Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Boinn chomórtha €2 - 2023

Tá na tuairiscí ar an leathanach seo bunaithe ar an bhfaisnéis in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, dá bhrí sin d’fhéadfadh éagsúlacht a bheith idir iad agus ábhar eile atá foilsithe ar an suíomh gréasáin seo.

Andóra

Ábhar an chomórtha: Féilte tine ghrianstad an tsamhraidh sna Piréiní

Tuairisc ar an dearadh: Inscríobhadh féilte tine ghrianstad an tsamhraidh ar Liosta Ionadaíoch UNESCO d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe na Daonnachta in 2015. Is féilte traidisiúnta agus móréilimh iad a ndéantar ceiliúradh forleathan orthu in Andóra gach bliain. Sa dearadh déantar cruth duine a athchruthú, ar a dtugtar ‘‘fallaire’’, agus cába traidisiúnta á chaitheamh aige agus ciorcal tine á rianú aige leis an ‘‘falla’’. Is é sin príomhghné na féile agus is éard atá ann coirteacha crann a chastar timpeall go fuinniúil nuair a bhíonn siad lasta chun ciorcail mhóra thine a chruthú. Is éard atá i gcomhdhéanamh grafach na línte i gcúlra an dearaidh grianstad an tsamhraidh in éineacht le hainm na tíre is eisitheoir ‘‘ANDORRA’’ agus an bhliain ‘‘2023’’. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 70 000

Dáta eisiúna: An ráithe dheireanach de 2023

Andóra

Ábhar an chomórtha: 30 bliain ó tháinig Prionsacht Andóra isteach sna Náisiúin Aontaithe

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear na Náisiúin Aontaithe le dhá ghné shiombalacha: dhá fhleasc labhrais agus cruinneog, atá mar chuid den uimhir 30 atá le feiceáil, agus an inscríbhinn ANYS (blianta) agus dáta na bliana 2023 thíos faoi. Sa chuid uachtarach den dearadh tá armas Andóra agus an inscríbhinn ‘‘ANDORRA MEMBRE DE LES NACIONS UNIDES’’ (Andóra comhalta de na Náisiúin Aontaithe). Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 70 000

Dáta eisiúna: An ráithe dheireanach de 2023

An tSlóivéin

Ábhar an chomórtha: Comóradh 150 bliain ó rugadh Josip Plemelj (matamaiticeoir agus réalteolaí)

Tuairisc ar an dearadh: Taispeántar sa dearadh codanna den chothromóid a réitigh Josip Plemelj agus é ar an gcéad duine ar domhan a rinne a leithéid. Tá uimhreacha agus siombailí ag casadh ar imlínte a léiríonn rothlú na bpláinéad, gluaiseacht sa spás, agus tabhairt le chéile eilimintí aonair doréitithe. Ar an gcaoi sin, taispeánann an dearadh an dá réimse d’obair Josip Plemelj, i.e. an mhatamaitic agus an réalteolaíocht. Tá an inscríbhinn ‘‘JOSIP PLEMELJ 1873’’, ainm na tíre is eisitheoir ‘‘SLOVENIJA’’ agus an bhliain eisiúna ‘‘2023’’ le feiceáil sa dearadh freisin. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 1 000 000

Dáta eisiúna: Nollaig 2023

An Phortaingéil

Ábhar an chomórtha: Síocháin

Tuairisc ar an dearadh: Tá an bonn tiomnaithe do Shíocháin i measc na náisiún agus do chómhaireachtáil chairdiúil agus chomhthairbheach. Ní mór an cuardach ar shíocháin a bheith bunaithe ar chomhiarracht chun comhchuspóir a bhaint amach. Sa chomhthéacs geopholaitiúil atá thar a bheith deighilte faoi láthair, is é is aidhm don bhonn seo é a chur i gcuimhne do dhaoine an phráinn a bhaineann leis an tsócmhainn an-luachmhar, is é sin an tsíocháin, a chosaint. Taispeántar sa dearadh an focal «PAZ» (SÍOCHÁIN) go gathach sna 16 theanga oifigiúla a labhraítear i ngach ceann de na 20 tír sa Limistéar Euro ó mhí Eanáir 2023. Is éard atá san inscríbhinn ag an mbarr «PORTUGAL», agus an bhliain eisiúna «2023» ag an mbarr ar dheis; ag an mbarr ar chlé tá ainm an dearthóra ‘‘José S. Teixeira’’ agus tá ainm Mhionta na Portaingéile «CASA DA MOEDA» ar thaobh na láimhe clé den mharc mionta. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 1 015 000

Dáta eisiúna: Samhain 2023

An Chipir

Ábhar an chomórtha: Comóradh 60 bliain ar bhunú Bhanc Ceannais na Cipire

Tuairisc ar an dearadh: Ar an dearadh léirítear uirlisí ar mhicrishlis rud atá ina shiombail ar chobhsaíocht an gheilleagair sa ré thionsclaíoch dhigiteach nua-aimseartha atá urraithe ag Banc Ceannais na Cipire, a bhfuil 60 bliain ar an bhfód á cheiliúradh aige. Tá ainm na tíre is eisitheoir ‘‘ΚYΠΡΟΣ KIBRIS’’ agus na dátaí ‘‘1963-2023’’ ag an mbun. Ina theannta sin, tá an frása ‘‘60 ΧΡOΝΙΑ ΑΠO ΤΗΝ IΔΡΥΣΗ ΤΗΣ ΚΕΝΤΡΙKHΣ ΤΡAΠΕΖΑΣ ΤΗΣ ΚYΠΡΟΥ’’ (i.e. 60 bliain ó bunaíodh Banc Ceannais na Cipire) inscríofa ar an gcuid istigh de thaobh náisiúnta an bhoinn. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 412 000

Dáta eisiúna: An dara/an tríú ráithe de 2023

An Fhionlainn

Ábhar an chomórtha: Seirbhísí sóisialta agus sláinte

Tuairisc ar an dearadh: Is éard atá sa dearadh seo léarscáil stílithe den Fhionlainn. Ar thaobh na láimhe clé tá an litreoireacht ‘‘FOLLÁINE’’ san Fhionlainnis agus sa tSualainnis. Tá bliain na heisiúna ‘‘2023’’ beagán ar thaobh na láimhe clé i lár an bhoinn. Ag an mbun tá tásc na tíre is eisitheoir ‘‘FI’’. Ar thaobh na láimhe deise tá marc mionta Mhionta na Fionlainne. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 400 000

Dáta eisiúna: Fómhar 2023

An tSlóvaic

Ábhar an chomórtha: Comóradh 200 bliain ó cuireadh tús leis an tseirbhís cóiste mearphoist capaill idir Vín agus an Bhratasláiv

Tuairisc ar an dearadh: I léiriú siombalach an dearaidh ar an tseirbhís cóiste mearphoist idir Vín agus an Bhratasláiv, tá cóiste capaill atá ag gluaiseacht go tapa agus tá intlis dhronuilleogach ina bhfuil postchorn sa lár. Faoin íomhá tá an bhliain ‘‘1823’’ inscríofa, an bhliain inar cuireadh tús leis an tseirbhís luasphoist, agus faoin dáta sin tá ainmneacha na gcathracha sa tSlóvaicis, ‘‘VIEDEŇ’’ agus ‘‘BRATISLAVA’’, ainm amháin os cionn an ainm eile. Ag bun chiorcal inmheánach an bhoinn tá an bhliain eisiúna ‘‘2023’’, agus é scartha ón téacs os a chionn le líne chothrománach. Tá ainm na tíre is eisitheoir ‘‘SLOVENSKO’’ inscríofa feadh imeall uachtarach an dearaidh. Ar thaobh na láimhe deise den chóiste tá marc mionta Mhionta Kremnica (Mincovňa Kremnica), is é sin, na litreacha ‘‘MK’’, agus iad suite idir dhá dhísle. Tá na hinisealacha stílithe ‘‘MP’’ díreach faoin marc, rud a thagraíonn do dhearthóir an taoibh náisiúnta Mária Poldaufová. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 1 000 000

Dáta eisiúna: Deireadh Fómhair 2023

An Bheilg

Ábhar an chomórtha: Comóradh 75 bliana ó tugadh ceart vótála do mhná sa Bheilg

Tuairisc ar an dearadh: Sa dearadh, taispeántar sa lár bosca ar pháipéar ballóide, atá á dhathú le peann luaidhe. Tá siombail Véineas (siombail inscne na mban/na banúlachta) ag forluí ar an mbosca daite. Tá 75 JAAR ANS inscríofa ag an mbun ar chlé in aice leis an íomhá lárnach. Tá inscríbhinní san Ollainnis agus sa Fhraincis thart ar an íomhá lárnach freisin: ‘‘ALGEMEEN VROUWENKIESRECHT’’ – ‘‘SUFFRAGE UNIVERSEL FÉMININ’’. Ag bun an phíosa tá inisealacha an dearthóra Iris Bruijns. Ós rud é gurb é Mionta Ríoga na hÍsiltíre a bhuailfidh na boinn, tá bachall Mhearcair, marc mionta Utrecht, suite ar thaobh na láimhe deise den phíosa, in éineacht le máistirmharc mhionta na Beilge, bláth astair os comhair fleasc Erlenmeyer amach, an cód tíre ‘‘BE’’ agus marc na bliana ‘‘2023’’. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 130 000

Dáta eisiúna: Deireadh Fómhair 2023

An Chróit

Ábhar an chomórtha: Tabhairt isteach an euro mar airgeadra oifigiúil na Cróite an 01 Eanáir 2023

