Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

An Bhulgáir le ballraíocht a ghlacadh sa limistéar euro an 1 Eanáir 2026

8 Iúil 2025

  • Ráta comhshó an lev socraithe ag 1.95583 = EUR 1
  • Chuaigh an Bhulgáir isteach in ERM II in 2020
  • Tá Bainc na Buláire faoi mhaoirseacht BCE ó 2020 i leith

Cheadaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh go foirmiúil aontachas na Bulgáire leis an limistéar euro an 1 Eanáir 2026 agus chinn sí gurb é 1.95583 ráta comhshó lev na Bulgáire in aghaidh an euro. Is é sin ráta lárnach reatha an lev sa Sásra Ráta Malairte (ERM II), ar tháinig an t-airgeadra isteach ann an 10 Iúil 2020. Chomhaontaigh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i gcás lev na Bulgáire in aghaidh an euro ar an margadh malairte eachtraí go dtí an 1 Eanáir 2026.

Le teacht i bhfeidhm an chreata dlúthchomhair idir BCE agus Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire), tá BCE freagrach as maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar cheithre institiúid shuntasacha agus as formhaoirseacht a dhéanamh ar 13 institiúid ar lú a suntas sa Bhulgáir ón 1 Deireadh Fómhair 2020.

Is féidir leis na meáin a gcuid ceisteanna a sheoladh chuig Benoit Deeg, teil: +49 172 1683 704.

Nótaí

  • Is i gcomhthéacs ERM II a rinneadh an comhaontú faireachán a dhéanamh ar an lev. Tá rannpháirtíocht in ERM II agus urramú na ngnáthlamhálacha luaineachta le dhá bhliain anuas ar a laghad ar cheann de na critéir um chóineasú atá le comhlíonadh roimh aontachas leis an limistéar euro.
  • Socraítear ráta comhshó an lev trí bhíthin leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2866/98, a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2026.
TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa