Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí beartais airgeadaíochta

An 21 Iúil 2022

I gcomhréir leis an tiomantas daingean na Comhairle Rialaithe don shainordú um chobhsaíocht praghsanna, ghlac an Chomhairle Rialaithe céimeanna breise inniu chun a áirithiú go dtiocfaidh boilsciú ar ais chuig an sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma. Chinn an Chomhairle Rialaithe ardú 50 bonnphointe a chur ar thrí phríomhráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus d’fhormheas sí an Ionstraim Cosanta Tarchurtha (TPI).

Bhreithnigh an Chomhairle Rialaithe gurb iomchuí go mbeadh a céad chéim ar an gconair i dtreo normalú na rátaí beartais níos mó ná mar a cuireadh in iúl ag a cruinniú deiridh roimhe seo. Bunaíodh an cinneadh sin ar mheasúnú nuashonraithe na Comhairle Rialaithe ar rioscaí boilscithe agus ar an tacaíocht bhreise atá ann in TPI chun an beartais airgeadaíochta a tharchur go héifeachtach. Tabharfar tacaíocht leis d’fhilleadh an bhoilscithe go sprioc mheántéarmach na Comhairle Rialaithe, trí mheán ionchais bhoilscithe a shocrú agus trína áirithe go ndéanfar dálaí éilimh a choigeartú, chun a sprioc bhoilscithe a bhaint amach sa mheántéarma.

Ag na cruinnithe de chuid na Comhairle Rialaithe atá le teacht, beidh tuilleadh normalaithe ar rátaí úis iomchuí. Leis an imeacht ó na rátaí úis diúltacha a thabhairt chun tosaigh inniu, cuirtear ar chumas na Comhairle Rialaithe aistriú i dtreo cur chuige cruinniú‑ar‑chruinniú maidir le cinntí rátaí úis. Beidh conair ráta beartais airgeadaíochta na Comhairle Rialaithe sa todhchaí ag brath fós ar shonraí agus beidh sí ina cuidiú chun sprioc an 2% a bhaint amach sa mheántéarma. I gcomhthéacs an normalaithe ar a cuid beartais, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe a roghanna a mheas chun barrachas sealúchas leachtachta a chúiteamh.

Mheas an Chomhairle Rialaithe gur gá TPI a bhunú chun tacú le tarchur éifeachtach an bheartais airgeadaíochta. Go háirithe, agus an Chomhairle Rialaithe ag leanúint den bheartas airgeadaíochta a normalú, áiritheofar le TPI go dtarchuirfear a seasamh beartais airgeadaíochta go réidh ar fud na dtíortha uile sa limistéar euro. Is réamhchoinníoll don Bhanc Ceannais Eorpach é go mbeadh aon bheartas airgeadaíochta amháin ag an gComhairle Rialaithe, ionas go mbeidh sé in ann a shainordú cobhsaíochta praghsanna a bhaint amach.

Ceann d’uirlisí na Comhairle Rialaithe a bheidh in TPI, a fhéadfar a chur i ngníomh chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairtí iad do tharchur réidh an bheartais airgeadaíochta ar fud an limistéir euro. Braitheann méid íocaíochtaí TPI ar a ghéire is atá na rioscaí do tharchur an bheartais. Níl aon srian ex ante le ceannacháin. Agus an mheicníocht tarchurtha á chosaint le TPI, féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a shainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtaí.

I gcás ar bith, is í an tsolúbthacht maidir le hathinfheistiú fuascailtí a bheidh dlite i bpunann an chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) an chéad líne chosanta atá ann fós chun cur i gcoinne na rioscaí don mheicníocht tarchurtha a bhaineann leis an bpaindéim.

Cuirfear sonraí TPI ar fáil i bpreasráiteas ar leith a fhoilseofar ag 15:45 CET.

Príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Chinn an Chomhairle Rialaithe ardú 50 bonnphointe a chur ar na trí phríomhráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Dá réir sin, ardófar an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus na rátaí úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus ar an tsaoráid taisce go 0.50%, 0.75% agus 0.00% faoi seach le teacht i bhfeidhm an 27 Iúil 2022.

Ag na cruinnithe de chuid na Comhairle Rialaithe atá le teacht, beidh tuilleadh normalaithe ar rátaí úis iomchuí. Leis an imeacht ó na rátaí úis diúltacha a thabhairt chun tosaigh inniu, cuirtear ar chumas na Comhairle Rialaithe aistriú i dtreo cur chuige cruinniú‑ar‑chruinniú maidir le cinntí rátaí úis. Beidh conair rátaí úis na Comhairle Rialaithe amach anseo ag brath fós ar shonraí agus beidh sí ina cabhair di chun a sprioc bhoilscithe, is í sin 2%, a bhaint amach sa mheántéarma.

Clár ceannaithe sócmhainní (APP) agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)

Na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis arna gceannach faoi APP atá ag teacht in aibíocht, tá sé beartaithe ag an gComhairle Rialaithe leanúint dá n‑infheistiú ina n‑iomláine ar feadh tréimhse ama fhadaithe tar éis an dáta a thosóidh sí ag ardú phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus, i gcás ar bith, chomh fada agus is gá chun dálaí leachtachta leordhóthanacha agus freastal airgeadaíochta iomchuí a choimeád ar bun.

Na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis PEPP atá ag teacht in aibíocht, tá sé i gceist ag an gComhairle Rialaithe na híocaíochtaí sin a athinfheistiú go dtí deireadh 2024 ar a luaithe. I gcás ar bith, déanfar scor céimnitheach phunann PEPP amach anseo a bhainistiú ionas nach gcuirfidh sé isteach ar an seasamh beartais airgeadaíochta iomchuí.

Tá fuascailtí atá dlite i bpunann PEPP á n‑infheistiú ar bhonn solúbtha d’fhonn cur i gcoinne na rioscaí don mheicníocht tarchurtha a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe d’fhaireachán a dhéanamh ar dhálaí cistiúcháin banc agus áiritheoidh sí nach gcuirfidh teacht in aibíocht oibríochtaí faoin tríú sraith oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fhadtéarmacha (TLTRO III) isteach ar tharchur mín a beartais airgeadaíochta. Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú ar bhonn rialta ar an gcaoi a bhfuil oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe ag cur lena seasamh beartais airgeadaíochta.

***

Seasann an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a áirithiú go gcobhsófar boilsciú ag an sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma. Le TPI nua na Comhairle Rialaithe, cosnófar tarchur réidh an tseasaimh beartais airgeadaíochta ar fud an limistéir euro.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ag 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar cinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa