiriúnú i dtólamh. Glacann siad cruthanna éagsúla iontacha. Má táimid chun an bheatha a chothú, ní mór dúinn a héagsúlacht a chothú, agus cuireann siad an méid sin i gcuimhne dúinn ar na nótaí bainc.
Móitífeanna
Tá na céimeanna éagsúla den abhainn, ón bhfoinse go dtí an fharraige, i gceist leis na móitífeanna. Léirítear ar an éadan éagsúlacht na n-éan ina ngnáthóga abhann uile. Taispeántar ar an gcúl an bealach a dtacaíonn gach céim den abhainn le gné éagsúil de bheatha an duine. Is é éagsúlacht na dtírdhreach Eorpach sin a chothaíonn teacht aniar ionainn i láthair dúshláin chomhshaoil millteanach mór.
Tairbhí agus rioscaí
Is furasta na móitífeanna a thuiscint. Is beag duine nach n-aithneodh na speicis, na tírdhreacha agus na gníomhaíochtaí. Cionn is go bhfuil siad neodrach ó thaobh tíre de, is furasta do chuid mhór tíortha agus pobal ó chúlraí iomadúla iad a thuiscint. Is léirithe tábhachtacha iad fosta ar reachtaíocht chomhshaoil na hEorpa, dála na Creat-Treorach Uisce agus na Treorach maidir le hÉin. Is é an dúshlán a bheidh ann a luachmhaire atá an dúlra do dhaoine, macasamhail soláthair uisce, caithimh aimsire agus talmhaíochta, a chur in iúl go soiléir agus, ag an am céanna, béim a leagan ar an ngá atá le hinbhuanaitheacht.
Cuirtear na scéalta i láthair in ord aibítre ar fud na cáipéise.