Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ceisteanna coitianta maidir leis an staidéar ar Lorg Comhshaoil Táirge nótaí bainc euro

C1 Bunaithe ar thorthaí an staidéir ar Lorg Comhshaoil Táirge, cén tionchar a bhíonn ag nótaí bainc ar an gcomhshaol?

Is é tátal an staidéir maidir le Lorg Comhshaoil Táirge gur beag an tionchar ar an gcomhshaol a bhíonn ag duine agus é ag íoc le nótaí bainc euro sa limistéar euro thar thréimhse bliana. Is ionann é agus an tionchar a bhaineann le carr a thiomáint ar feadh 8 km, nó 0.01% de thionchar iomlán Eorpaigh ar an gcomhshaol.

C2 An é seo an chéad uair agaibh staidéar a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag nótaí bainc ar an gcomhshaol?

Ní hé. Rinneamar Measúnú Saolré (LCA) in 2004 chun an tionchar a bhí ag an gcéad sraith nótaí bainc euro ar an gcomhshaol a thomhas. Is creat atá aitheanta go hidirnáisiúnta é an LCA chun meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirge, amhail nóta bainc, ar an gcomhshaol. Féachann sé ar gach céim de shaolré táirge, ó thús (eastóscadh amhábhar) go deireadh (diúscairt deiridh). Baineadh úsáid as torthaí an mheasúnaithe chun bearta a chur chun feidhme chun an tionchar a bhíonn ag nótaí bainc euro ar an gcomhshaol a laghdú, amhail cadás inbhuanaithe a chur in ionad cadáis thraidisiúnta i bpáipéar nótaí bainc.

C3 Cad é an mhodheolaíocht maidir le Lorg Comhshaoil Táirge?

Baineann an mhodheolaíocht maidir le Lorg Comhshaoil Táirge (PEF) leis an modh Measúnaithe Saolré a luaitear sa fhreagra ar an gceist roimhe seo. D’fhorbair an Coimisiún Eorpach é chun meastóireacht a dhéanamh ar lorg comhshaoil táirgí agus seirbhísí cosúla. Cumhdaíonn modheolaíocht PEF 16 thionchar comhshaoil, lena n-áirítear athrú aeráide arb iad astaíochtaí gás ceaptha teasa, úsáid talún agus úsáid uisce is cúis leis. Is é seo an chéad uair a úsáideadh modheolaíocht PEF chun staidéar a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag nótaí bainc ar an gcomhshaol mar ionstraim íocaíochta.

C4 Cén fáth ar roghnaigh sibh an mhodheolaíocht maidir le Lorg Comhshaoil Táirge?

Fágann torthaí an staidéir maidir le Lorg Comhshaoil Táirge (PEF) go bhfuil sé níos éasca comparáid a dhéanamh idir lorg comhshaoil cineálacha éagsúla táirgí agus seirbhísí. Cuireann modheolaíocht PEF treoir shoiléir, ceanglais shoiléire agus sonraí teicniúla soiléire ar fáil freisin maidir le conas measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag nótaí bainc ar an gcomhshaol mar ionstraim íocaíochta. Déantar measúnú cothrom neamhchlaonta ar líonra casta na bpáirtithe leasmhara i dtimthriall an airgid thirim in euro, beag beann ar a méid, ar a n-earnáil thionsclaíoch ná ar a suíomh geografach.

C5 An bhfuil torthaí an Mheasúnaithe Saolré agus an Lorg Comhshaoil Táirge inchomparáide?

Ós rud é nár bhain Measúnú Saolré 2004 ná an staidéar reatha maidir leis an Lorg Comhshaoil Táirge úsáid as an aonad feidhmiúil céanna nó as an modheolaíocht fheidhmiúil chéanna, ní féidir comparáidí díreacha a dhéanamh eatarthu.

C6 Cad iad na gníomhartha a dhéanfar mar thoradh ar an staidéar ar Lorg Comhshaoil Táirge?

Is é cuspóir an Eurochórais lorg comhshaoil an airgid thirim a laghdú. Beidh an staidéar maidir le Lorg Comhshaoil Táirge mar bhonnlíne chun spriocanna comhshaoil a leagan síos agus chun céimeanna nithiúla a ghlacadh i dtreo feabhais, chomh maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar thionscnaimh atá ann cheana agus iad a chomhlánú. Úsáidfear an staidéar freisin chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanfaidh aon athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar ghnéithe nótaí bainc difear do lorg comhshaoil thimthriall an airgid thirim.

C7 An bhfuil nótaí bainc euro níos díobhálaí nó níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol ná mar atá modhanna íocaíochta eile?

Is é seo an chéad uair a d’úsáid an tEurochóras an mhodheolaíocht maidir le Lorg Comhshaoil Táirge chun staidéar a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag nótaí bainc euro ar an gcomhshaol. Ag an bpointe seo, níl a fhios againn céard é an chomparáid idir a bheith ag íoc le nótaí bainc agus modhanna íocaíochta eile ach táimid ag fiosrú an féidir staidéar den chineál céanna a dhéanamh ar bhealaí eile íocaíochta.

C8 An ndéanfar staidéar arís ar Lorg Comhshaoil Táirge nótaí bainc amach anseo?

Tá sé i gceist go ndéanfaidh an tEurochóras staidéir den chineál céanna arís ar bhonn tréimhsiúil.