Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Tá líon na nótaí bainc euro góchumtha fós íseal in 2023

29 Eanáir 2024

  • Aistarraingíodh 467,000 nóta bainc euro góchumtha ó bheith i gcúrsaíocht in 2023, ceann de na leibhéil is ísle riamh i gcomhréir le líon iomlán na nótaí bainc atá i gcúrsaíocht
  • Nótaí de na hainmníochtaí €20 agus €50 a bhí i mbreis agus 70% de na nótaí bainc góchumtha a aistarraingíodh
  • Is modh íocaíochta sábháilte agus iontaofa i gcónaí iad nótaí bainc euro
  • Is féidir barántúlacht nótaí bainc euro a fhíorú trí úsáid a bhaint as an tástáil “cuimil, féach agus iompaigh”

Aistarraingíodh thart ar 467,000 nóta bainc euro góchumtha ó bheith i gcúrsaíocht in 2023. Is beag seans go bhfaighidh tú nóta bainc góchumtha, ós rud é go bhfuil líon na nótaí góchumtha fós íseal i gcomhréir le líon na bhfíornótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht. In 2023, níor braitheadh ach 16 nóta bainc góchumtha in aghaidh an mhilliúin nóta bainc i gcúrsaíocht, ceann de na céatadáin is lú ó tugadh isteach nótaí bainc euro (féach an chairt thíos).

Cairt

Líon na nótaí bainc euro góchumtha a bhraitear gach bliain in aghaidh an mhilliúin fíornóta i gcúrsaíocht

Cé gur méadú fíorbheag a bhí ann, tháinig méadú ar líon iarbhír na nótaí bainc góchumtha i gcomparáid le 2022, tráth a raibh líon na nótaí bainc góchumtha sáríseal i ndiaidh phaindéim an choróinvíris (COVID-19). I gcás ar bith, d’fhan líon na nótaí bainc góchumtha níos ísle ná mar a bhí sna blianta roimh an bpaindéim.

Lean na hainmníochtaí €20 agus €50 de bheith ar na hainmníochtaí is mó a góchumadh, arbh ionann iad le chéile agus níos mó ná 70% den iomlán (féach an tábla thíos). Fuarthas 97.2% de na nótaí bainc góchumtha i dtíortha sa limistéar euro, agus fuarthas 1.9% díobh i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro agus 0.9% i bpáirteanna eile den domhan.

Tábla

Miondealú ar nótaí góchumtha de réir ainmníochta in 2023

Ainmníocht

€5

€10

€20

€50

€100

€200

€500

Céatadán den iomlán

1.8

8.4

34.0

38.4

11.7

4.5

1.2

Is furasta formhór na nótaí bainc góchumtha a bhrath toisc nach mbíonn aon aithris ar ghnéithe slándála le feiceáil orthu, nó má bhíonn, is drochaithris a bhíonn ann. Ní gá don phobal a bheith buartha faoi ghóchumadh ach ba cheart a bheith airdeallach i gcónaí. Is féidir nótaí a sheiceáil trí úsáid a bhaint as an tástáil shimplí “cuimil, féach agus iompaigh” a bhfuil cur síos air ar leathanach gréasáin tiomnaithe na ngnéithe slándála agus ar shuíomhanna gréasáin bhainc cheannais náisiúnta an limistéir euro. Cuidíonn an tEurochóras freisin le láimhseálaithe gairmiúla airgid thirim trína chinntiú gur féidir le meaisíní, a ndearnadh tástáil rathúil orthu agus a n-úsáidtear chun nótaí bainc a láimhseáil agus a phróiseáil, nótaí bainc góchumtha a shainaithint go hiontaofa agus iad a aistarraingt ó bheith i gcúrsaíocht.

Is cion coiriúil é nótaí bainc góchumtha a úsáid le haghaidh íocaíochta agus d’fhéadfadh ionchúiseamh a bheith mar thoradh air. Má fhaigheann tú nóta bainc amhrasach, déan comparáid dhíreach idir é agus nóta bainc eile arb eol duit gur fíornóta é. Más nóta góchumtha é, téigh i dteagmháil leis na póilíní nó — ag brath ar an gcleachtas náisiúnta — le do bhanc ceannais náisiúnta nó le do bhanc miondíola nó tráchtála féin. Tacaíonn an tEurochóras go gníomhach le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí sa chomhrac i gcoinne góchumadh airgeadra.

Le haghaidh ceisteanna ó na meáin, téigh i dteagmháil le Nicos Keranis, teil.: +49 172 758 7237.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa