Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ár n-airgeadra coiteann

Baineann breis is 346 milliún Eorpach úsáid as an euro. Déanaimidne cinnte gur féidir leat muinín a bheith agat as ár n-airgeadra coiteann sa bhaile agus nuair a bhíonn tú ag taisteal, ag staidéar nó ag obair i dtíortha eile sa limistéar euro. Is muide a dhearann nótaí bainc an euro freisin, ag cinntiú go bhfuil siad slán ó ghóchumadh agus frithsheasmhach in aghaidh caithimh agus cuimilte.

An euro – airgeadra ar féidir leat muinín a bheith agat ann

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Cén tairbhe atá bainte ag Eorpaigh as an euro?

Taisteal, obair nó staidéar thar lear - déanann an euro níos éasca iad sin go léir.

An nóta bainc i do phóca - láidir, sábháilte agus ina shaothar ealaíne

Ar fhéach tú go grinn riamh ar nóta bainc euro? Tá gnéithe slándála acu a dhéanann deacair iad a ghóchumadh, dearadh a sheasann do luachanna Eorpacha, agus síniú Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh chun cuidiú muinín san airgeadra a chinntiú. 

Féach ar ghnéithe slándála nótaí bainc an euro

Tugann an euro le chéile muid - sa tsíocháin, sa tsaoirse agus sa rathúnas

Cuireann nótaí bainc agus na boinn airgid an méid atá bainte amach againn san Eoraip trí oibriú le chéile i gcuimhne dúinn gach lá. Cé acu ar fhás tú aníos leis an euro, nó gur le gairid a ghlac do thír leis, ceanglaíonn an t-airgead inár bpócaí muid lena chéile trasna teorainneacha.

Faigh amach faoi na bealaí eile a dtéann an euro chun tairbhe duit!

Cuir tástáil ort féin!

Faigh amach cé mhéad atá ar eolas agat faoi airgead leis an quiz idirghníomhach seo.