Tuairisc ar an dearadh: Sa dearadh tá inscríbhinní na tíre is eisitheoir ‘‘HRVATSKA’’ (an Chróit) agus bliain na heisiúna ‘‘2023’’, a léirítear go cothrománach, chomh maith leis na focail ‘‘ČLANICA EUROPODRUČJA’’ (ball den limistéar euro), atá inscríofa ar feadh imeall sheachtrach chroí an bhoinn. Leis na hinscríbhinní sin, cruthaítear siombail stílithe den euro ‘‘€’’ go siombalach. Is é príomh-mhóitíf eile an bhoinn siombail shainiúil agus inaitheanta na Cróite, clár táiplise na Cróite, a léiríonn cuid d’armas Phoblacht na Cróite. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 250 000

Dáta eisiúna: Meán Fómhair 2023

San Mairíne

Ábhar an chomórtha: Comóradh 500 bliain ar bhás Luca Signorelli

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear aingeal i lár an deartha, sonra ón bpictiúr ‘‘Il Paradiso’’ le Luca Signorelli, a choinnítear i séipéal San Brizio in Ardeaglais Orvieto. Ar thaobh na láimhe clé tá an litir ‘‘R’’ lena sainaithnítear mionta na Róimhe. Sa leathchiorcal ag an mbun ar chlé tá an focal ‘‘SIGNORELLI’’. Ar thaobh na láimhe deise tá ainm na tíre is eisitheoir ‘‘SAN MARINO’’ agus ag an mbarr na blianta ‘‘1523 2023’’. Sa lár íochtarach tá inisealacha an údair Marta Bonifacio, MB. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 56 000

Dáta eisiúna: Meán Fómhair 2023

An Phortaingéil

Ábhar an chomórtha: Lá Domhanda na hÓige

Tuairisc ar an dearadh: Bhí Lá Domhanda na hÓige ar siúl i Liospóin i mí Lúnasa 2023. Ag Lá Domhanda na hÓige bailíonn daoine óga ó thíortha ar fud an domhain le chéile, ar mian leo páirt a ghlacadh i gcruinniú féiltiúil leis an bPápa agus leis na mílte daoine óga eile a bhfuil na prionsabail uilíocha chéanna acu maidir le síocháin, aontacht agus bráithreachas ar fud an domhain. Sa dearadh, taispeántar Cros an Oilithrigh agus sraith figiúirí daonna de mhéideanna agus d’uigeachtaí éagsúla agus iad i gcruinneog. Ag an mbun, tá dhá lámh timpeall ar an gcruinneog, rud atá ina gcomhartha fáilteach ar an gcuimsiú agus ar an uilíocht a thugann an ócáid seo le tuiscint. Ag an imeall ar barr, tá dhá inscríbhinn ‘‘JORNADA MUNDIAL DA JUVENTUDE’’ (an Phortaingéilis ar LÁ DOMHANA NA hÓIGE) agus ‘‘LISBOA 2023’’. Ag an mbun tá armas na Portaingéile, an inscríbhinn ‘‘PORTUGAL’’, an marc mionta ‘‘CASA DA MOEDA’’ (ainm Mhionta na Portaingéile) agus ainm an dearthóra ‘‘JOÃO DUARTE’’. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 1 015 000

Dáta eisiúna: Iúil 2023

Éire

Ábhar an chomórtha: Comóradh 50 bliain ar bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear sa dearadh modhnú ar lógó an chláir ‘‘EU50’’ a d’úsáid Ranna Rialtais chun imeachtaí a chur chun cinn, ar imeachtaí iad lena ndéantar comóradh ar 50 bliain de bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach. Cuirtear isteach ainm na tíre is eisitheoir ‘‘ÉIRE’’ os cionn an lógó. Déantar tagairt don bhliain ‘‘1973’’ chun aitheantas a thabhairt don bhliain a tháinig Éire isteach san Aontas agus do ‘‘2023’’ freisin chun bliain eisiúna an bhoinn a chomóradh. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 500 000

Dáta eisiúna: Iúil 2023

An Ghréig

Ábhar an chomórtha: Comóradh 100 bliain ó rugadh Maria Callas

Tuairisc ar an dearadh: Tá portráid den soprano cáiliúil Gréagach Maria Callas sa dearadh. Tá na focail ‘‘100 BLIAIN Ó RUGADH MARIA CALLAS’’ greanta ar feadh an imill istigh, agus ar thaobh na láimhe deise tá an bhliain ar buaileadh an bonn ‘‘2023’’ agus pailméad (marc mionta Mhionta na Gréige); tá an inscríbhinn ‘‘AN PHOBLACHT HEILLÉANACH’’ le feiceáil faoi bhun na portráide. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 750 000

Dáta eisiúna: Iúil 2023

An Ghréig

Ábhar an chomórtha: 150 bliain ó rugadh Constantin Carathéodory

Tuairisc ar an dearadh: Tá portráid den mhatamaiticeoir Gréagach, Constantin Carathéodory, le feiceáil sa dearadh. Tá an fhoclaíocht ‘‘CONSTANTIN CARATHÉODORY 1873-1950’’ inscríofa ar feadh an chiumhais inmheánaigh ar chlé, agus ar dheis tá bliain a bhuailte ‘‘2023’’ agus pailméad (marc mionta mhionta na Gréige); faoi bhun na portráide tá an inscríbhinn ‘‘AN PHOBLACHT HEILLÉANACH’’. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 750 000

Dáta eisiúna: Iúil 2023

An Eastóin

Ábhar an chomórtha: Éan náisiúnta na hEastóine – an fháinleog

Tuairisc ar an dearadh: Is dearadh é seo ina léirítear scáthchruth na fáinleoige agus an téacs ‘‘HIRUNDO RUSTICA’’ (an fháinleog sa Laidin) ag an mbarr ar dheis, i leathchiorcal. Tá ainm na tíre eisiúna ‘‘EESTI’’ ag an mbun agus tá bliain na heisiúna ‘‘2023’’ faoina bhun. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 1 000 000

Dáta eisiúna: An dara ráithe de 2023

An Fhrainc

Ábhar an chomórtha: Corn an Domhain sa Rugbaí, an Fhrainc 2023

Tuairisc ar an dearadh: Ar ócáid Chorn an Domhain sa Rugbaí a eagraítear sa Fhrainc, déanann Monnaie de Paris ceiliúradh ar an rugbaí agus ar an gcomórtas seo ina dtabharfar le chéile foirne ó fhiche náisiún. Is éard atá sa dearadh imreoir rugbaí stílithe agus pas á thabhairt aige. Sa chúlra, is í an pháirc rugbaí an chruinneog ar a gcuirtear na cuaillí rugbaí. Tá an tacar mar chuid de réaltra rugbaí samhailteach ina bhfuil na pláinéid eile ubhchruthach. Cuirtear isteach suaitheantas an chomórtais in aice leis an imreoir, agus tá ainm an chomórtais timpeall ar an dearadh. Cuirtear isteach tásc na tíre is eisitheoir ‘‘RF’’, an marc mionta agus an máistirmharc mionta faoin íomhá ar thaobh na láimhe deise. Cuirtear isteach ainm an chomórtais, an tír is eisitheoir ‘‘AN FHRAINC’’ agus an bhliain ‘‘2023’’ ar thaobh na láimhe clé. Tá ainm an chomórtais a bhaineann leis an dearadh, chomh maith leis an lua ‘‘RF’’ le feiceáil i gcló oifigiúil an imeachta, ar a dtugtar Mobius. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 15 000 000

Dáta eisiúna: Meitheamh 2023

Málta

Ábhar an chomórtha: Teacht na bhFrancach go Málta in 1798

Tuairisc ar an dearadh: I mí an Mheithimh 1798, chuir Napoleon Bonaparte deireadh le riail Ord Eoin i Málta. Le linn na tréimhse gairide a chaith Napoleon i Málta bhunaigh sé Rialtas Poblachtach agus rinne sé athchóiriú iomlán ar dhlíthe agus institiúidí Mhálta. I measc nithe eile, cuireadh deireadh leis an sclábhaíocht agus le pribhléidí na n-uasal. Bunaíodh stát tuata agus dúnadh an chúirt ionchoisne. Ag an am sin, níor ghlac muintir Mhálta ina n-iomláine leis na hathchóirithe dlí cuimsitheacha sin, agus níorbh fhada go raibh éirí amach ann. Léirítear ar an dearadh pearsantú de Phoblacht na Fraince mar a léirítí ar chinn litreach na tréimhse sin. Ar an taobh clé tá an inscríbhinn ‘‘225th ANNIVERSARY’’ [Comóradh 225 Bliain] agus ina dhiaidh sin ón mbarr go dtí an taobh clé, i leathchiorcal, tá an inscríbhinn ‘‘ARRIVAL OF THE FRENCH IN MALTA’’ [TEACHT NA bhFRANCACH GO MÁLTA]. Ag an mbun tá bliain na heisiúna ‘‘2023’’. Tá na hinscríbhinní ‘‘Liberté’’ [Saoirse] agus ‘‘Egalité’’ [Comhionannas] ar an taobh clé agus an taobh deas den íomhá faoi seach. Os cionn na hinscríbhinne ‘‘Egalité’’ ar chlé tá na blianta ‘‘1798-2023’’. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 85 500

Dáta eisiúna: Meitheamh 2023

Málta

Ábhar an chomórtha: Comóradh 550 bliain ar bhreith Nicolaus Copernicus

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear sa dearadh portráid phróifíle de Copernicus, mar aon le léiriú stílithe héilealárnach ar an gcruinne mar a mhol Copernicus. Ag an mbarr ar an taobh clé tá an inscríbhinn ‘‘NICOLAUS COPERNICUS 1473 – 1543’’ agus ag an mbun ar chlé tá ainm na tíre is eisitheoir ‘‘MÁLTA’’ agus ansin bliain na heisiúna ‘‘2023’’. Ag an mbun freisin tá síniú an ealaíontóra Daniel Fusco ‘‘FUSCO’’. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 95 500

