Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cén fáth ar cás le BCE an t-athrú aeráide?

Is cás linn an t-athrú aeráide in BCE toisc go ndéanann sé difear do na nithe seo a leanas:

  • an geilleagar, agus dá réir sin an sprioc atá againn praghsanna a choinneáil cobhsaí;
  • na bainc a ndéanaimid maoirseacht orthu agus an ról atá againn ina gcoinneáil sábháilte agus fónta;
  • ár neamhchosaint féin ar riosca.

Conas a imríonn an t-athrú aeráide tionchar ar ár ngeilleagar?

Baineann dhá chineál riosca gheilleagraigh leis an athrú aeráide: rioscaí fisicúla agus rioscaí aistrithe.

Cad iad na rioscaí fisiciúla?

Is rioscaí iad rioscaí fisiciúla a eascraíonn as na hathruithe ar an aimsir agus ar an aeráid agus a mbíonn tionchar acu ar gheilleagair. Mar shampla, is féidir le stoirmeacha nó tuilte damáiste a dhéanamh do thithe agus do shráideanna nó barra a scriosadh. De dheasca an athraithe aeráide, tá teagmhais den sórt sin ag tarlú níos minice agus ag éirí níos measa le blianta beaga anuas agus tá a dtionchar eacnamaíoch ag dul i méid.

Is féidir le hathruithe fadtéarmacha, amhail patrúin báistí atá ag athrú agus teochtaí atá ag ardú, cur isteach ar thionscail agus ar thalmhaíocht freisin. Gan gníomh chun na hathruithe sin a mhoilliú, is in olcas a rachaidh na héifeachtaí a ghabhann leo.

Cad iad rioscaí an aistrithe?

Ní foláir astaíochtaí carbóin a laghdú chun na héifeachtaí is measa a bhaineann leis an athrú aeráide a mhoilliú agus a sheachaint. Is é sin an fáth a bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas geilleagar glan-nialasach a bhaint amach faoi 2050. Chun an sprioc sin a bhaint amach, ní mór dúinn ár ngníomhaíochtaí eacnamaíocha uile a dhéanamh níos glaise, lena n-áirítear an chaoi a ndéanaimid earraí a tháirgeadh agus seirbhísí a sholáthar, an chaoi a dtaistealaímid agus an chaoi a mbeathaímid sinn féin. D’fhéadfadh deiseanna suntasacha a bheith ann dúinn mar thoradh ar an aistriú chuig geilleagar níos glaise, amhail poist nua agus timpeallacht níos sláintiúla.

Ach baineann rioscaí leis an aistriú sin freisin, go háirithe má chuirtear chun feidhme go róthapa beartais lena spreagtar gníomhaíochtaí níos inbhuanaithe, agus mura bhfuil a ndóthain ama ag gnólachtaí agus ag daoine iad féin a chur in oiriúint dó sin. D’fhéadfadh gnólachtaí cliseadh, d’fhéadfadh daoine a gcuid post a chailleadh agus d’fhéadfadh luach na sócmhainní airgeadais titim. D’fhéadfadh rialacháin nua, athrú ar roghanna na dtomhaltóirí agus nuálaíochtaí teicneolaíochta a fhágann go bhfuil táirgí atá díobhálach don chomhshaol dulta as feidhm a bheith ina gcúis leis na forbairtí sin. Tugtar “rioscaí an aistrithe” orthu sin.

Mar sin, cén fáth ar cás le BCE é seo?

In BCE, is é ár leas é aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid laistigh dár sainordú. Bíonn tionchar ag an athrú aeráide ar an gcaoi a gcoinnímid praghsanna cobhsaí agus ar an gcaoi a mbainistímid ár neamhchosaint féin ar rioscaí aeráide.

Conas a imríonn an t-athrú aeráide tionchar ar phraghsanna?

Tá tionchar ag an athrú aeráide ar an ngeilleagar agus, dá bhrí sin, tá tionchar aige freisin ar phraghsanna. Mar shampla, is féidir le triomaigh agus le falscaithe baint an fhómhair a mhilleadh, agus is féidir le tuilte agus le leibhéil ísle uisce cur isteach ar chórais iompair agus ar shlabhraí soláthair, agus costas ard le seasamh ag gnólachtaí dá réir. D’fhéadfadh éifeachtaí iarmhartacha ar mhargaí airgeadais teacht as tarlúintí den sórt sin freisin agus d’fhéadfadh éagobhsaíocht leathadh mar thoradh air sin. Is féidir leis seo go léir tionchar a imirt ar phraghsanna agus dá bhrí sin ar ár gcumas praghsanna a choinneáil cobhsaí.

Is féidir le beartais chun gníomhaíochtaí níos glaise a spreagadh tionchar a imirt freisin ar an méid a chosnaíonn rudaí. Mar shampla, is féidir le fóirdheontais le haghaidh infheistíochtaí i bhfuinneamh glas nó cánacha ar ghual, ola agus gás tionchar a imirt ar an ngeilleagar agus ar phraghsanna.

Conas a imríonn an t-athrú aeráide tionchar ar na bainc a ndéanaimid maoirseacht orthu?

Ceann de na príomhchúraimí atá ar bhanc is ea iasachtaí a sholáthar dá chliaint, lena n-áirítear gnólachtaí. Má bhuaileann tuile ceann de na gnólachtaí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé i dtrioblóid airgeadais agus b’fhéidir nach mbeadh sé in ann a iasachtaí a aisíoc. Bheadh tionchar diúltach aige sin ar an mbanc freisin.

Is é sin é an fáth nach mór dúinn a chinntiú go bhfuil na bainc ar an eolas faoina gcuid rioscaí aeráide, amhail neamhchosaint mhór ar earnálacha atá dian ar charbón nó ar chliaint atá lonnaithe i limistéir ar dócha go ndéanfaidh an t-athrú aeráide difear dóibh. Iarraimid ar na bainc na rioscaí sin a chur san áireamh ina straitéis, ina rialachas agus ina mbainistiú riosca.

Conas a imríonn an t-athrú aeráide tionchar ar ár gclár comhardaithe?

Ní mór dúinn ár neamhchosaint féin ar rioscaí aeráide a mheas freisin. Is féidir leis an athrú aeráide difear a dhéanamh do na sócmhainní atá againn agus don chomhthaobhacht a ghlacaimid mar urrús nuair a thugaimid iasachtaí do bhainc. Dá bhrí sin, ní mór dúinn na rioscaí sin a bhainistiú i gceart agus oibriú chun iad a laghdú.

Céard atá á dhéanamh ag BCE ina leith seo?

Ní sinne na príomhghníomhairí san athrú go geilleagar níos glaise. Tá na rialtais agus na parlaimintí chun tosaigh san obair sin, ach tá rún daingean againne ár gcion féin a dhéanamh sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, laistigh dár sainordú.

Cuirimid san áireamh impleachtaí an athraithe aeráide chomh maith le díghrádú an dúlra dár mbeartas airgeadaíochta agus tá na rioscaí aeráide agus dúlra sin ina bpríomhthosaíocht inár ról mar mhaoirseoir baincéireachta. Tá feabhas á chur againn ar ár samhlacha, ar cháilíocht na sonraí a úsáidimid agus ar an gcaoi a mbainistímid ár rioscaí féin.

Is mian linn athruithe níos leithne ar an iompraíocht a chothú. Is féidir lenár rialacha na bainc a spreagadh le bheith níos feasaí ar rioscaí aeráide a bhaineann leis na sócmhainní atá ina seilbh acu agus na rioscaí sin a nochtadh go comhsheasmhach agus go hoscailte. Má bhíonn bainc agus gnólachtaí níos feasaí i dtaobh rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus níos trédhearcaí i dtaobh éifeachtaí na rioscaí sin, is féidir le gach duine iad sin a chur san áireamh i gceart nuair a bhíonn sócmhainní á bpraghsáil acu. Táimid ag roinnt ár gcuid saineolais agus na gceachtanna a d’fhoghlaimíomar chun daoine eile a spreagadh lena gcion féin a dhéanamh sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

AN T-ATHRÚ AERÁIDE AGUS AN BANC CEANNAIS EORPACH

Foghlaim tuilleadh