Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas maidir leis an mbeartas airgeadaíochta - Eanáir 2025

Cad a chinneamar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Laghdaíomar ár n-eochair-rátaí úis 0.25 pointe céatadáin

Táimid á dhéanamh seo toisc go bhfuil an boilsciú ag forbairt mar a bhí measta againn agus tá sé ar an mbóthar ceart chun socrú síos thart ar an sprioc 2% atá againn.

Cad atá ag tarlú sa gheilleagar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Tá an geilleagar lag

Tá níos lú earraí á dtáirgeadh ag monaróirí. Agus tá rioscaí ann, amhail bacainní níos mó ar thrádáil, a dhéanann an t-ionchas níos éiginnte. Tá ag éirí níos fearr le seirbhísí. Le himeacht ama, ba cheart go dtiocfadh fás láidir ar an ngeilleagar arís.

Níl daoine ag caitheamh airgid go fóill

Tá níos mó airgid ag daoine toisc gur tháinig ardú ar a bpá. Ach níl a ndóthain muiníne acu faoin todhchaí go fóill agus iad faichilleach lena gcuid caiteachais.

Tá an margadh fostaíochta láidir fós

Tá an dífhostaíocht thart ar an leibhéal is ísle ó tugadh an euro isteach, cé go bhfuil níos lú folúntais á bhfógairt ag gnólachtaí.

Tá an boilsciú ar an mbealach anuas ar an iomlán

Tháinig ardú níos tapúla ar phraghsanna le roinnt míonna anuas, fuinneamh san áireamh. Ach le linn na bliana, táthar ag súil go socróidh an boilsciú síos ag thart ar an sprioc 2% atá againn.

Tá níos mó daoine ag iarraidh iasachtaí a fháil chun teach a cheannach

Agus rátaí úis ag laghdú, tá morgáistí tar éis éirí níos saoire. Ach is lú an fonn atá ar na bainc iasachtaí a chur ar fáil do ghnólachtaí toisc go bhfuil imní orthu faoina bhfuil i ndán don gheilleagar.

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ MAIDIR LEIS AN mBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS MAIDIR LEIS AN mBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh an míniú atá againn ar na cúiseanna atá leis na cinntí is déanaí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta.

Ráiteas maidir leis an mbeartas airgeadaíochta
NÍ SAINEOLAÍ THÚ? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Cad is beartas airgeadaíochta ann?