Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí beartais airgeadaíochta

14 Meán Fómhair 2023

Tá boilsciú fós ag teacht anuas ach mar sin féin, meastar go bhfanfaidh sé ró-ard ar feadh tréimhse rófhada. Tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí 2%, is é sin, an sprioc mheántéarmach, gan mhoill. Ar mhaithe leis an dul chun cinn i dtreo a sprice a threisiú, chinn an Chomhairle Rialaithe inniu ardú 25 bhonnphointe a chur ar na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach.

Léiríonn an méadú ráta inniu measúnú na Comhairle Rialaithe ar ionchas an bhoilscithe i bhfianaise na sonraí eacnamaíoch agus airgeadais atá ag teacht isteach, ar dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh, agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. Léiríonn réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha fhoireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh mí Mheán Fómhair don limistéar euro go mbeidh an meánbhoilsciú ag 5.6% in 2023, 3.2% in 2024 agus 2.1% in 2025. Is athbhreithniú aníos é seo do 2023 agus 2024 agus athbhreithniú anuas do 2025. Léiríonn an t-athbhreithniú aníos do 2023 agus 2024 go príomha cosán níos airde do phraghsanna fuinnimh. Tá brúnna praghais bunúsacha fós ard, cé go bhfuil an chuid is mó de na táscairí ag tosú ag maolú. Tá athbhreithniú beag anuas déanta ag foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar an gcosán réamh-mheasta do bhoilsciú gan fuinneamh agus bia a áireamh, go dtí 5.1% ar an meán in 2023, 2.9% ar an meán in 2024 agus 2.2% ar an meán in 2025. Tá arduithe rátaí úis na Comhairle Rialaithe san am atá caite á dtarchur go láidir i gcónaí. Tá coinníollacha maoinithe déanta níos doichte arís agus tá siad ag cur maolú de réir a chéile ar an éileamh, rud atá ina fhachtóir tábhachtach chun boilsciú a thabhairt ar ais chuig an sprioc. Mar gheall ar an tionchar níos mó atá ag ngéarú seo ar éileamh intíre agus mar gheall go bhfuil an timpeallacht trádála idirnáisiúnta ag dul i laige, tá a gcuid réamh-mheastacháin fáis eacnamaíocha laghdaithe go suntasach ag foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá siad ag súil anois go dtiocfaidh fás 0.7% ar gheilleagar an limistéir euro in 2023, 1.0% in 2024 agus 1.5% in 2025.

Bunaithe ar a measúnú reatha, measann an Chomhairle Rialaithe go bhfuil leibhéil, má chothaítear ar feadh tréimhse fada go leor iad, sroichte ag eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a chuideoidh go mór le boilsciú a thabhairt ar ais go tráthúil go dtí an sprioc. Áiritheoidh cinntí na Comhairle Rialaithe amach anseo go socrófar eochair-rátaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag leibhéil atá srianta go leor chomh fada agus is gá. Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, beidh cinntí na Comhairle Rialaithe faoi rátaí úis bunaithe ar a mheasúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Chinn an Chomhairle Rialaithe trí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ardú 25 bhonnphointe. Dá réir sin, ardófar an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus na rátaí úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus ar an tsaoráid taisce go 4.50%, 4.75% agus 4.00% faoi seach, agus tiocfaidh sin i bhfeidhm ón 20 Meán Fómhair 2023.

Clár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP)

Tá punann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.

Maidir leis na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis CCÉP atá ag teacht in aibíocht, tá sé i gceist ag an gComhairle Rialaithe iad a athinfheistiú go dtí deireadh 2024 ar a laghad. I gcás ar bith, déanfar scor céimnitheach phunann CCÉP amach anseo a bhainistiú ionas nach gcuirfidh sé isteach ar an seasamh beartais airgeadaíochta iomchuí.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe uirthi ag cur solúbthachta i bhfeidhm maidir le hathinfheistiú fuascailtí dlite i bpunann CCÉP d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh mheicníocht tarchurtha an bheartais airgeadaíochta, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Ós rud é go bhfuil na méideanna a tógadh ar iasacht faoi na hoibríochtaí athmhaoinithe dírithe fadtéarmacha á n-íoc ar ais ag na bainc, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar an gcaoi a gcuireann oibríochtaí fadtéarmacha iasachtaithe agus a n-aisíocaíocht leanúnach lena seasamh maidir le beartas airgeadaíochta.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí a sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma agus chun tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír de chuid an limistéir euro, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le cumas na Comhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ar 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa