Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Feabhra 2022

Cad iad na príomhphointí?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Tá an limistéar euro fós ag téarnamh

Beidh fás níos moille sa chéad chuid den bhliain toisc go bhfuil tionchar fós á imirt ag an bpaindéim ar ghníomhaíochtaí. Tá vacsaín faighte ag mórán daoine anois áfach, agus tá an tsochaí agus an geilleagar ag déileáil níos fearr leis an bpaindéim anois ná mar a bhí roimhe.

Tá srian leis an ngeilleagar faoi láthair de dheasca praghsanna arda fuinnimh agus ganntanas...

Tá moill ar ghníomhaíocht fós mar gheall ar ghanntanas ábhair, trealaimh agus lucht saothair. Tá dochar á dhéanamh d’ioncam daoine le praghsanna arda fuinnimh agus tá teorainn leis an méid airgid is féidir leo a chaitheamh dá dheasca. Tá gnólachtaí ag déanamh níos lú infheistíochtaí.

... ach measaimid go dtiocfaidh feabhas ar an ngeilleagar níos déanaí sa bhliain.

Is cosúil go bhfuil fuascailt na scrogall soláthair ag tosú anois. Agus post ag líon níos airde daoine, ba cheart go mbeadh ioncam ní b’airde ag teaghlaigh agus go mbeadh níos mó airgid le caitheamh acu. Is cuidiú é beartas agus an téarnamh domhanda freisin ó thaobh theacht aniar an gheilleagair de.

Is cosúil go bhfanfaidh boilsciú ag leibhéal ard ar feadh tréimhse níos faide ná mar a measadh cheana...

Praghsanna fuinnimh is cúis leis sin go príomha. Tá praghsanna bia agus réimse leathan earraí agus seirbhísí eile ag ardú freisin, áfach.

...ach is dócha go dtiocfaidh laghdú ar bhoilsciú i rith na bliana seo

Ba cheart go dtiocfadh laghdú ar an mbrú atá ar phraghsanna ó mhargaí fuinnimh agus ó scrogaill.

Cad a chinneamar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Tá ár mbeartas dírithe ar an meántéarma fós

Cuirfimid deireadh le glancheannacháin faoinár clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime ag deireadh mhí an Mhárta 2022. Is gá anois, níos mó ná riamh áfach, go mbeidh ár mbeartas fós solúbtha agus go mbeidh roghanna fós ar fáil dúinn le cinntiú go ndéanfar cobhsú ar bhoilsciú agus go mbainfear amach ár sprioc, is é sin, 2% de bhoilsciú sa mheántéarma.

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
BREIS EOLAIS UAIT? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Céard is beartas airgeadaíochta ann?