Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar an ráiteas beartais airgeadaíochta - Meitheamh 2023

Cad a chinneamar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Chuireamar ardú 0.25 pointe céatadáin ar rátaí úis

Beidh cinntí amach anseo ag brath ar mar a fheicfimid boilsciú ag forbairt agus ar chomh maith agus a smachtóidh na harduithe a rinneamar roimhe seo na rátaí úis.

Cad atá ar siúl sa gheilleagar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Tá boilsciú ag laghdú ach tá sé fós ró-ard

Níl praghsanna ag ardú a thuilleadh i gcás go leor earraí agus seirbhísí, cé go bhfuil bia fós ag fáil i bhfad níos costasaí gach mí. Tá méadú ag teacht ar an mboilsciú mar gheall ar phá níos airde.

Tá an geilleagar lag anois, ach ba chóir go dtéarnódh sé níos déanaí sa bhliain

Cabhróidh boilsciú níos ísle agus níos lú fadhbanna soláthair leis sin. Tá seirbhísí ag cruthú go maith, ach tá déantúsaíocht lag, go páirteach toisc go bhfuil iasachtaí níos costasaí.

Cruthaíodh beagnach milliún post nua sna chéad trí mhí den bhliain

Tá an margadh láidir post ag coinneáil na dífhostaíochta ar an leibhéal is ísle ó thús an euro. Tá pá ag dul suas do go leor oibrithe.

Tá sé níos costasaí iasacht a fháil anois ná mar a bhí sé le níos mó ná deich mbliana

Ós rud é go bhfuil rátaí úis ag ardú, tá níos lú gnólachtaí agus teaghlach ag glacadh iasachtaí. Táimid ag coinneáil súil ghéar ar an tionchar atá ag rátaí úis níos airde ar an ngeilleagar.

Conas a fheicimid an geilleagar ag forbairt?

Táimid ag súil go dtéarnóidh an geilleagar go mall sna blianta amach romhainn.

Réamh-mheastacháin d’fhás eacnamaíoch an limistéir euro in 2023 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó Mheitheamh 2023)

Tá boilsciú fós an-ard ach, le himeacht ama, táimid ag súil go dtiocfaidh sé i bhfad níos gaire dár sprioc 2%.

Réamh-mheastacháin do bhoilsciú an limistéir euro in 2023 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó Mheitheamh 2023)

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
NÍ SAINEOLAÍ THÚ? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Cad is beartas airgeadaíochta ann?