Dáta eisiúna: Meitheamh 2023

Monacó

Ábhar an chomórtha: Comóradh 100 bliain ó rugadh an Prionsa Rainier III

Tuairisc ar an dearadh: Taispeántar portráid an Phrionsa Rainier III sa dearadh. Ag an mbarr, i leathchiorcal, tá ainm na tíre is eisitheoir ‘‘MONACO’’ agus an bhliain eisiúna ‘‘2023’’ ina dhiaidh. Ag an mbun tá an inscríbhinn ‘‘RAINIER III’’ agus ina dhiaidh sin tá an dáta ‘‘ 31 MAI 1923 ’’. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 25 000

Dáta eisiúna: Meitheamh 2023

An Bheilg

Ábhar an chomórtha: An bhliain ‘‘art nouveau’’ a bheidh ar siúl sa Bheilg in 2023

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear leis an dearadh sonra maisiúil ó aghaidh an ‘‘Hotel Van Eetvelde’’, teach cathrach sa Bhruiséil a dhear ailtire ealaíne art nouveau na Beilge Victor Horta agus a bhfuil aitheantas tugtha dó mar Oidhreacht Domhanda UNESCO. Léirítear le línte neamhshiméadracha cuartha an tsonra mhaisiúil seo stíl shainiúil nádúr-spreagtha na gluaiseachta art nouveau. Líontar an leath íochtarach den bhonn leis an sonra sin rud a fhágann go bhfuil spás folamh ar an leath uachtarach a líontar leis an tuairisc ‘‘ART NOUVEAU’’. Is ar thaobh na láimhe deise ar fad atá inisealacha an dearthóra, Iris Bruijns. Ós rud é gurb é Mionta Ríoga na hÍsiltíre a bhuailfidh na boinn, tá bachall Mhearcair, marc mionta Utrecht, suite ar chlé ar fad in éineacht le marc mionta stiúrthóir mhionta na Beilge, bláth astair os comhair fleasc Erlenmeyer amach, an cód tíre BE agus marc na bliana 2023. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 155 000

Dáta eisiúna: Meitheamh 2023

An Spáinn

Ábhar an chomórtha: Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais

Tuairisc ar an dearadh: Leis an dearadh taispeántar dhá íomhá. Is é atá sa chéad cheann lógó Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais. Thart timpeall ar an lógó tá na fotheidil: “ESPANA 2023 – PRESIDENCIA ESPANOLA” agus “CONSEJO DE LA UNION EUROPEA” (an Spáinn 2023 – Uachtaránacht na Spáinne agus Comhairle an Aontais Eorpaigh). Is é a léirítear leis an dara íomhá, sa chuid íochtarach, an marc mionta Fabrica Nacional de Moneda y Timbre Real Casa de la Moneda agus coróin ar an “M”. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 1 500 000

Dáta eisiúna: 1 Meitheamh 2023

An Vatacáin

Ábhar an chomórtha: Comóradh 150 bliain ó cailleadh Alessandro Manzoni

Tuairisc ar an dearadh: Sa dearadh tá portráid Manzoni, peann agus tús a shárshaothair, “I Promessi Sposi”. Ag an mbarr, ó chlé go deas, i leathchiorcal, tá an inscríbhinn “CITTÀ DEL VATICANO”. Ag bun an leathanaigh tá an inscríbhinn “Alessandro Manzoni” agus thíos fúithi tá na dátaí “1873◦2023”. Ar thaobh na láimhe clé tá an marc mionta “R”. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 82 500

Dáta eisiúna: Bealtaine 2023

An Vatacáin

Ábhar an chomórtha: Comóradh 500 Bliain ó cailleadh Pietro Perugino

Tuairisc ar an dearadh: Sa dearadh tá portráid Perugino agus gné ar leith den Bhaisteadh, fresco sa Séipéal Sistine sa Vatacáin. Ag an mbarr ar dheis, i leathchiorcal, tá an inscríbhinn “CITTÀ DEL VATICANO”. Ag bun an leathanaigh tá an inscríbhinn “PERUGINO” agus thíos fúithi tá na dátaí “1523◦2023”. Ar thaobh na láimhe clé tá an marc mionta “R”. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 82 500

Dáta eisiúna: Bealtaine 2023

Latvia

Feature: Ukraine Sunflower

Description: The design represents a sunflower, which is one of the national symbols of Ukraine, as Ukraine is one of the biggest sunflower oil producers and exporters worldwide. Since the start of the war in Ukraine, the sunflower has become a global symbol for peace. For the first time sunflowers were used as a peace symbol in the summer of 1996. Then they were planted in a military base near Pervomaysk, approximately 155 miles south of the capital Kyiv. Now sunflowers are used as a symbol of peace and support to Ukraine worldwide. At the top, in semi-circle, is the inscription ‘SLAVA UKRAINAI!’ (Glory to Ukraine) and at the bottom, in semi-circle, is the name of the issuing country ‘LATVIJA’ followed by the year of issuance ‘2023’. The author of the design is the Latvian artist Krišs Salmanis. The coin’s outer ring bears the 12 stars of the European flag.

