Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ceisteanna coitianta maidir le rialacha macasamhlaithe le haghaidh nótaí bainc euro

C1. An dteastaíonn cead uaim chun nótaí bainc euro a mhacasamhlú?

Ní bhíonn cead speisialta ag teastáil uait de ghnáth fad is a chomhlíonann tú na rialacha macasamhlaithe atá leagtha síos i gCinneadh BCE/2013/10.

Ní eisíonn muid údaruithe clóbhuailte chun íomhánna nótaí bainc a úsáid. Is ortsa atá an fhreagracht na riachtanais a chomhlíonadh.

C2. Conas is féidir liom íomhánna de nótaí bainc euro a iarraidh, agus an gá dom íoc astu?

Tá ár n-íomhánna saor in aisce. Is féidir leat íomhánna ísealtaifigh a íoslódáil go díreach.

Chun íomhánna ardtaifigh a iarraidh, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig Euro-Banknotes-Images@ecb.europa.eu agus na treoracha ar leathanach gréasáin íomhánna agus rialacha atáirgthe BCE a leanúint. Is féidir na híomhánna ísealtaifigh agus na treoracha a fháil faoin gceannteideal “Íoslódáil íomhánna nótaí bainc”.

C3. An bhfuil feidhm ag na rialacha go léir maidir le gach cineál macasamhlaithe?

Bíonn feidhm ar leithligh ag na rialacha maidir le macasamhlú fisiciúil de réir an chineáil macasamhlaithe atá i gceist (ag brath ar cibé acu an macasamhlú ar thaobh amháin, dhá thaobh nó cuid den nóta bainc é, agus ag brath ar an ábhar a úsáidtear don mhacasamhlú). Maidir le macasamhlú digiteach an nóta bainc iomláin, ní mór na chéad trí chritéar, a bhfuil achoimre orthu sa tábla maidir leis an míniú ar na critéir le haghaidh macasamhlú digiteach, a chomhlíonadh. Téigh chuig leathanach gréasáin rialacha íomhánna agus macasamhlú BCE chun tuilleadh eolais a fháil.

C4. An gcaithfidh mé an focal “sampla” a áireamh i mo mhacasamhlú?

Ní gá an focal “sampla” a áireamh ach i macasamhlú digiteach agus sin amháin.

C5. Cén chaoi a gcaithfidh mé an focal “sampla” a áireamh i mo mhacasamhlú?

Ní mór an focal “sampla” a áireamh go trasnánach trasna na híomhá ar fad. Ní mór na litreacha a bheith i gcló Arial agus i gcló trom (neamhthrédhearcach). Ní mór do thomhas an fhocail “sampla” a bheith 75% ar a laghad d’fhad an mhacasamhlaithe, agus ní mór a airde a bheith 15% ar a laghad de leithead an mhacasamhlaithe.

C6. An gcuireann BCE aon íomhánna de nótaí bainc euro ar fáil gan an focal “sampla” a áireamh iontu?

Beidh an focal “sampla” marcáilte ar na híomhánna uile a chuirfidh BCE ar fáil.

C7. Cad is brí leis na huasteorainneacha agus íosteorainneacha céatadáin maidir le macasamhlú fisiciúil ó thaobh méide de?

Tábla 1: Tomhais le haghaidh macasamhlacha aontaobhacha de nótaí bainc shraith Europa

Toise bunaidh

125% den toise bunaidh

75% den toise bunaidh

€5

120 x 62 mm

150.00 x 77.50 mm

90.00 x 46.50 mm

€10

127 x 67 mm

158.75 x 83.75 mm

95.25 x 50.25 mm

€20

133 x 72 mm

166.25 x 90.00 mm

99.75 x 54.00 mm

€50

140 x 77 mm

175.00 x 96.25 mm

105.00 x 57.75 mm

€100

147 x 77 mm

183.75 x 96.25 mm

110.25 x 57.75 mm

€200

153 x 77 mm

191.25 x 96.25 mm

114.75 x 57.75 mm

Tábla 2: Tomhais le haghaidh macasamhlacha déthaobhacha de nótaí bainc shraith Europa

Toise bunaidh

200% den toise bunaidh

50% den toise bunaidh

€5

120 x 62 mm

240 x 124 mm

60.0 x 31.0 mm

€10

127 x 67 mm

254 x 134 mm

63.5 x 33.5 mm

€20

133 x 72 mm

266 x 144 mm

66.5 x 36.0 mm

€50

140 x 77 mm

280 x 154 mm

70.0 x 38.5 mm

€100

147 x 77 mm

294 x 154 mm

73.5 x 38.5 mm

€200

153 x 77 mm

306 x 154 mm

76.5 x 38.5 mm

C8. An féidir liom íomhánna ardtaifigh 300 dpi a úsáid go digiteach?

Ní féidir, níor cheart do mhacasamhlú digiteach 72 dpi a shárú ag 100% den toise bunaidh.

C9. Cad atá i gceist agat le “hábhar atá éagsúil go soiléir leis an ábhar a úsáidtear d’fhíornótaí euro”?

Ciallaíonn sé sin aon rud nach mbreathnaíonn nó nach mbraitheann ar nós nóta bainc euro. Is féidir leat priontáil ar theicstílí, ar chriadóireacht, ar phlaisteach nó ar ábhair chomhchosúla chomh fada agus nach n-úsáideann tú ábhar a bhféadfaí a cheapadh gur fíornóta bainc atá ann.

C10. Cad iad “eilimintí dearaidh aonair”?

D’fhéadfadh dathanna, toisí, litreacha nó siombailí a bheith i gceist leo sin a d’fhéadfadh a bheith cosúil le fíornóta bainc euro nó a thugann tuiscint ghinearálta orthu (mar shampla íomhánna ailtireachta, léarscáil na hEorpa, ainm an airgeadra, inisealacha an Bhainc Cheannais Eorpaigh i naoi nó i ndeich dteanga éagsúla agus bratach na hEorpa).

C11. An gcaithfidh mé cloí leis na rialacha céanna is atá i gcás nótaí bainc euro más mian liom boinn euro a mhacasamhlú?

Tá na rialacha maidir le nótaí bainc euro agus macasamhlú bonn éagsúil. Chun sonraí a fháil faoi na rialacha a bhaineann le macasamhlú bonn euro, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.