Issuing volume: 415 000 coins

Issuing date: May 2023

An Fhionlainn

Ábhar an chomórtha: An Chéad Ghníomh um Chaomhnú Dúlra ag an bhFionlainn

Tuairisc ar an dearadh: Ciaróg stílithe is ea téama an bhoinn. Ar bharr an leathchiorcail, tá an litreoireacht “CAOMHNÚ DÚLRA” san Fhionlainnis agus ag bun an leathchiorcail, tá na litreacha “CAOMHNÚ DÚLRA” sa tSualainnis agus an bhliain eisiúna “2023”. Ar thaobh na láimhe deise den chuid istigh den bhonn, tá an litreoireacht “FI”. Ar thaobh na láimhe clé den chuid istigh den bhonn, tá marc mionta Mhionta na Fionlainne. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 400 000

Dáta eisiúna: Earrach 2023

San Mairíne

Ábhar an chomórtha: Comóradh 500 bliain ar bhás Perugino

Tuairisc ar an dearadh: I lár an dearaidh léirítear an Mhaighdean Mhuire agus an Leanbh Íosa farae, sonra as an bpictiúr ‘‘An Mhaighdean Mhuire agus an Leanbh Íosa, San Sebastián agus Eoin Baiste farae’’ le Perugino, a choinnítear i ndánlanna Uffizi (Floráns). Ar an taobh clé tá an inscríbhinn ‘‘PERUGINO’’, na dátaí ‘‘1523’’ agus ‘‘2023’’ agus an marc mionta ‘‘R’’. Ar thaobh na láimhe deise tá ainm na tíre is eisitheoir ‘‘San MARINO’’ agus ag an mbun ar dheis tá inisealacha an údair Maria Angela Cassol, MAC. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 56 000

Dáta eisiúna: Aibreán 2023

An Liotuáin

Ábhar an chomórtha: I gcomhar leis an Úcráin

Tuairisc ar an dearadh: Is dearadh é seo a bhfuil lus gréine stílithe á léiriú ina lár, ar a bhfuil peitil mar a bheadh scáthchruthanna de dhaoine i ngreim láimhe ina chéile, barróg á breith acu ar a chéile agus iad ag cosaint a chéile, íomhá a shamhlófá le haontas, le tacaíocht agus le neart an chur le chéile. Is léiriú ealaíonta é dearadh an lusa gréine ar an nGrian ag éirí, léaró dóchais as tús úrnua, éin, saoirse, dóchas agus crógacht, ar dhaoine a bhfuil an ceann is fearr á fháil acu ar a gcúinsí, nach ngéillfidh d’aon bhrú orthu, ar thagairt dóibh siúd a thug a mbeatha, a bhfuil a n-anamacha ar shlí na fírinne. Thart timpeall ar an dearadh, tá na hinscríbhinní “LIETUVA” (AN LIOTUÁIN), “KARTU SU UKRAINA” (I gCOMHAR LEIS AN ÚCRÁIN), an bhliain eisiúna “2023” agus marc mionta Mhionta na Liotuáine. Eglė Žemaitė an té a dhear an bonn. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 500 000

Dáta eisiúna: An chéad ráithe de 2023

An Spáinn

Ábhar an chomórtha: UNESCO: Cáceres

Tuairisc ar an dearadh: Is ceantar uirbeach é seanbhaile Cáceres atá suite i gComhphobal Uathrialach Extremadura in iarthar Leithinis na hIbéire. Cláraíodh é ar liosta na Láithreán Oidhreachta Domhanda as bheith ina cheantar ar leith mar gheall ar a ghnéithe stairiúla, ina bhfuil rianta tagtha slán chugainn (ó na Meánaoiseanna go dtí an tréimhse chlasaiceach) de thionchair an-éagsúil, agus iad ag teacht salach ar a chéile, mar shampla, Gotach Thuaidh, Ioslamach, Renaissance na hIodáile agus ealaíona an Domhain Nua. Is é atá léirithe sa dearadh radharc lánléargais ar an gcoimpléasc séadchomhartha, an phríomhchearnóg go sonrach. Ag an mbarr, agus é i gceannlitreacha, tá an focal “ESPAÑA” agus bliain an bhuailte “2023”. Tá an marc mionta ar thaobh na láimhe deise uachtair. Ag an mbun, agus é i gceannlitreacha, tá an focal “CÁCERES”. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 1 500 000

Dáta eisiúna: An chéad ráithe de 2023

An Ghearmáin

Ábhar an chomórtha: Comóradh 1275 bliain ó rugadh Charlemagne (748–814), Rí na bhFranc agus an tImpire Naofa Rómhánach

Tuairisc ar an dearadh: Tugtar dhá ghné chomhaimseartha le chéile sa dearadh: Monagram pearsanta Charlemagne agus ochtagán Ardeaglais Aachen. Déantar an dá mhóitíf a chumasc go sciliúil chun saothar ealaíne suaithinseach a dhéanamh. Is í cáilíocht dhinimiciúil thríthoiseach an dearaidh an bua is mó atá aige. Ar an iomlán, is comhartha ómóis nuálach é do dhuine den scoth i stair na hEorpa. I bhfáinne istigh an bhoinn, ag an mbarr, tá an inscríbhinn “KARL DER GROßE” (“Charlemagne”) le feiceáil freisin, agus sa leath íochtarach, tá an bhliain eisiúna “2023”, na blianta “748–814”, cód na Gearmáine mar thír is eisitheoir, is é sin “D”, marc mionta an mhionta lena mbaineann (“A”, “D”, “F”, “G” nó “J”) agus inisealacha an ealaíontóra (“TW”). Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 20 000 000

Dáta eisiúna: Márta 2023

An tSlóvaic

Ábhar an chomórtha: Comóradh 100 bliain an chéad fuilaistrithe sa tSlóvaic

Tuairisc ar an dearadh: Is é atá léirithe sa dearadh cros chomhshleasach, ar cros í a bhfuil aitheantas uirthi ar fud an domhain mar shamhailchomhartha den chúnamh leighis, den dóchas agus den daonnacht. Tá na ceithre fhuilghrúpa le feiceáil, agus ceann amháin díobh greanta i ngach géag den chros: A, B, 0, agus AB. Tá dhá chros chomhshleasacha eile ina stampaí múnlaithe i lár na croise, ceann amháin díobh laistigh den cheann eile, agus braon fola le feiceáil i lár na híomhá sin. Thart timpeall ar an gcros lárnach, tá an chuid íochtair d’ocht bpromhadán, iad ar comhfhad óna chéile agus íomhá stílithe de bhraon fola ina stampa múnlaithe laistigh de gach ceann díobh. Tá íomhá rilífe de bhraon fola le feiceáil idir gach promhadán. Ar thaobh deas an phromhadáin ag an mbun, feicimid na hinisealacha stílithe “MP”, a thagraíonn do dhearthóir na haghaidhe náisiúnta, Mária Poldaufová; ar an taobh clé, tá marc mionta Mhionta Kremnica (Mincovňa Kremnica), is é sin, na litreacha “MK”, agus iad suite idir dhá dhísle. Tá an inscríbhinn “PRVÁ TRANSFÚZIA KRVI 1923 – 2023” (focail arb é is ciall dóibh sa Ghaeilge “an chéad fhuilaistriú”) le feiceáil beagnach an bealach ar fad thart timpeall ar imeall an choda istigh den bhonn. Ar feadh chuid íochtair an imill, taispeántar ainm na tíre is eisitheoir, “SLOVENSKO”, agus ponc ar gach aon taobh de chun é a dheighilt ón inscríbhinn. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 1 000 000

Dáta eisiúna: Márta 2023

Lucsamburg

Ábhar an chomórtha: Comóradh 175 bliain Pharlaimint Lucsamburg

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear sa dearadh, ar thaobh na láimhe clé, samhail den Ard-Diúc Henri agus ar thaobh na láimhe deise, foirgneamh Theach na dTeachtaí. Tá an bhliain “1848” agus an téacs “Chambre des députés” le feiceáil os cionn an fhoirgnimh agus ar a thaobh deas. Sa lár ag an mbun, léirítear ainm na tíre is eisitheoir “LUXEMBOURG”, chomh maith leis an mbliain eisiúna “2023”. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 500 000

Dáta eisiúna: Feabhra 2023

Lucsamburg

Ábhar an chomórtha: Comóradh 25 bliain de bhallraíocht an Ard-Diúc Henri den Choiste Idirnáisiúnta Oilimpeach


Tuairisc ar an dearadh: Léiríonn an dearadh samhail an Ard-Diúc Henri ag féachaint ar dheis agus ar an bhfigiúr “25”. Taispeántar roinnt picteagram de dhisciplíní Oilimpeacha gar don tsamhail. Faoi bhun na samhla, tá trí chiorcail ag trasnú a chéile, rud a chuireann go mór leis an dearadh. Ag an mbun ar dheis, léirítear an téacs “MEMBER VUM INTERNATIONALEN OLYMPESCHE KOMMITEE”. Léirítear ainm na tíre “LËTZEBUERG” chomh maith leis an téacs “GROUSSHERZOG HENRI” ar chlé. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn. 

Líon na mbonn atá le heisiúint: 500 000 

Dáta eisiúna: Feabhra 2023

An Fhrainc

Ábhar an chomórtha: Cluichí Oilimpeacha Pháras 2024

Tuairisc ar an dearadh: 100 bliain atá imithe thart ó bhí príomhchathair na Fraince ina hóstach ar Chluichí Oilimpeacha Pháras in 1924, agus is i bPáras na Fraince arís a bheidh na Cluichí Samhraidh in 2024. Bliain amháin roimh sheoladh na gCluichí Oilimpeacha, tá Monnaie de Paris ag leanúint den cheiliúradh, agus na laethanta á gcomhaireamh aige go dtí tús na gCluichí, trí aird a tharraingt ar a oidhreacht agus ar oidhreacht Pháras féin. Is imeacht é a bhfuil a lorg le sonrú ar fud an domhain agus a gcuirtear dlús leis de réir a chéile le linn na mblianta díreach roimhe, agus tá roinnt mhaith bonn comórtha €2 tiomnaithe do na Cluichí Oilimpeacha cheana féin le blianta beaga anuas. Is léiriú é dearadh an bhoinn ar La Semeuse (an Síoladóir), pearsa náisiúnta agus samhail de mhoneolaíocht na Fraince, ag cleachtadh na dornálaíochta, an spórt ar a dtugtaí pugilism sular tháinig dornálaíocht an lae inniu chun cinn, mar chomhartha aitheantais do na Sean-Chluichí Oilimpeacha. Tá a scáthchruth chun tosaigh os comhair Pont-Neuf agus an áit thart timpeall air, a shamhlaítear le ceantar Île de la Cité, atá ina phríomhghné de thírdhreach Pháras. Sa chúlra, léirítear raon lúthchleasaíochta ina bhfuil suaitheantas Pháras 2024 greanta ar thaobh na láimhe deise. Tá an dáta bliana, na litreacha RF agus na marcanna mionta curtha isteach faoin áirse, ar ráille an droichid agus sa Seine. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 260 000

Dáta eisiúna: Eanáir 2023

An Iodáil

Ábhar an chomórtha: Comóradh 100 bliain an Aerfhórsa

Tuairisc ar an dearadh: Is dearadh é seo ina léirítear macasamhlú an lógó a bhaineann le Comóradh Céad Bliain an Aerfhórsa. An cheannlitir “R” ar thaobh na láimhe clé, tugann sé Mionta na Róimhe le fios; na ceannlitreacha “RI” ag an mbarr, sin an t-acrainm le haghaidh Phoblacht na hIodáile; an inscríbhinn “AERONAUTICA MILITARE”, agus cruth áirse uirthi, a léirítear ag an mbun; ar thaobh na láimhe deise, feicimid “VdS”, inisealacha an dearthóra Valerio De Seta. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 3 000 000

Dáta eisiúna: Eanáir 2023

An Iodáil

Ábhar an chomórtha: Comóradh 150 bliain ó cailleadh Alessandro Manzoni

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear sa dearadh portráid leathfhada de Alessandro Manzoni, portráid atá bunaithe ar íomhá an scríbhneora Iodálaigh mar a léirítear é ar an nóta bainc 100 000 lire a eisíodh in 1967. Feicimid ar thaobh na láimhe clé na ceannlitreacha “RI”, ar acrainm é le haghaidh Phoblacht na hIodáile, na blianta “1873-2023”, mar atá, an bhliain a bhfuair an scríbhneoir bás agus bliain eisiúna an bhoinn, faoi seach, chomh maith leis an inscríbhinn áirsechruthach “ALESSANDRO MANZONI”. An cheannlitir “R” ar thaobh na láimhe deise, tugann sé Mionta na Róimhe le fios, agus feicimid “AV” freisin, inisealacha an dearthóra Antonio Vecchio. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 3 000 000

Dáta eisiúna: Eanáir 2023

An Ghearmáin

Ábhar an chomórtha: Sraith Bundesländer – Hamburg

Tuairisc ar an dearadh: Is léiriú é an dearadh seo ar cheoláras Elbphilharmonie, an sainchomhartha is nuaí in Hamburg. Is léiriú fíor-réadúil ar cheantar Hamburg é íomhá mhionsonraithe iontach an cheolárais, agus an tírdhreach uirbeach muirí ina chúlra aici. Ar thaobh clé an choda istigh den bhonn, tá cód na Gearmáine mar thír is eisitheoir, is é sin, “D”, an bhliain “2023” agus marc mionta an mhionta lena mbaineann (“A”, “D”, “F”, “G” nó “J”). Sa leath ar thaobh na láimhe deise, tá inisealacha an ealaíontóra, agus tá an inscríbhinn “HAMBURG” ag an mbun. Taispeántar 12 réalta bhratach na hEorpa ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 30 000 000

Dáta eisiúna: Eanáir 2023